login

Bithéagsúlacht

Biodiversity

Tugann tailte scoile deis iontach chun tosú a chur páistí ar an eolas faoin timpeallacht nádúrtha agus faoin bhithéagsúlacht ar dhóigh phraiticiúil. Cuireann siad áis shábháilte agus áis a d’fhéadfadh bheith spreagúil go maith ar fáil le haghaidh oideachas taobh amuigh a chuirfeadh le gníomhaíochtaí seomra-bhunaithe.

Tugann an bhithéagsúlacht naisc dhíreacha leis an churaclam, ag soláthar eolais, scileanna agus tuiscint trasna na n-eochairchéimeanna sna réimsí seo a leanas:

  • Próisis na Beatha
  • Daoine daonna agus ainmhithe eile
  • Plandaí glasa
  • Ilchineálacht agus rangú, oidhreacht agus éabhlóid
  • Rudaí beo ina dtimpeallacht féin

Foghlaimíonn daltaí mar gheall ar an éagsúlacht plandaí agus ainmhithe atá ann go bhfuil sé tábhachtach iad a shainaithint agus iad a rangú i ngrúpaí; go bhfaightear plandaí agus ainmhithe difriúla i ngnáthóga difriúla; go gcothaíonn gnáthóga plandaí agus ainmhithe éagsúla agus iad uilig idirspleách ar a chéile; gur féidir dáileadh agus flúirse choibhneasta orgánach i ngnáthóga a mhíniú ag úsáid smaointe an idirspleáchais, an oiriúnaithe, na hiomaíochta agus na creachóireachta.

Tuilleadh Eolais

Roghnaíonn a lán Éicea-Scoileanna tabhairt faoi bhithéagsúlacht mar chuid den Phlean Gníomhaíochta s’acu. Amharc ar roinn na gCás-Staidéar le haghaidh tuilleadh sonraí. Is fiú fosta cuairt a thabhairt ar roinn na gComhpháirtithe Soláthair le haghaidh tuilleadh eolais ar an dóigh le cur leis an bhithéagsúlacht ar thailte do scoile. Ní féidir tábhacht Foghlaim Taobh Amuigh den Seomra Ranga a mheas thar ceart, agus tugann an bhithéagsúlacht modhanna luachmhara chun daoine óga a chur a fhiosrú a dtimpeallacht áitiúil, i dtimpeallacht atá i bhfad níos cruthaithí agus níos spreagúla le haghaidh foghlama.

Cad é an rud é bithéagsúlacht?

Is í an bhithéagsúlacht - nó "an éagsúlacht bhitheolaíoch" an éagsúlacht dhochreidte a bhaineann le gach neach beo ar an phláinéad s’againn – ó phlanctón, bláthanna fiáine agus feithidí go mamaigh, reiptílí, crainn agus éin. Baineann sí fosta leis na gnáthóga ina bhfaightear na rudaí beo seo – aigéin, coillte, móinéir, bogaigh, chomh maith le háiteanna saorga amhail goirt, páirceanna poiblí agus canálacha. Fiú amháin an rud ar a dtugtar ‘talamh gan rath’ is féidir leis bheith ina fhoinse shaibhir bhithéagsúlachta.

Cén fáth a bhfuil an bhithéagsúlacht chomh tábhachtach sin?

Tá an bhithéagsúlacht fíorthábhachtach cionn is go mbaineann sí le saol an uile dhuine againn, go díreach agus go hindíreach.

Tá réimse bunacmhainní de dhíth ar gach uile speiceas, an duine san áireamh, le fanacht beo agus sláintiúil. Tá ocsaigin de dhíth ar dhaoine le hanálú, uisce le hól, bia le hithe agus foscadh ón síon. Cuireann na rudaí beo ar an phláinéad seo againn a lán de na nithe seo ar fáil dúinn, mar sin de tá a gcaomhnú siúd ríthábhachtach má táimid le maireachtáil.

Tá sé ríthábhachtach bithéagsúlacht Phlainéad an Domhain a chaomhnú chomh maith mar:

  • níl a fhios ag duine ar bith cad iad na tairbhí eile a d’fhéadfadh bheith caillte nuair a imíonn speicis áirithe as, ná cén tionchar a bheidh aige sin ar speicis nó ar ghnáthóga eile.
  • cuidíonn éiceachórais shláintiúla nádúrtha le tuilte, triomach agus creimeadh talaimh a rialú.
  • saibhríonn an timpeallacht nádúrtha cáilíocht ár saoil go mór.
  • tá oiread ceart morálta ag gach speiceas bheith beo agus atá ag daoine.

