login

Dramhaíl

Is é is dramhaíl nó fuíollábhar ann an méid a chaitheann daoine ar shiúl mar nach mbíonn sé de dhíth orthu nó nach mian leo é a thuilleadh. Cruthaíonn chóir a bheith gach rud a dhéanaimid bruscar éigin agus mar shochaí táimid faoi láthair ag giniúint níos mo dramhaíola ná mar a rinne muid riamh.

Cookstown Textile Recyclers logo

Is é Athchúrsáil Teicstílí na Coirre Críochaí a thugann urraíocht don topaic seo agus is iad a eagraíonn an scéim Airgead ar Ghiuirléid a bhfuil oiread sin scoileanna ar fud Thuaisceart Éireann ag baint tairbhe aisti. Leis an chomhpháirtíocht seo a cheiliúradh, is cúis bróid do Keep Northern Ireland Beautiful comórtas Airgead ar Ghiuirléid a fhógairt. Chun sonraí iomlána a fháil amharc ar fhógrán an chomórtais ar an leathanach Comórtais s’againn.

Sa RA, gineadh níos mó ná 300milliún tona dramhaíola i 2011. Áirítear leis sin an fuíollábhar ó thithe, comhlachtaí agus tionscail agus cé gur lú é ná mar a bhí ann blianta roimhe sin, go fóill is ionann é agus tuairim is 460kg dramhaíola in aghaidh an duine sa RA. Bhailigh Comhairlí i dTuaisceart Éireann chóir a bheith 1 mhilliún tona dramhaíola ó theaghlaigh i 2011. Is deacair agus is costasach an rud é fáil réitithe de dhramhaíl. Críochnaíonn a mhórchuid seo i bpoill sa talamh (láithreáin líonadh talún) nó dóitear í i loisceoirí. Is minic gur lú an méid fuinnimh a theastaíonn chun rudaí a dhéanamh as ábhair athchúrsáilte agus is lú an truailliú a ghintear. Tá sé sin tábhachtach más fúinn an domhan a choinneáil ina áit álainn le maireachtáil ann. Má dhéanaimid ár gcuid bruscair a athchúrsáil, is lú an méid a bheidh orainn a chur i dtalamh nó a dhó i loisceoir. Tá na láithreáin líonadh talún ag éirí líonta cheana féin agus tá imní ann faoin tionchar atá ag láithreáin líonadh talún agus ag loisceoirí ar shláinte daoine agus ar thruailliú. Má dhéanaimid rudaí nua trí sheanrudaí a athchúrsáil, sábhálfaimid acmhainní. Déantar plaisteach, cuir i gcás, as ola. Tiocfaidh lá agus beidh an ola rite caite ach má dhéanaimid plaisteach as seanphlaisteach athchúrsáilte ní gá dúinn a oiread céanna ola a úsáid!

Cad iad na roghanna eile ar bhruscar a chaitheamh ar shiúl? Is mó agus is mó a bhíonn an Rialtas ag tathant ar dhaoine an méid bruscair a ghineann siad sa chéad dul síos a laghdú.

Le cur leis an laghdú ar an mhéid dramhaíola a ghinimid, tugann an rialtas agus taighdeoirí comhshaoil an chomhairle dúinn go gcaithfidh daoine, sa chás gur féidir leo go praiticiúil agus le tairbhe, na céimeanna seo a leanas a ghlacadh:

  • Laghdaigh ar an dramhaíl –próisis déantúsaíochta a athrú sa dóigh go n-úsáidtear níos lú ábhar nó nósanna custaiméara a athrú sa dóigh go gceannaítear níos lú ábhar dramhaíola.
  • Athúsáid –earraí agus táirgí a roghnú is féidir a úsáid arís.
  • Athchúrsáil – a chinntiú go bpróiseáiltear dramhaíl agus go ndéantar táirge eile di áit ar bith ar féidir. Is athchúrsáil é múirín a dhéanamh fosta: próiseáiltear na cothaithigh i bhfuíollábhar orgánach agus téann siad ar ais san ithir a chuidiú le tuilleadh plandaí fás.

Dramhaíl agus Scoileanna

Cruthóidh aon fhoirgneamh nó timpeallacht ina mbíonn daoine ina gcónaí nó ag obair, cruthóidh sé méid áirithe dramhaíola, agus ní taise do na scoileanna é. Den chuid is mó, is as bia, páipéar agus dramhaíl phacáistithe ar nós cumhdaigh mhilseáin is mó a bhíonn i gceist le dramhaíl scoile. B’fhéidir fosta go mbeadh beagán gloine, miotail agus plaisteach tríd.

Téann laghdú ar dhramhaíl chun tairbhe do scoileanna ar roinnt bealaí. Is féidir le scoileanna airgead a shábháil ar chostais diúscartha, ag brath ar an chóras diúscairt bhruscair sa cheantar s’agat, tríd an mhéid bruscair a ghineann siad a laghdú agus is féidir leo fosta airgead a thuilleamh trí ábhair atá le hathchúrsáil a dhíol.

Is ábhar maith le hathúsáid é an páipéar. An úsáidtear dhá thaobh bhileoga páipéir sula gcaitear ar shiúl iad? B’fhéidir chun dramhaíl a laghdú gur gá amharc arís ar na cineálacha acmhainní a cheannaíonn scoileanna agus smaoineamh ar dhóigheanna le gearradh siar.

Is minic a bhraitheann cad é chomh furasta nó chomh praiticiúil agus atá sé agat dramhaíl a athchúrsáil ar na háiseanna atá i do cheantar. Beidh seirbhís ag roinnt scoileanna a thógann a gcuid ábhar in-athchúrsáilte ach i gcás scoileanna eile beidh orthu féin a gcuid ábhar a thabhairt chuig bainc athchúrsála.

D’eisigh An Roinn Comhshaoil, Bia agus Tuaithe (Defra) treoirlínte a deir go soiléir gur féidir le comhairlí, a bhailíonn ábhar in-athchúrsáilte ó scoileanna, an méid dramhaíola a shábháiltear ó líonadh talún ar an dóigh sin, a chur san áireamh i dtreo a spriocanna íoslaghdúchán dramhaíola féin. Ciallaíonn sé sin go bhfuil níos mó comhairlí toilteanach tacú le fiontair athchúrsála i scoileanna, mar go gcuidíonn sé leo a gcuid spriocanna féin a bhaint amach. Má theipeann ar chomhairle na spriocanna íoslaghdúchán dramhaíola a shocraigh an Rialtas a bhaint amach, cuirfear fíneáil orthu.

Tuilleadh Eolais

Lena fheiceáil cad é mar a dhéanann Éicea-Scoileanna eile laghdú, athúsáid agus athchúrsáil ar a gcuid dramhaíola tabhair cuairt ar roinn na gCás-Staidéar. Tugann Roinn na Nasc agus na nAcmhainní sonraí fosta ar eagraíochtaí a bheidh ábalta cuidiú le do scoil dul i ngleic le dramhaíl.