login

Bruscar

Is é an aidhm atá leis an Topaic ar Bhruscar feasacht a ardú faoin tionchar a bhíonn ag bruscar ar an timpeallacht s’againn. Tá sé tábhachtach go gcuireann do scoil polasaí bruscair i bhfeidhm le feabhas a chur ar cháilíocht chomhshaoil na scoile agus an cheantair áitiúil. 

Tionscadal ‘Litter Less’ Wrigley

Wrigley Company Foundation logo

Is cúis lúcháire dúinn ag Éicea-Scoileanna tionscadal nua a fhógairt don téarma nua a bhfuil sé d’aidhm aige bruscar a laghdú agus athrú iompraíochta fadtéarmach a thabhairt i gcrích i measc óige an domhain. Beidh an tionscadal seo ag titim amach ar fud an domhain agus tabharfaidh se an seans do scoileanna áitiúla ceangal a dhéanamh le scoileanna i dtíortha eile. Le haghaidh na sonraí uilig ar an tionscadal seo, téigh i dteagmháil le Ruth Van Ry.

Ligeann topaic an bhruscair do dhaltaí a thaispeáint fosta gur próiseas leanúnach é laghdú agus cosc ar bhruscar a bhaineann leis an phobal iomlán scoile.

An dóigh is fearr le cur síos a dhéanamh ar bhruscar gur dramhaíl é san áit chontráilte. Is é sin, in áit bheith curtha i mbosca bruscair nó i gcoimeádán eile dramhaíola, fágtar dramhaíl ar an chosán, sa pháirc phoiblí nó ar pháirc na scoile. Is rud míshlachtmhar mísciamhach é bruscar agus téann sé i gcion ar dhearcadh daoine ar cháilíocht agus ar shábháilteacht ceantair. Tig le rud ar bith bheith ina bhruscar ó chumhdach milseáin nó bosca ceapaire folamh go tocht a cartadh amach i bpáirc phoiblí. Tagann an chuid is mó den bhruscar ó dhaoine a lig dó titim d’aon turas nó de thaisme, cé go dtagann roinnt bruscair ó fhoinsí eile, mar shampla bruscar a séideadh le gaoth nó bruscar nádúrtha.

Bruscar agus Scoileanna

Is iomaí scoil a bhfuil fadhb bhruscair acu go pointe éigin. Is tosaíocht thábhachtach é an bruscar a rialú agus a chinntiú go nglantar tailte na scoile go rialta. Is féidir a mhaíomh mar gheall ar scoil a bhfuil fadhb bhruscair aici:

  • Go gcruthaítear gearáin ó chónaitheoirí agus ó chomhlachtaí áitiúla
  • Go gcuirtear as do chuairteoirí
  • Go gcuirtear lagmhisneach ar bhaill foirne agus ar dhaltaí
  • Go mbíonn contúirt ann, cionn is gloine briste nó cannaí a bheith ina luí ar pháirc na himeartha
  • Go bhfuiltear ag briseadh an dlí

 I dtaca leis an dlí de, tá de fhreagracht ar gach scoil státmhaoinithe a chinntiú go bhfuil a dtailte slán ó bhruscar. Is féidir le saoránach príobháideach ar bith scoil a thabhairt os comhair cúirte as bruscar a bheith ina luí ar a tailte. Is féidir fíneáil suas le £2,500 a ghearradh ar an scoil móide fíneáil laethúil go dtí go nglantar an bruscar ar shiúl.

Tá a fhios ag bunús daoine nár chóir dóibh ligean do bhruscar titim agus mothaíonn mórchuid na ndaoine fásta an-chiontach nuair a dhéanann siad a leithéid. Léiríonn torthaí taighde, áfach, go ligeann bunús na bpáistí (go háirithe iad siúd atá 12+) go ligeann siad do bhruscar titim agus nach bhfuil aon náire orthu a admháil. Is mó an seans go gcuirfidh páistí a gcuid bruscair sa chiseán nuair a bhíonn siad i gcuideachta a dtuismitheoirí nó múinteoirí ná a dhéanfaidh siad nuair a bhíonn siad leo féin nó lena gcairde. Ó tharla go ndéantar maoirseacht measartha dian de ghnáth ar pháistí bunscoile, is lú na fadhbanna bruscair a bhíonn i mbunscoileanna ná in iar-bhunscoileanna.

Is iomaí Éicea-scoil a roghnaíonn dul i ngleic le bruscar de chéaduair mar thosaíocht i ndiaidh an Athbhreithniú Timpeallachta s’acu. Is saincheist iontach feiceálach é agus is ceann é a thuigeann daoine de gach aois go réidh. Is rud an-sonrach é scoil atá saor ó bhruscar agus cuireann sé le híomhá na scoile sa phobal áitiúil. Is iomaí sin bealach le tabhairt faoi bhruscar i do Phlean Gníomhaíochta. D’fhéadfadh sé gur ardú feasachta a bheadh ann i do rang agus ag an tionól; monatóirí bruscair a cheapadh le seiceáil a dhéanamh/ comhairle a chur ar dhaltaí eile gan ligean do bhruscar titim agus ag suiteáil níos mó cannaí bruscar nó ag bogadh cinn atá ann cheana chuig áiteanna a mbíonn fadhbanna leo.

Glantóireacht Mhór an Earraigh

Glac páirt i bhfeachtas Ghlantóireacht Mhór an Earraigh

Tuilleadh Eolais

Más mian leat a fheiceáil cad é mar a thug scoileanna eile faoin bhruscar, tabhair cuairt ar roinn na gCás-Staidéar. Tá sonraí sa roinn Naisc agus Acmhainní ar eagraíochtaí le teagmháil a dhéanamh leo le haghaidh tuilleadh cuidithe ar an cheist seo, chomh maith le réimse ábhair fógraíochta atá ar fáil ar ordú le tacú le feachtais in aghaidh an bhruscair a thiocfadh leat a reáchtáil i do scoil.