login

A thabhairt isteach

Is é an chiall atá leis na deich dtopaic liostaithe ar dheis intreoir agus cúlra a thabhairt duit ar chuid de na saincheisteanna a d’fhéadfadh teacht aníos i do scoil agus roinnt moltaí a sholáthar ar an bhealach chun cinn.

Nuair a chláróidh tú do scoil linn beidh tú ábalta teacht ar eolas ó Lámhleabhar Éicea-Scoileanna agus ón suíomh Gréasáin ar gach ceann de na topaicí seo.

Cuimhnigh nach gcaithfidh tú tabhairt faoi na deich dtopaic uilig in aon iarraidh amháin Bain úsáid as na torthaí ón Athbhreithniú Timpeallachta chun spriocanna réalaíocha a shocrú agus tú ag díriú ar na gnéithe a bhaineann le do scoil. Cuireann daltaí atá ar an Éicea-Choiste na spriocanna seo i bPlean Gníomhaíochta, maille le sonraí a bhaineann le monatóireacht agus measúnú ar na spriocanna, cé atá freagrach as gach gníomhaíocht agus cad iad na hamscálaí. Cuimhnigh gur cáipéis oibre é do Phlean Gníomhaíochta, mar sin de mura mbaintear spriocanna amach taobh istigh den amscála a bhí beartaithe, níl agat ach an cháipéis seo a leasú agus eolas a chur isteach faoi cén dóigh agus cá huair a shroichfear na spriocanna.

Le go bhfaighidh siad an Brat Glas, caithfidh scoileanna staidéar a dhéanamh, ar a laghad, ar thrí thopaic – ceann mór amháin agus dhá cheann bheaga - agus caithfear fianaise ina dtaobh sin a léiriú san fhoirm iarratais agus le linn na measúnachta. Tugann an roinn seo den suíomh Gréasáin eolas ar na topaicí atá i gceist le cois na nasc chuig cás-staidéir bhainteacha agus acmhainní le cuidiú le seachadadh an churaclaim agus le súil a choinneáil ar dhul chun cinn na dtopaicí. Rud eile de, tugann sé naisc chuig os cionn 20 Comhpháirtí Soláthair de chuid Éicea-Scoileanna TÉ agus a gcuid sonraí teagmhála. Tairgeann na heagraíochtaí seo, lena n-áirítear comhairlí, Eagraíochtaí Neamhrialtasacha agus áisíneachtaí rialtais, tairgeann siad tacaíocht phraiticiúil agus comhairle, go minic ar láthair na scoile, ar thopaicí éagsúla.

Is iomaí topaic a fhilleann thar a chéile nó atá bainteach go maith lena chéile. Tá gaol gairid idir bruscar agus dramhaíl, cuir i gcás, agus is féidir iompar a cheangal le maireachtáil fholláin. Gheobhaidh tú amach go minic nuair a dhéanann tú dul chun cinn i réimse amháin, go bhfuil tú ag cur le d’fheidhmíocht i réimse eile.

Sustainable development goals

Éicea-Scoileanna agus na Spriocanna um Fhorbairt Inbhuanaithe  

Cuireann topaicí Éicea-Scoileanna lena lán de na 17 Spriocanna um Fhorbairt Inbhuanaithe de chuid na Náisiún Aontaithe. Nuair a bheidh do 3 thopaic roghnaithe agat, déan iarracht iad a nascadh le SFI i do Phlean Gníomhaíochta (féachaint cén dóigh a luíonn na topaicí leis na SFInna). Chun tuilleadh eolais a fháil ar na SFInna agus ar acmhainní úsáideacha amharc ar an leathanach: na Spriocanna um Fhorbairt Inbhuanaithe.


Tá sé go mór i gceist ag Keep Northern Ireland Beautiful ábhar a fhorbairt don chuid seo den suíomh Gréasáin agus fáiltímid roimh ionchur ó lucht úsáidte an tsuímh seo. Má tá aon inneachar is mian leat a roinnt linn ar thopaic ar leith ar bith, a thiocfadh linn a chur suas, b’fhéidir, mar chás-staidéar, nó aon trácht eile ba mhaith leat a dhéanamh, cuir r-phost le do thoil chuig eco-schools@keepnorthernirelandbeautiful.org.