login

Athbhreithniú Timpeallachta

Is próiseas é seo trína scrúdaítear tionchar na scoile ar an timpeallacht chun spriocanna a aithint i dtaca le gníomhú agus feabhsú.

Sula dtosaí tú amach ar do thuras Éicea-Scoileanna, is éigean duit iniúchadh a dhéanamh ar an tionchar reatha a bhíonn ag do scoil ar an timpeallacht. Má shamhlaímid an clár Éicea-Scoileanna le léarscáil a úsáid chun ceann scríbe a bhaint amach ar thuras, cuidíonn an t-athbhreithniú linn an pointe tosaigh ar an léarscáil a aimsiú. Nuair a bhíonn a fhios agat cá mbeidh tú ag tosú amach, is féidir ansin spriocanna réalaíocha a shocrú agus an rath a bhíonn ort a thomhas.

Cuideoidh an próiseas seo libh fosta eolas faoin chlár a scaipeadh ar fud na scoile, mar a dtig torthaí an athbhreithnithe a fhoilsiú ar chlár fógraí, nuachtlitir scoile, nó sa tionól nó trí fhógraí poiblí. Is tábhachtach go mbeadh baint ag na daltaí leis an phróiseas athbhreithnithe.

Ag pointe ar bith le linn an phróisis, déan teagmháil linn agus labhair le duine dár nOifigigh Éicea-Scoileanna a bhíonn ar fáil le cuidiú, comhairle agus acmhainní breise a thabhairt a chuideoidh leat stádas an Bhrait Ghlais a bhaint amach.

Cén tairbhe a bhaineann leis an Athbhreithniú a dhéanamh?

Tabharfaidh torthaí d’Athbhreithniú Timpeallachta bunús duit le do Phlean Gníomhaíochta a chruthú, a chuideoidh le do scoil a chinneadh cé acu atá athrú riachtanach, práinneach nó nach bhfuil sé ag teastáil ar chor ar bith. Cuideoidh sé leat fosta cuspóirí agus spriocanna réalaíocha a shocrú agus an rath cinnte a bheidh ort a thomhas.

Nuair a dhéantar Athbhreithniú Timpeallachta cinntítear nach ligtear gnéithe tábhachtacha ar bith i ndearmad agus cuideoidh sé leis na daltaí agus leis an phobal trí chéile staid timpeallachta reatha na scoile a thuiscint.

Cuideoidh an próiseas fosta le háiteanna a aithint nach bhfuil ach beagán feabhais nó cuid ar bith de dhíth iontu agus cuideoidh sé le gníomhaíochtaí a shonrú agus a chur in ord tosaíochta.

Nuair a thiocfaidh an t-am go mbeidh iarratas á dhéanamh don Bhrat Ghlas, beidh ort sonraí a chur ar fáil maidir leis an dóigh agus an uair a chuir tú an tAthbhreithniú Timpeallachta i gcrích, cé a bhí bainteach leis agus cad é mar a fuair tú na torthaí. Ó tharla go mb’fhéidir go mbeadh tréimhse fhada ama idir an athbhreithniú tosaigh agus bheith ag cur isteach le haghaidh an bhrait, cinntigh go gcoinnítear taifid den obair agus de na torthaí uilig.

Ba cheart a chinntiú go mbíonn an pobal mór scoile ag comhoibriú chomh dlúth agus is féidir leis an Éicea-Choiste chun an tAthbhreithniú a dhéanamh. Tá sé barrthábhachtach go mbíonn oiread daltaí agus is féidir páirteach ann ag gach céim.

Moltar go ndéantar Athbhreithniú Timpeallachta ar bhonn bliantúil chun tomhas agus measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn leanúnach fheidhmíocht chomhshaoil na scoile.

Ach seiceáil mhion a dhéanamh ar na tionchair fhéideartha uilig a d’fhéadfadh an scoil a imirt ar an chomhshaol maidir leis an téama atá faoi scrúdú, cuideoidh an tAthbhreithniú Timpeallachta chun:

  • Léargas soiléir a fháil ar réimse thionchair na scoile;
  • A chinntiú nach ndéantar dearmad d’aon achar tábhachtach;
  • Áiteanna a aithint nach bhfuil ach beagán feabhais nó cuid ar bith de dhíth iontu;
  • Tuiscint níos fearr a thabhairt do na daltaí agus don chuid eile den scoil ar na tionchair; agus
  • Na gníomhaíochtaí atá le déanamh a chur in ord tosaíochta.

