login

A thabhairt isteach

Síleann a lán daoine óga a mhór de shaincheisteanna comhshaoil agus is mian leo athrú dearfach a dhéanamh sa timpeallacht ina mbíonn siad. Tugann an clár Éicea-Scoileanna modh iontach dúinn chun feasacht comhshaoil a chothú sa scoil ar fad ar dhóigh a nascann lena lán ábhar curaclaim.Is é príomhaidhm Chlár Éicea-Scoileanna daoine óga a oiliúint agus a chumasú chun cinntí dearfacha a dhéanamh agus a bheith ina ngníomhaithe le haghaidh an athraithe i ndomhan atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

Walker Memorial Primary School receiving NI's 1000th Green Flag

Tá Éicea-Scoileanna Iomlánaíoch.

Tá rún againn go mbeadh feasacht agus gníomh comhshaoil mar dhlúth agus inneach i saol agus éiteas scoile. Ba chóir go gclúdódh sé sin na daltaí, na múinteoirí, an fhoireann choimhdeach agus na tuismitheoirí chomh maith leis an údarás áitiúil, na meáin agus gnólachtaí áitiúla. Déanann Éicea-Scoileanna iarracht an fhoghlaim a shíneadh taobh amuigh den seomra ranga agus dearcthaí agus tiomantas freagrach a fhorbairt sa bhaile agus sa phobal trí chéile. Cionn is a chur chuige rannpháirtíochta agus an ceangal a dhéanann sé idir an fhoghlaim agus an gníomh is dóigh idéalach é do scoileanna tabhairt faoi thimpeallacht scoileanna agus a bpobal áitiúil a fheabhsú, agus le dul i gcion ar shaol daoine óga, foirne scoile, teaghlaigh, údaráis áitiúla, ENRanna agus gach grúpa eile atá bainteach leis an réimse oibre fíorthábhachtach seo.

Breathnaigh an físeán taitneamhach seo go bhfeice tú agus go gcluine tú tairbhí Éicea-Scoileanna do dhaltaí agus do mhúinteoirí.

Scannán a rinneadh ag Comhdháil Mhúinteoirí Éicea-Scoileanna 2018.

Eco-Schools Teachers Conference 2018 from Eco-Schools Northern Ireland on Vimeo.

Scannán a rinneadh ag Comhdháil Mhúinteoirí Éicea-Scoileanna 2017.

Eco Schools, Keep Northern Ireland Beautiful from Claire Lundy on Vimeo.

Is clár oideachas comhshaoil idirnáisiúnta é Éicea-Scoileanna.

Forbraíodh an clár Éicea-Scoileanna i 1994 ar an bhonn gur ghá go mbeadh daoine óga páirteach i réitigh a aimsiú ar na dúshláin a bhain le forbairt inbhuanaithe agus an comhshaol ag an leibhéal áitiúil, faoi mar a leag Comhdháil NA um Chomhshaol agus Forbairt amach iad i 1992. Is balleagraíochtaí de chuid na Fondúireachta um Oideachas Imshaoil a thionscain an clár le tacaíocht ón Choimisiún Eorpach.

Tá an clár á chur i bhfeidhm anois ar fud an domhain: tá scoileanna san Eoraip, san Afraic, i Meiriceá Thuaidh, Meiriceá Theas, san Aigéine agus san Áis ag gabháil dó. Tá an líon Éicea-Scoileanna ag fás de réir mar a thugann níos mó agus níos mó scoileanna faoin dúshlán agus a dtimpeallacht a fheabhsú trí oideachas agus trí ghníomh. 67 thír agus caoga anois tiomanta do chlár Éicea-Scoileanna, agus iad ag roinnt na modheolaíochta agus na gcoincheap céanna, agus aithnítear iad faoi lógó agus Bhrat Glas Éicea-Scoileanna.

Is éicea-lipéad aitheanta é Brat Glas Éicea-Scoileanna a bhfuil meas air i dtaca le hoideachas agus feidhmíocht chomhshaoil agus bronntar é ar scoileanna a rinne an-dul chun cinn ina gclár. Abhus i dTuaisceart Éireann, is é Keep Northern Ireland Beautiful, carthanas comhshaoil, a chuireann an Clár Éicea-Scoileanna i bhfeidhm. Tugann mórchuid na n-údarás áitiúil agus ár bpáirtnéirí Soláthair tacaíocht phraiticiúil fhíorluachmhar don chlár chomh maith.

Tá Tuaisceart Éireann áirithe sa naoú háit as naoi thír is caoga atá ag glacadh páirte de thairbhe líon a scoileanna a bhfuil Stádas an Bhrait Ghlais acu. Is muid an chéad stát ar domhan fosta a bhronn Brat Glas ar cheann dá chuid scoileanna. Ba í sin Downpatrick Nursery School ar 15 Meitheamh 1994. Is éacht iontach é sin agus ábhar mór bróid do Thuaisceart Éireann.

Tá gach scoil i dTuaisceart Éireann cláraithe anois le Clár Éicea-Scoileanna. Bronnadh an 1000ú Brat Glas i dTuaisceart Éireann ar Walker Memorial Primary School, Dún Geanainn, i mí na Bealtaine 2017.

Is é seo an deis daoibhse páirt a ghlacadh i gclár idirnáisiúnta le pobal scoileanna atá ag fás as éadan agus iad ar fad tiomanta don Oideachas Comhshaoil agus don Fhorbairt Inbhuanaithe.

Tá Éicea-Scoileanna ina chlár agus ina Scéim Bhronnta Gradam.

Is féidir le haon scoil a úsáideann na treoirlínte ar an suíomh gréasáin seo nó sa lámhleabhar an clár a oiriúnú le freastal ar a cuid riachtanas féin. Cé gur ar scoileanna a chríochnóidh go sásúil buneilimintí uilig an chláir Éicea-Scoileanna a bhronnfar Gradam an Bhrait Ghlais, ba chóir cuimhneamh go bhfuil an clár solúbtha, agus go n-aimseoidh scoileanna éagsúla bealaí éagsúla chun stádas Éicea-Scoile a bhaint amach.

Is clár fadtéarmach é Éicea-Scoileanna.

Is é an Brat Glas an gradam is airde atá ag Éicea-Scoileanna. Is féidir é seo a chur ar foluain taobh amuigh den scoil nó san fhorhalla. Is gá a choinneáil i gcuimhne áfach, gurb é atá sa chlár laghdú leanúnach ar thionchar na scoile ar an timpeallacht. Mar sin de, is gá an gradam a athnuachan gach dhá bhliain.