login

Maireachtáil Fholláin

Buíochas do na meáin agus do leithéidí an cheiliúráin chócaireachta, Jamie Oliver, tá ceist sláinte ár bpáistí anois ina saincheist chorraitheach. Leoga deirtear gurb é an ghlúin reatha de dhaoine óga a bheidh ar an chéad dream sa stair ar ísle a n-ionchas saoil ná ceann a dtuismitheoirí.

Tá staid na sláinte s’againn bainte ní hamháin lenár leas fisiceach fadtéarmach ach fosta le fachtóirí mothaolacha agus sóisialta – ár sonas, muinín agus dearcadh ginearálta i leith an tsaoil. Tá coibhneas soiléir chomh maith idir sláinte agus gnóthachtáil oideachasúil. Cuireann drochshláinte bac ar rath oideachasúil agus is mór an tionchar a imríonn rath oideachasúil ar fhéidearthachtaí sóisialta agus eacnamaíocha, agus ar roghanna i dtaobh sláinte.

Léirítear i suirbhé a d’fhoilsigh an Roinn Sláinte in 2017:
  • Go ndeir duine as gach triúr (35%) páistí idir 11-15 bliana d’aois go bhfuil siad imníoch faoina sláinte mheabhrach.
  • Nach bhfuil ann ach 17% de ghasúir agus  8% de ghirseacha a chloíonn leis an mhéid gníomhaíocht choirp a mholtar, is é sin 1 uair aclaíochta sa lá. 
  • Go n-itheann 67% de pháistí glasraí an chuid is mó den tseachtain, méadú de 5% in 2000, agus go ndeir 76% acu go n-itheann siad torthaí an chuid is mó de na laethanta ach nach bhfuil ann ach 17% a itheann an 5 phíosa a mholtar sa lá.
  • Go bhfuil 25% de pháistí róthrom nó otrach de réir suirbhé eile sláinte i dTÉ (2015/16)
  • Go bhfuil laghdú tagtha ar an líon daoine óga a bhíonn ag caitheamh le blianta beaga anuas go 4% in 2016, agus gan aon difear mór idir gasúir (4%) agus girseacha (5%).
  • Go bhfuil leatrom á imirt de réir tuairisc an Chumainn Náisiúnta um Chosaint Leanaí in 2017 ar 35% d’ógánaigh idir 11-17 mbliana d’aois (trí bhulaíocht nó trí ionsaí) ó phiara leo sa bhliain roimhe, agus chóir a bheith 60% a raibh taithí acu ar a leithéid le linn a saoil.

Maireachtáil Fholláin agus Scoileanna

Le go mbeadh siad sláintiúil, is é atá de dhíth ar pháistí agus ar dhaoine óga dáiríre: teaghlach, baile, scoil, roinnt cairde, áit éigin le súgradh, todhchaí agus rochtain ar chóir leighis agus ar sheirbhísí tacaíochta. Ní beag an ról atá ag scoileanna i soláthar na riachtanas sin. Meastar go gcaitheann páistí ar an mheán 15,000 uair ar scoil. Is tréimhse é saol na scoile nuair is furasta rud a chur ina luí ar dhaoine óga, agus tiocfaidh an chuid is mó de dhaltaí, ag am éigin, faoi thionchar réimse brúnna sóisialta arbh fhéidir leo dul i gcion ar a sláinte, ó leithéidí bulaíochta agus strus scrúduithe go piarbhrú agus ag baint triail as toitíní nó drugaí a chaitheamh.

Tá ról lárnach ag scoileanna i gcur chun cinn sláinte agus leas daoine óga agus an phobail trí chéile ar na dóigheanna seo a leanas. Is féidir leo:

  • Struchtúr agus seasmhacht a chur ar fáil do dhaltaí agus deiseanna le haghaidh idirchaidrimh shóisialta.
  • Tacaíocht mhothúchánach a chur ar fáil agus timpeallacht thacúil, shlán a chruthú a chuirfidh muinín ar dhaltaí foghlaim.
  • Bheith gníomhach ag cur chun cinn na sláinte tríd an churaclam agus sa dóigh a ndéantar an scoil a bhainistiú, maidir lena cultúr agus a héiteas.
  • Tionchar a imirt ar an chineál béilí a dháiltear amach sa cheaintín agus roghanna níos sláintiúla a sholáthar do dhaltaí trí shiopaí sólaistí nó trí mheaisíní díola.
  • Idir dhaltaí agus bhaill foirne a spreagadh le bheith níos aclaí taobh istigh agus taobh amuigh den scoil.
  • Cuidiú le daltaí an t-eolas, na scileanna agus an dearcadh cuí a bheith acu a bheidh mar dhúshraith taobh thiar dá sláinte fhadtéarmach.

Tuilleadh Eolais

Tugann roinn na gCás-Staidéar sonraí ar an dóigh a dtig le hÉicea-Scoileanna stíl fholláin mhaireachtála a chur chun cinn.  Sa roinn Acmhainní gheobhaidh tú sonraí ar réimse eagraíochtaí a dtig leo cuidiú a ofráil do do scoil ar shaincheisteanna stíl fholláin mhaireachtála.