Tá se an-tábhachtach go ndéanfá d’athbhreithniú a mheas go cruinn ag úsáid aonad feidhmíocht chomhshaoil a bhaineann le do scoil, m.sh. líon/toirt na n-araidí bruscair a théann chun líonadh talún gach seachtain, léamha míosúla ar mhéadair fóntas, meánchostas úsáid uisce in aghaidh an dalta sa mhí, srl. Is féidir an táscaire céanna a úsáid síos trí chlár Éicea-Scoileanna mar thagarmharc a dtig monatóireacht atá le déanamh amach anseo a chur i gcomparáid leis. Ba chóir go mbeadh an tomhas a dhéantar ar an dul chun cinn ina chuid thábhachtach de shaol na scoile. Tá an t-eolas sin de dhíth le d’fhoirm iarratais don Bhrat Ghlas a chríochnú.

SCOTHLEID: Cibé cé acu atá tú ag cur le chéile d Athbhreithniú Timpeallachta féin nó ag úsáid an teimpléid atá ann, is iomaí deis a bheidh ann an ghníomhaíocht seo a nascadh leis an churaclam uimhearthachta, litearthachta agus eolaíochta. Is féidir na feidhmeanna uilig, tomhas, meas, sonraí a thaispeáint, srl. a fhorbairt ionas go gcomhlíonann siad spriocanna Churaclam Thuaisceart Éireann, le cois bheith ag cur le hÉicea-Scoileanna.

Nuair a bheidh d’Athbhreithniú Timpeallachta críochnaithe agat, ba cheart duit na torthaí a fuair tú a úsáid le dul chuig Gné 3 - An Plean Gníomhaíochta.

Cré-umha
  • Déanann an tÉicea-Choiste Athbhreithniú Timpeallachta bunúsach den scoil.
  • I ndiaidh an athbhreithnithe, sainítear achair atá le feabhsú agus pleanáiltear gníomhaíochtaí a athróidh agus a chuirfidh le feidhmíocht chomhshaoil na scoile.
Airgead
  • Pleanálann daltaí agus daoine fásta an dóigh le hAthbhreithniú Timpeallachta Iomlán den scoil a thabhairt i gcrích.
  • Déantar torthaí ar an Athbhreithniú Timpeallachta Iomlán a thaifeadadh.
  • Cuirtear torthaí an athbhreithnithe in iúl don scoil ar fad.
  • Pleanálann an tÉicea-Choiste gníomhartha bunaithe ar thorthaí an athbhreithnithe.
Brat Glas
  • Pleanálann agus déanann daltaí agus daoine fásta ar an Éicea-Choiste Athbhreithniú Timpeallachta Iomlán den scoil i gcomhar le roinnt ball nach bhfuil ar an choiste.
  • Úsáidtear doiciméad athbhreithnithe a chlúdaíonn gach achar den tionchar timpeallachta. Ba chóir comparáid de na tomhais bliain i ndiaidh bliana a phlé agus a mheas.
  • Déantar torthaí ar an Athbhreithniú Timpeallachta Iomlán a thiomsú in aon doiciméad amháin le taispeáint ar chlár fógraí Éicea-Scoileanna agus ar an suíomh Gréasáin (má tá ceann ag an scoil).
  • Bailíonn daltaí ar baill coiste iad moltaí le haghaidh gníomhartha ó ranganna scoile nó ó ghrúpaí teagaisc.
  • Déantar Athbhreithniú Timpeallachta Iomlán uair amháin sa bhliain chun dul chun cinn iomlán an tionscadail a mheas. Ba chóir comparáid de na tomhais a tiomsaítear bliain i ndiaidh bliana a phlé, a scrúdú agus a mheas leis an dul chun cinn a leagan amach agus lena thaispeáint go soiléir cad iad na hachair ina raibh rath ar an fheidhmíocht chomhshaoil.