Braitheann an bheatha dhaonna í féin ar na caidrimh idir gach créatúr beo agus a dtimpeallacht, ach tá a lán den ghníomhaíocht dhaonna a bhfuil drochthionchar aici ar an bhithéagsúlacht ar fud an domhain. Sa RA, mar gheall ar fhás na forbartha uirbí, modhanna dianfheirmeoireachta, tabhairt isteach speicis neamhdhúchasacha, iompar agus truailliú, tharla titim mhór, agus i gcásanna áirithe imeacht i léig, i ngnáthóga agus i speicis. Ní raibh sé riamh chomh práinneach an ‘cothrom sa dúlra’ seo a athchóiriú.

Cad é is féidir le scoileanna a dhéanamh?

Feasacht a ardú ar fud na scoile

Ta ceangail idir an bhithéagsúlacht agus na snáitheanna difriúla comhshaoil uilig ar comharthaí iad, nuair a ghlactar uilig le cheile iad, d’Éicea-Scoil shláintiúil chásnach. Is féidir le hÉicea-Scoil cúram a dhéanamh den bhithéagsúlacht ar roinnt bealaí:

  • Trí dhearcthaí agus luachanna dearfacha a thaispeáint i leith sláinte agus leas gnáthóga áitiúil, plandaí agus ainmhithe, chomh maith le daoine.
  • Trí dhaoine a spreagadh le húsáid a bhaint as bheith amuigh faoin spéir le teagasc agus le foghlaim faoin bhithéagsúlacht.
  • Trí roghanna a dhéanamh a mbíonn tionchar dearfach acu ar úsáid acmhainní nádúrtha.
  • Trí bheith ag iarraidh a lorg domhanda ar ghnáthóga agus ar speicis, go háitiúil agus go domhanda, a laghdú.
  • Trí theagmháil a dhéanamh le ceann dár gcomhpháirtithe soláthair (need hyper link to delivery partner such as the RSPB to take part in one of their programmes)

Obair na bithéagsúlachta a nascadh leis an churaclam

Tugann tailte scoile deis iontach chun tosú a chur páistí ar an eolas faoin timpeallacht nádúrtha agus faoin bhithéagsúlacht. Cuireann siad áis iontach ar fáil le haghaidh oideachas taobh amuigh a chuirfeadh le gníomhaíochtaí seomra-bhunaithe. Is féidir le hachair dúlra ar thailte scoile cur go mór leis sin.

Le cois na nasc curaclaim, tugann obair ar an bhithéagsúlacht an deis do dhaltaí cuidiú fosta le sonraí iontaofa, ardchaighdeáin a sholáthar ar ghnáthóga agus ar speicis atá ríthábhachtach do phleanáil ghníomhaíochta náisiúnta agus áitiúil na bithéagsúlachta.

Feachtas na nGráinneog

Sna 1950í, measadh go raibh 36.5 milliún gráinneog sa Bhreatain.  Is cosúil gur lú ná milliún atá beo sa lá inniu ann. Is iad seo na bagairtí is mó ag na gráinneoga:

  • imeacht a gcuid gnáthóg, go háirithe glanadh ar shiúl na bhfálta sceach le 30 bliain anuas
  • úsáid ceimiceán i ngairdíní agus le haghaidh dianfheirmeoireachta a mharaíonn na mionainmhithe a bhíonn de dhíth ar ghráinneoga mar bhia agus a d’fhéadfadh iad a nimhiú díreach
  • bás ar na bóithre

Is fearr le gráinneoga imill choillearnaí, fálta sceach agus gnáthóga bruachbhailteacha, áiteanna a mbíonn tréan bia ann dóibh. Is dlúthchara leis an gharraíodóir í an ghráinneog nó is iomaí lotnaid gharraí ina n-aiste bia, ina measc slugaí, seilidí agus luchóga.

Déanann gráinneoga geimhriú gach bliain, ó Shamhain de ghnáth go dtí thart ar am na Cásca, ach is mór an tionchar a bhíonn ag an aimsir air seo.  Is gnách go músclaíonn na gráinneoga roinnt uaireanta le linn an gheimhridh agus is minic a thógann siad nead úr déanta de dhuilleoga, iad soiprithe faoi thor, nó carnán lomán nó seid gharraí, áit ar bith a bhfaigheann siad tacaíocht agus cosaint. 

