login

Mara

Tugadh Topaic na Mara isteach in Éicea-Scoileanna Thuaisceart Éireann in 2019. Iarrtar ar scoileanna breathnú ar ghnéithe uile na timpeallachta muirí ilghnéithí: cad é a mhaireann sna fharraige s’againn, cén fáth a bhfuil sí tábhachtach againn, cad iad na bagairtí atá uirthi agus cén dóigh ar féidir linn í a chosaint mar fharraige?

Is féidir le gach scoil sult a bhaint as an topaic seo ní amháin iad siúd atá cois farraige. An raibh a fhios agat nach mbíonn tú riamh níos faide ná 35 míle ón fharraige? Is náisiún oileánda muid agus is as sin a eascraíonn cuid mhaith dár bhféiniúlacht chultúrtha. Tá an t-uisce uilig ar an phláinéad ceangailte agus is cuid de thimthriall mór amháin uisce é.

Tá cuireadh ar scoileanna cúrsaí uisce ó fhoinse go farraige a fhiosrú. Is féidir leis an rud a imíonn síos na draenacha s’againn agus isteach sna haibhneacha a bhealach a dhéanamh a fhad leis an fharraige agus an bheatha ansin a bheith thíos leis. Fiú amháin thuas ar an abhainn, bíonn tionchar ag na gníomhartha a dhéanann tú ar an timpeallacht mhuirí agus tú i do bhaile féin agus i do scoil féin. Le chéile, déanaimis gníomhartha dearfacha agus bíodh tionchair dheimhneacha acu.

Cén fáth a bhfuil an timpeallacht mhuirí chomh tábhachtach sin?

Clúdaíonn na haigéin 70% den phláinéad agus tá siad ríthábhachtach do gach uile rud beo ar an domhan. Cuireann siad 50% d’ocsaigin s’againn ar fáil agus is baile ag réimse leathan créatúr iad ón fhíteaplanctón is lú go dtí an mamach is mó ar domhan, an mhíol ghorm. Cuireann siad bia, acmhainní eile agus fóillíocht ar fáil dúinn. I mbeagán focal, is cuid luachmhar den éiceachóras ina iomláine na haigéin a thugann beatha don Domhan.

Níl taiscéaladh déanta againn ach ar thart ar 5% den aigéan agus thug níos lú daoine daonna cuairt ar na codanna is doimhne di ná ar an ghealach. Cé aige a bhfuil a fhios cad é atá le haimsiú againn go fóill.

Bagairtí ar an timpeallacht mhuirí

Is iomaí sin cineál bagairtí ar an timpeallacht mhuirí ach ar an drochuair is coitianta foinse amháin acu thar na cinn eile – an cine daonna.

Bruscar Muirí

Is é is bruscar muirí ann ábhar saorga ar bith a chríochnaíonn sa timpeallacht mhuirí i ndiaidh a chaillte nó a chaite ar muir nó i dtír. Cuimsíonn an téarma “bruscar muirí” réimse ábhar a caitheadh d’aon turas, nó a cailleadh de thaisme ar an trá nó ar an fharraige, agus áirítear leis sin ábhair a iompraítear amach san fharraige ón talamh, na haibhneacha, na draenacha agus na córais séarachais, nó le gaoth. Is féidir le fiadhúlra muirí dul i bhfostú i dtrealamh iascaireachta atá caite i leataobh agus thig leo tachtadh dá bharr.

An raibh a fhios agat go meastar go n-éalaíonn ar a laghad 8 milliún tonna de phlaistigh isteach sna farraigí s’againn gach bliain? Is ionann sin agus leoraí bruscair a bheith á dhumpáil amach san aigéan gach bomaite. Is plaisteach é 80% den bhruscar a thagann i dtír ar na tránna s’againn. Is é an plaisteach is cúis le dochar gan áireamh as siocair nach bhfuil sé in-bhithmhillte; briseann sé síos ina phíosaí níos lú agus níos lú arís agus ansin alpann fiabheatha mhuirí de gach méid é, an planctón is lú ag bun an tslabhra bhia go fiú!

