login

Nascadh leis an Churaclam

Nascann an Clár Éicea-Scoileanna isteach in obair churaclaim na scoile am ar bith agus áit ar bith ar féidir.

Aithnítear Clár Éicea-Scoileanna go hidirnáisiúnta agus go náisiúnta ar cheann de na huirlisí aitheanta seachadta don Oideachas um Fhorbairt Inbhuanaithe [OFI]. Mar chlár OFI faigheann sé tacaíocht ó na cúig Bhord Oideachais agus Leabharlann agus tá sé liostaithe mar mholadh chun Cuspóirí Curaclaim a chur i gcrích i gCuraclam Bunscoile Athbhreithnithe Thuaisceart Éireann. Tá sé fosta ina Eochaireilimint ag an Iar-Bhunleibhéal. Faigheann an clár tacaíocht láidir ón chuid is mó de na comhairlí áitiúla anseo i dTuaisceart Éireann, agus tacaíonn an Roinn Oideachais leis.

Is dlúthchuid é Éicea-Scoileanna anois de Straitéis um Fhorbairt Inbhuanaithe Thuaisceart Éireann agus is ceann de spriocanna aireachta na straitéise sin – mar sin de, tá sé i gcroílár phróiseas an oideachais do thodhchaí daltaí anseo sa réigiún.

Is é an prionsabal atá taobh thiar d’Éicea-Scoileanna gur chóir go rachadh topaicí comhshaoil atáthar a scrúdú sa seomra ranga i bhfeidhm ar an dóigh a n-oibríonn an scoil ar fad. Ba chóir, más féidir, go gcuirfeadh an rud a ndéantar staidéar air, leis na gníomhaíochtaí comhshaoil (i.e. an Plean Gníomhaíochta) atá an scoil a dhéanamh. Déanfaidh sé sin an t-ábhar níos baintí agus suimiúil do na daltaí. Bíonn deiseanna ann in Éicea-Scoileanna le naisc churaclaim a dhéanamh i réimse ábhar ag a lán leibhéal le hacmhainní, a fhaightear ar shuíomh Gréasáin Éicea-Scoileanna, a bhaineann le topaicí agus atá nasctha leis an churaclam. Tá roinnt bheag de na deiseanna sin le feiceáil ar an tábla thíos. Tá bunús na scoileanna ag ionchorprú saincheisteanna éagsúla comhshaoil isteach sa churaclam cheana féin.

Mar achoimre, ba chóir go mbeadh Clár Éicea-Scoileanna:

  • Fite isteach sa churaclam trína oiread ábhar agus ag a oiread leibhéal agus is féidir.
  • Á úsáid chun an scoil ar fad a chur ar an eolas maidir le saincheisteanna comhshaoil agus gníomh a chur ar cois trí phobal na scoile.

Le haghaidh cás-staidéir ar naisc leis an churaclam, cliceáil anseo

Cré-umha
  • Clúdaítear saincheisteanna comhshaoil mar chuid d’obair an churaclaim sa chuid is mó de na bliainghrúpaí trasna réimse ábhar.
Airgead
  • Déantar roinnt gnéithe de ghníomhaíochtaí Éicea-Scoileanna a fhí isteach i gcuraclam na scoile don chuid is mó de na bliainghrúpaí.
Glas
  • Tá duine ainmnithe ag an scoil atá freagrach as oideachas comhshaoil/oideachas i leith na forbartha inbhuanaithe.
  • Tá plean curaclaim ag an scoil trína gcomhtháthaítear saincheisteanna comhshaoil isteach sa churaclam trasna an chuid is mó de na bliainghrúpaí i réimse ábhar.
  • Fitear gnéithe de ghníomhaíochtaí Éicea-Scoileanna isteach i réimse ábhar trasna an churaclaim don chuid is mó de na ranganna nó na bliainghrúpaí.
  • Amharctar ar shaincheisteanna maidir le forbairt inbhuanaithe trí ghníomhaíochtaí curaclaim ina lán bliainghrúpaí.