login

Gradaim

Iarratas le haghaidh Gradaim

Tá trí leibhéal gradaim laistigh de chlár Éicea-Scoileanna:

  • Cré-umha
  • Airgead
  • Brat Glas

Cén dóigh a ndéantar iarratas agus cá huair?

Déantar na gradaim chré-umha agus airgid a fhéinmheasúnú ar líne agus cuirtear muinín i ngach scoil an próiseas seo a chomhlíonadh. Má tá na critéir ghradam bainte amach ag do scoil, logáil isteach ar an suíomh Gréasáin chun iarratas a chur isteach ar líne agus déan do theastas Cré-umha nó Airgid a íoslódáil.

Déantar iarratais ar an Bhrat Ghlas a aighniú i ar líne agus tugann measúnóir oilte cuairt ar an scoil. Nuair a bhíonn an Brat Glas bronnta ar scoil beidh uirthi cur isteach arís faoina choinne gach dhá bhliain. Bíonn an fhoirm iarratais chéanna ann le haghaidh iarratais tosaigh agus athnuachana.

Glacaimid le hiarratais don Bhrat Ghlas in am ar bith i rith na bliana ach faightear anseo thíos roinnt spriocdhátaí le haghaidh iarratas dá mba mhaith leat measúnú a bheith déanta ort roimh am áirithe sa bhliain -

  • Green Flag Renewals – Friday 29th January 2021  – this is the deadline for all schools who are renewing their Green Flags this year. Assessments will be scheduled between February and May. Some renewal schools may not receive a site visit, see the website for more details.
  • New Green Flags – Friday 19th March 2021  – this is the deadline for all schools who are going for their first Green Flag this year. Assessments will be scheduled between April and June.

Déanfaimid ár ndícheall scoileanna a mheas a chuireann iarratas isteach i ndiaidh na spriocdhátaí molta ach seans go mbeadh sé sin deacair, go háirithe i dtéarma an tsamhraidh, a bhíonn an-ghnóthach. Mar sin de, bí ar thús an tslua agus seol d’iarratas isteach go luath. Bímid i gcónaí sásta cuidiú le ceisteanna maidir le hiarratais mheasúnaithe ar 02890 736920 nó ar r-phost eco-schools@keepnorthernirelandbeautiful.org.