Is minic a mharaíonn an plaisteach fiabheatha mhuirí a dhéanann iarracht é a ithe; ag líonadh bholg na n-ainmhithe ionas is go mothaíonn siad lán, agus tagann bás le hocras nó bíonn na córais díleá blocáilte nó tachta. Is fadhb dhomhanda í seo a fheictear inár gcuid uiscebhealaí féin. Thángthas ar fhulmairí marbha a chuaigh i dtír ar chóstaí na Mara Thuaidh agus 34 píosa plaistigh ar an mheán sa chóras díleá acu.

Tá ceisteanna eile truaillithe a eascraíonn as rith chun srutha ó loingseoireacht, tionsclaíocht, talmhaíocht agus séarachas agus uachtar gréine fiú.

Athrú Aeráide

Cuidíonn na haigéin chun fuinneamh (teas) a shú isteach agus é a scaipeadh níos cothroime ar fud an domhain. Súnn siad isteach an dé-ocsaíd charbóin (CO2) fosta agus is iad atá freagrach as téamh an phláinéid a mhoilliú, téamh a tharlaíonn de bharr astaíochtaí saorga dé-ocsaíd charbóin. As siocair go mbíonn na farraigí ag ionsú ár gcuid fuinnimh, tá de sheachthoradh leis sin go gcaithfidh fiabheatha mhuirí oiriúnú do theochtaí atá ag ardú, rud a chothódh deacrachtaí. Ar an drochuair, is é a tharlaíonn mar thoradh ar an dé-ocsaíd charbóin a shú isteach go mbíonn na haigéin s’againn níos aigéadaí agus go mbíonn drochthionchar aige sin ar na créatúir a chónaíonn ansin – go háirithe sliogéisc agus coiréal. De réir mar a ardaíonn teochtaí domhanda, is dócha go n-ardóidh na leibhéil farraigí agus cothóidh sé sin deacrachtaí don 2.4 billiún duine daonna a chónaíonn sna ceantair chósta– 40% de phobal an domhain.

Ró-iascaireacht

Tarlaíonn ró-iascaireacht nuair a dhéantar oiread sin iasc a ghabháil nach féidir an t-iasc a chaomhnú a thuilleadh. Meastar go ndéantar ró-iascaireacht ar 29% de stoc éisc an domhain. Le 40 bliain anuas, tá 39% de stoc éisc an domhain imithe as.

Cad é is féidir le scoileanna a dhéanamh?

  • Feasacht a ardú maidir le hiontais na timpeallachta muirí agus an fáth a bhfuil sí chomh tábhachtach sin don bheatha sa domhan.
  • Ceisteanna faoi thruailliú ó phlaisteach a iniúchadh agus feachtas a reáchtáil chun úsáid na bplaisteach a laghdú i do scoil, i do phobal áitiúil agus sa bhaile agus fócas ar leith ar phlaisteach aon úsáide a chosc.
  • Do cheantar, sruthán nó cósta áitiúil a ghlanadh. An scéal a chur i mbéal an phobail agus an pobal áitiúil a bheith rannpháirteach sna gníomhartha s’agat.
  • Beart ar son na haeráide a dhéanamh: crainn a chur, astaíochtaí carbóin a laghdú trí níos lú fuinnimh a úsáid agus modhanna iompair a athrú, scríobh chuig d’fheisire parlaiminte ag éileamh beart ar son na haeráide.
  • A bheith ar an eolas maidir le ceisteanna ró-iascaireachta agus cinneadh a dhéanamh iasc inbhuanaithe a ithe ar scoil agus sa bhaile. Fiosruithe a dhéanamh ag an ollmhargadh áitiúil – an ar bhonn inbhuanaithe a fuarthas an t-iasc a dhíoltar?

Tá cuid mhór mhaith acmhainní ann chun cuidiú leat aghaidh a thabhairt ar an topaic seo lena n-áirítear acmhainn i gcomhair na Topaice Fiadhúlra Muirí Éicea-Scoileanna. I measc áiteanna maithe eile chun spreagadh a fháil, breathnaigh ar Plastic Oceans, Ulster Wildlife, Think before you Flush.