login

Foghlaim Allamuigh

Is féidir leis an dóigh a bhforbraítear, a n-úsáidtear agus a mbainistítear tailte scoile tionchar nach beag a imirt ar dhearcthaí agus iompar daltaí i leith na scolaíochta, a chéile, an phobail trí chéile agus na sochaí.


D’fhéadfadh daltaí suas le 25% dá gcuid ama a chaitheamh i gclós na scoile. Is mó é sin ná lá amháin sa tseachtain, mar sin de is tábhachtach gurb iad na heispéiris a bhíonn acu ansin na cinn is fearr agus na cinn is dearfaí agus is féidir. Baineann daoine óga teachtaireachtaí agus ciall áirithe as cáilíocht agus cineál a dtimpeallachta. Measann siad leagan amach a dtimpeallachta ina scáth ar an luach a chuireann daoine fásta ar an chomhshaol agus ar na páistí arb iad na príomhúsáideoirí iad.

Is féidir le páistí teachtaireachtaí measctha a fháil ó dhaoine fásta. B’fhéidir go dteagascfaí dóibh, mar shampla, go bhfuil ‘an comhshaol’ tábhachtach agus gur chóir dóibh aire a thabhairt de agus ansin feiceann siad féin go bhfuil drochdhearadh ar thailte a scoile agus gur bocht an aire a thugtar dóibh. Le cur leis an fhocal a chluintear sa seomra ranga, is gá smaointe praiticiúla a chur i bhfeidhm taobh amuigh. D’fhéadfaí gur athchúrsáil agus múiríniú a bheadh i gceist ar thailte na scoile, ag cur speicis dhúchasacha plandaí chun fiabheatha nua a mhealladh, ábhair athchúrsáilte a úsáid le nithe/ fearais a chruthú ar thailte na scoile nó na tailte a chothabháil trí mhodhanna orgánacha.

Bíonn oidhreacht shaibhir ag tailte scoile chomh maith agus is féidir leo bheith ina bhfoinse inspioráide le foghlaim faoi athruithe sa tsochaí, cén fáth agus cén dóigh ar tharla na hathruithe sin agus cén tionchar a bhí acu ar an timpeallacht. Is féidir mórán den churaclam fhoirmiúil a theagasc taobh amuigh agus leoga tá roinnt gnéithe den fhoghlaim nach féidir a theagasc ach amháin taobh amuigh. Is iomaí gné eile den churaclam, áfach, ar fearrde iad úsáid na timpeallachta taobh amuigh.

Le go bhfoghlaimeoidh siad taobh amuigh, caithfidh cuid tailte páistí bheith á bhforbairt agus á mbainistiú dá réir. Is féidir tailte scoile a dhearadh agus a úsáid mar shuíomh le haghaidh ceachtanna – ag úsáid an taobh amuigh chun grúpaí beaga nó rang iomlán a theagasc. Éilíonn a leithéid sin áiteanna oiriúnacha do dhaltaí le teacht le chéile, suíochánra do mhéideanna difriúla grúpaí, scáth agus foscadh ón ghrian, ón ghaoth agus ón fhearthainn, suíocháin atá cruthaithe do dhaoine óga atá ag dul a n-úsáid agus atá fóirsteanach don úsáid áirithe a bhainfear astu.

Is féidir le daltaí foghlaim faoin taobh amuigh trí leabhair, físeáin agus an t-idirlíon. Is mó go mór a fhoghlaimeoidh siad áfach, má bhíonn taithí fhíor acu ar na rudaí a mbíonn siad ag foghlaim fúthu. Cuimhneoidh siad níos fearr ar na mionainmhithe a bhfuil siad ag fáil amach fúthu má bhíonn faill acu iad a láimhseáil seachas go díreach na pictiúir a fheiceáil. Tuigfidh siad cén dóigh a ngluaiseann an ghrian thart ar an spéir ag cruthú scáileanna difriúla ag amanna difriúla sa bhliain agus sa lá má fheiceann siad é ag tarlú ina gcuid tailte scoile féin.

Foghlaimíonn daltaí ar bhealaí difriúla agus do chuid acu, ba dheacair suí ag deasc an lá ar fad. Do mhórán de na daltaí sin, ba shuimiúla go mór na ceachtanna ach iad seans a fháil dul amach go díreach cionn is go mbeidh siad saor ón iallach a bhaineann le suí taobh istigh. Is iomaí múinteoir a labhraíonn faoi na hathruithe iontacha a fheiceann siad i ndaltaí a streachail le foghlaim ar na dóigheanna traidisiúnta, agus ag an am céanna taitníonn an dúshlán leo bheith ag foghlaim ar dhóigh níos praiticiúla le daltaí atá níos éirimiúla.

Tá am súgartha agus am lóin an-tábhachtach do dhaltaí. Ar an bhunscoil dóibh imríonn páistí cluichí éagsúla, roinnt acu gníomhach, roinnt machnamhach, roinnt cruthaitheach agus roinnt sóisialta ina nádúr. Caithfidh áit a dhéanamh do na cineálacha difriúla súgartha seo uilig agus na tailte a fhorbairt ar dhóigheanna a thacaíonn leis sin.

In iar-bhunscoileanna athraíonn an cás. Éiríonn an ghné shóisialta de thailte na scoile níos tábhachtaí agus bíonn níos lú tábhachta ag baint leis an súgradh, mura peil é! Tá tábhacht go fóill, áfach, leis na tréimhsí seo taobh amuigh, mar gur deis iad ag daoine óga dul i dtaithí ar a dtimpeallacht agus aithne níos fearr a chur ar a chéile.

Ag an iar-bhunleibhéal tá deis ann tuiscint níos doimhne a fháil ar an timpeallacht agus ar fhorbairt inbhuanaithe tríd an tíreolaíocht, an eolaíocht, an TF agus an teicneolaíocht deartha agus an seans baint dhíreach a bheith acu leo trí staidéar saoránachta.

Tuilleadh eolais

Cuideoidh an doiciméad eolasach seo le tú a threorú trí na tairbhí a théann le Foghlaim Allamuigh, conas dul ann agus roinnt samplaí den dóigh ar féidir na gníomhaíochtaí a nascadh leis an churaclam le pleananna ceachta samplacha.”

Samharc go bhfeice tú cad é mar a d’fheabhsaigh Éicea-Scoileanna eile a dtailte scoile i roinn na gCás-Staidéar. Tugann roinn na gComhpháirtithe sonraí ar eagraíochtaí a dtig leo cuidiú leat feabhas a chur ar thailte do scoile.