login

An tÉicea-Chód

Ba chóir gurb é d’Éicea-Chód do ráiteas misin. Ba chóir go dtaispeánfadh sé, ar dhóigh shoiléir agus shamhlaíoch, croíluachanna do scoile agus a tiomantas chun feabhas a chur ar a feidhmíocht chomhshaoil agus na hiarrachtaí atá sí a dhéanamh i dtreo todhchaí inbhuanaithe.

Ba chóir go mbeadh liosta ar an Éicea-Chód de phríomhchuspóirí an Phlean Ghníomhaíochta, ina bhfuil fíorghníomhaíochtaí a bhfuil rún ag daltaí agus baill foirne iad a chur i gcrích. Ta an tasc seo foirfe fosta le nascadh isteach le hobair churaclaim.

Ba chóir an tÉicea-Chód a chur ar taispeáint i ngach seomra ranga agus ar chlár fógraí Éicea-Scoileanna, in áiteanna comónta agus sa seomra foirne. Ba chóir ábhar an Chóid a athbhreithniú ar bhonn rialta lena chinntiú go léiríonn sé éicea-aidhmeanna agus spriocanna na scoile de réir mar a thugtar faoi shaincheisteanna nua.

Is tábhachtach go mothaíonn daltaí go raibh baint acu le forbairt an chóid seo, nó tabharfaidh sé sin níos mó de bhraistint úinéireachta dóibh agus cúis le bheith freagrach as an chlár agus as na luachanna a bhaineann leis.

Cén chuma ba chóir a bheith ar an Éicea-Chód?

Tá leagan amach an chóid ag brath go hiomlán ar an scoil. Tá cead agat bheith chomh cruthaitheach agus is mian leat. Thiocfadh dó, go hidéalach, bheith ina liosta ráiteas, acrastaic, amhrán/rap nó dán. Ba chóir go mbeadh an fhormáid ag teacht leis an aois agus an cumas atá ag na daltaí atá i gceist.

SCOTHLEID: Mar a luadh thuas, tig leis an Éicea-Chód bheith ina ‘dhuán’ iontach chun an scoil uilig a chur ar an eolas agus a thabhairt ar bord. Thiontaigh roinnt scoileanna an tÉicea-Chód ina ‘rap’ nó ina shluán is féidir leis na daltaí agus an fhoireann uilig a úsáid. Forbairt eile air sin is ea rann tarraingteach cuimhne (‘néamónaic’) nó ‘acrainm, a dhéanamh ina léiríonn na chéad litreacha de gach líne san Éicea-Chód gné éigin den chód.

Le haghaidh liosta acmhainní breise, cliceáil anseo

Le teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Éicea-Scoileanna, cliceáil anseo

Cré-umha
  • Aontaítear ar roinnt ráitis timpeallachta don scoil a chuireann an grúpa comhshaoil le chéile agus a n-aontaíonn an scoil iomlán leo.
Airgead
  • Cuireann an tÉicea-Choiste Éicea-Chód faoi bhráid na scoile lena n-aontú a fháil.
  • Bíonn an tÉicea-Chód ar taispeáint ar chlár fógraí Éicea-Scoileanna.
Glas
  • Tugtar deis don scoil ar fad moltaí a dhéanamh ar an rud a shíleann siad ba chóir bheith san Éicea-Chód.
  • Cruthaíonn an tÉicea-Choiste cód bunaithe ar na moltaí. Cuirtear an cód faoi bhráid an chuid eile den scoil le haghaidh a fhaofa.
  • Cuirtear an tÉicea-Chód ar taispeáint ar chlár fógraí Éicea-Scoileanna agus i ngach seomra ranga. Bíonn sé le feiceáil fosta in aon áit chomónta, oifigí agus seomraí foirne agus ar shuíomh Gréasáin na scoile (má tá ceann ag an scoil).
  • Déanann an scoil iomlán athbhreithniú ar an Éicea-Chód gach bliain lena chinntiú go mbíonn sé oiriúnach.