login

Pheirspictíocht Dhomhanda

Tá an t-eolas, na scileanna, na luachanna agus na dearcthaí de dhíth ar dhaoine óga a ligfidh dóibh páirt a ghlacadh mar bhaill iomlána de shochaí dhomhanda. Mar shaoránaigh dhomhanda, caithfidh siad smaoineamh ar chearta agus ar fhreagrachtaí agus ról saoránach i sochaí dhaonlathach.

Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh siad foghlaim faoi ghnéithe den dlí agus den pholaitíocht náisiúnta agus idirnáisiúnta ar nós reachtaíocht chearta daonna agus Clár 21.

Fosta caithfidh daoine óga dul i dtaithí ar an ghné dhomhanda a bhaineann le saincheisteanna reatha a théann i gcion orthu amhail, téamh domhanda, imirce, trádáil na n-arm, agus praghsanna earraí i siopaí. Caithfidh siad bheith ábalta an t-eolas a fhaigheann siad trí na meáin a mheas go criticiúil agus a gcearta agus a bhfreagrachtaí tomhaltóra a thuiscint agus dá réir sin cinntí eolasacha a dhéanamh mar thomhaltóirí, fostaithe agus amach anseo fostóirí. Is féidir le daltaí foghlaim faoin daonlathas trí staidéar a dhéanamh ar chineálacha rialtais, agus ar chórais pholaitiúla agus chirt ag leibhéal náisiúnta, Eorpach agus domhanda.

Is é Trócaire a thugann urraíocht don topaic seo, agus le haghaidh smaointe agus moltaí ar an dóigh a dtig le do scoil fiosrúchán domhain a dhéanamh ar thopaic na Gné Eorpaí, téigh go dtí leathanach comhpháirtíochta Trócaire nó gabh go díreach chuig an suíomh Gréasáin s’acu ag www.trocaire.org. I gcomhpháirtíocht le Trócaire, is cúis bhróid dúinne in Éicea-Scoileanna acmhainn nua do mhúinteoirí agus do dhaltaí ag Eochairchéim 2 a sheoladh darb ainm 'Gabh Glas, Go Domhanda' a bhfuil sé d’aidhm aige tacú le gníomhaíochtaí seomra ranga nasctha leis an Pheirspictíocht Dhomhanda, Uisce agus Athrú Aeráide. Chun cóip den acmhainn iontach seo a íoslódáil, téigh go dtí ár leathanach acmhainní. Le haghaidh cóip chrua, déan teagmháil linn agus cuirfidh muid é seo amach chugat a fhad is a mhairfidh an stoc.

An Pheirspictíocht Dhomhanda agus Scoileanna

Tá an tsaoránacht, trí chomhthéacs na cinnteoireachta cothroime, le fáil i ngach gné de phróiseas Éicea-Scoileanna. Amharcann an topaic seo ar an pheirspictíocht dhomhanda lena chinntiú go smaoiníonn daltaí fosta ar thionchair thimpeallachta, shóisialta agus eacnamaíocha na gcinntí a dhéanann siad tríd an phróiseas seo, ar an phobal áitiúil agus dhomhanda, sa todhchaí chomh maith leis an am i láthair.

Leagann roinn na gCás-Staidéar amach cén dóigh ar thug Éicea-Scoileanna eile gnéithe domhanda isteach i ngnáthshaol na scoile. Tugann roinn na gComhpháirtithe sonraí fosta ar eagraíochtaí a dtig leo cuidiú le do scoil maidir le topaic na Peirspictíochta Domhanda. Le nascadh le hÉicea-Scoileanna i dtíortha eile ar fud an domhain tabhair cuairt ar www.eco-schools.net.