Cad é a thig leatsa a dhéanamh

Is féidir linn cuidiú le baile a chruthú do ghráinneoga i ngairdíní ach cuid de na céimeanna simplí seo a ghlacadh:

  • Fág bia amach dóibh san oíche – tá bia madaidh/cait díreach ceart ach ná fágtar arán ná bainne.  Is ceann den bheagán ainmhithe í an ghráinneog a itheann bananaí, mar sin de má fhágann tú ceann amach agus má imíonn sé as, is féidir a bheith chóir a bheith cinnte go bhfuil gráinneog agat
  • Bí sásta beagán de do thalamh a fhágáil fiáin.  Tugann féar fada, carnáin lomán/duilleog agus casarnach, tugann siad áit le sealgaireacht a dhéanamh agus le nead a thógáil – gnáthóg fhoirfe do ghráinneoga
  • Seachas sin is féidir ‘óstán gráinneog’ a thógáil go furasta – is teach idéalach acu é bunbhosca adhmaid a bhfuil poill ann le dul isteach tríothu agus clár uiscedhíonach air
  • Bí cúramach le ciumhaisirí a ghearrann siar fásra borb sna háiteanna féin a mbíonn gráinneoga ina luí iontu i rith an lae, agus a ghortaíonn go han-dona na hainmhithe agus iad ina gcodladh
  • Bí cinnte go bhfágann tú bearnaí beaga ag bun sconsaí agus ballaí daingne mar go gcuireann siad sin bac ar ghluaiseacht gráinneog trí gharraithe
  • Tá snámh ag gráinneoga ach is minic a bháitear iad i linnte de dheasca a gcuid taobhanna géara sleamhna. Cuir bealach éalaithe ann dóibh – giota adhmaid, mogalra sreinge nó carn cloch
  • Is áiteanna maithe ag gráinneoga iad na tinte cnámh le nead a thógáil. Seiceáil sula lasfaidh tú iad agus cinntigh nach bhfuil nead tógtha ag gráinneog iontu.

Breathnaigh fosta ar an acmhainn úsáideach seo https://www.hedgehogstreet.org/about-hedgehogs/tracks-and-signs/ go bhfeicfidh tú an dóigh le gráinneoga a aimsiú.

Plean Pailneoir Sóisearach – cuidigh lenár mbeacha a shábháil.

Cuireann an Plean Pailneoir Sóisearach smaointe faoi chaomhnú beach, i láthair lucht éisteachta óg, ar dhóigh spraíúil sothuigthe.  Spreagann sé páistí le smaoineamh cad é mar a thig leo cuidiú le cosaint in éadan éag na mbeach in Éirinn agus cuideoidh sé le páistí a thuigbheáil a thábhachtaí atá beacha sa domhan s’againn agus cuirfidh sé ar a gcumas bearta a dhéanamh lenár bpailneoirí a chosaint. Cliceáil anseo leis an acmhainn a íoslódáil.

Breis eolais

Mar mhír dá bPlean Gníomhaíochta, roghnaíonn a lán Éicea-Scoileanna tabhairt faoin bhithéagsúlacht. Amharc ar an rannán Cás-Staidéir le tuilleadh sonraí a fháil. Is fiú fosta cuairt a thabhairt ar na rannáin Comhpháirtithe Seachadta agus Foghlaim Allamuigh le tuilleadh eolais a fháil ar an dóigh le cur leis an bhithéagsúlacht ar thailte na scoile. Ní thig an tábhacht atá le Foghlaim Taobh Amuigh den Seomra Ranga a mholadh go leor, agus tá bealaí luachmhara sa bhithéagsúlacht le daoine óga a chur ag obair ina dtimpeallacht áitiúil, ar cruthaithí agus ar spreagúla go mór í mar thimpeallacht foghlama. 

An bhfuil smaoineamh iontach ag do scoil chun monatóireacht a dhéanamh ar an bhithéagsúlacht nó í a spreagadh? Má tá, cad chuige nach n-inseofá dúinn faoi? Déan teagmháil linn agus roinnfimid é lenár líonra Éicea-Scoileanna.