login

Fuinneamh

Biodiversity

Údar imní domhanda is ea ídiú an fhuinnimh. Tá ról tábhachtach ag gach duine, ar a n-áirítear pobail scoile, chun feasacht a ardú ar shaincheisteanna fuinnimh agus feabhas a chur le héifeachtúlacht fuinnimh.

Fuinneamh i Scoileanna

Scaoileann an fuinneamh a bhíonn de dhíth le haghaidh téamh, soilsiú agus cumhachtú trealamh gnáthsheomra ranga, scaoileann sé thart ar 4,000 kg CO2 gach bliain – go leor le ceithre bhalún te a bhfuil trastomhas 10 méadar acu a líonadh. Caitheann scoileanna sa RA tuairim is £450m ar fhuinneamh gach bliain, trí oiread an mhéid a chaitheann siad ar leabhair, agus thart ar 3.5% dá mbuiséad.

Caithfidh roinnt scoileanna ceithre huaire níos mó in aghaidh an dalta ná scoileanna eile cosúil leo sa réigiún céanna. Is minic a bhaineann an difear lena éifeachtaí a bhainistíonn scoileanna a n- úsáid fuinnimh. Taispeánann suirbhéanna gur féidir le scoileanna, trí bhearta ísealchostais agus gan chostais, a mbillí breosla a ísliú faoi suas le 10% agus ag an am ceanna a n-astuithe CO2 a laghdú.

Caithfidh scoileanna a bhfuil achar urláir níos mó ná 1000m² acu Teastas Léiriú Fuinnimh (DEC/TLF) a bheith acu. Tá sé sin amhlaidh ó dheireadh Nollaig 2008. Tugadh TLFnna isteach chun feasacht phoiblí a ardú ar fhíorúsáid fuinnimh agus ar éifeachtúlacht fuinnimh na bhfoirgneamh a mbíonn siad ar cuairt acu. Léiríonn Teastas TLF fíorúsaid fuinnimh foirgnimh ar scála A-G mar a mbíonn A ann don éifeachtúlacht is mó fuinneamh agus G don chuid is lú. Tá an teastas cosúil leo siúd a bhíonn de dhíth i leith cuisneoirí agus earraí nua bána eile.

Caithfidh an TLF bheith ar taispeáint in áit fheiceálach ar radharc an phobail. Caithfear a athnuachan gach bliain agus caithfidh ‘tuairisc chomhairleach’ a bheith leis ina liostaítear na bearta chun feabhas a chur ar an fheidhmíocht. Tá an tuairisc sin bailí go ceann seacht mbliana tráth ar gá é sin a leasú chun dáta fosta, ach ní gá go mbeadh sí ar taispeáint i gcuideachta an TLF.

Tuilleadh Eolais

Leanfaidh úsáid fuinnimh uirthi ag méadú. Má leanann treochtaí ídiú fuinnimh ar aghaidh mar atá, ríomhtar go n-ardóidh ídiú domhanda fuinnimh agus astuithe CO2 faoi chóir a bheith 50% os cionn leibhéil 1993 faoin bhliain 2020 (?)

Tá níos mó fianaise ann anois ar théamh domhanda. Idir 1949 agus 1989, mhéadaigh teochtaí dromchla aigéan trópaiceach faoi leathchéim Celsius. Ón bhliain 1983, tá ísliú 8% sa chumhdach sneachta ar ilchríocha an leathsféir thuaidh.

Caithfidh gach Éicea-Scoil iniúchadh fuinnimh a dhéanamh mar chuid den Athbhreithniú Timpeallachta s’acu agus ansin spriocanna a shocrú le húsáid neamhriachtanach fuinnimh a laghdú tríd an Phlean Gníomhaíochta. Tá roinnt cás-staidéar liostaithe thuas ó scoileanna a thug faoi Thopaic an Fhuinnimh. Is fiú fosta cuairt a thabhairt ar roinn na gComhpháirtithe le haghaidh tuilleadh eolais ar na dóigheanna ar féidir lenár gComhpháirtithe Soláthair comhairle a chur ar scoileanna agus cuidiú leo a n-úsáid fuinnimh a laghdú.