login

Uisce

Gné ríthábhachtach dár saol is ea an t-uisce. Úsáidimid é ní go díreach le hól agus le ní ach sa tionscal, sa talmhaíocht agus i ndéantús chóir a bheith gach cineál táirge, ó bhurgair mhairteola agus cannaí stáin go nuachtáin agus carranna.

D’fhás ár n-éileamh ar uisce go dtí an pointe nach féidir le timthriall nádúrtha an uisce cos a choinneáil linn. De dheasca an truaillithe, a tháinig go príomha ó eisileadh séarachais agus ó sceitheadh ceimiceach, tá an t-uisce glan anois ina thráchtearra gann agus luachmhar.

Tá níos lú ná 2% de sholáthar uisce an domhain ina fhionnuisce úr.

Dá nglacfá cith in áit folctha shábhálfá a oiread uisce gach seachtain le 1,000 cupán tae a dhéanamh.

Úsáideann aisréadóir/spraeire garraí a oiread uisce i leathuair agus a dhéanfadh teaghlach de cheathrar sa lá.

Tá ról tábhachtach le himirt ag eagraíochtaí uisce i mbainistiú, cóireáil agus dáileadh soláthar uisce lena chinntiú go bhfreastalaítear ar ár n-éileamh le haghaidh uisce úr glan. Ach tá an próiseas seo costasach– agus is costasaí arís a éireoidh sé de réir mar a fhásfaidh an t-éileamh ar uisce.

Ní chosnaíonn uisce é féin aon airgead ach díolaimid comhlachtaí uisce as uisce a athchúrsáil le cur leis an phróiseas nádúrtha athchúrsála galaithe agus fearthainne. Mar is mó a chuirimid uisce amú agus mar is mó a éiríonn soláthair nádúrtha truaillithe, mar is déine a chaithfidh comhlachtaí uisce a oibriú lena chinntiú go mbíonn a oiread den uisce glan againn agus a bhíonn de dhíth orainn – rud a chiallaíonn billí uisce níos airde.

Uisce agus Scoileanna

Caitheann scoileanna thart ar £106m sa bhliain ar uisce. Is féidir le hiar-bhunscoil mhór suas le £20,000 a chaitheamh. D’fhéadfadh bainistíocht chúramach uisce i gcuideachta clár éifeachtach oideachais úsáid an uisce a laghdú faoi dhá dtrian. Shábhálfadh sé sin thart ar £5,000 sa bhliain ar scoil ina mbeadh 600 dalta.

Is féidir le scoileanna an méid uisce a chaitheann siad a ísliú trí mheasúnú a dhéanamh ar an mhéid a úsáideann siad gach lá agus trí amharc ar mhéid a méadair, ag aithint poll agus sileán, ag coigeartú an ráta sreafa ar sconnaí agus ag laghdú an méid uisce a úsáidtear i leithris.

Northern Ireland Water - Stop Internal Flooding

Féach thíos le haghaidh eolais faoi chomórtas seo le do thoil.

  • Competition Instructions
  • Multiple choice questions (Children)
  • Multiple choice questions (Teacher)
  • Schools Letter
  • School Competition Poster
  • Tuilleadh eolais

    Is iomaí Éicea-Scoil a thug aghaidh ar chostais uisce agus fóntas mar chuid dá bPlean Gníomhaíochta. Tabhair cuairt ar roinn na  gCás-Staidéar  le haghaidh tuilleadh sonraí ar dhul i ngleic leis na saincheisteanna seo. Is fiú fosta amharc ar roinn na gComhpháirtithe  le haghaidh tuilleadh sonraí ar eagraíochtaí a dtig leo cuidiú le do scoil an méid uisce a úsáidtear a laghdú.