login

Monatóireacht agus Measúnú

Is iad an mhonatóireacht agus an measúnú a dhéanann do Chlár Éicea-Scoileanna inchreidte.

Leis an rath a bhíonn ar do chlár Éicea-Scoileanna a thomhas agus leis na spriocanna atá leagtha amach i do Phlean Gníomhaíochta a bhaint amach, caithfidh tú monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar do dhul chun cinn. Léireoidh sé sin duit cé na gníomhaíochtaí a raibh rath orthu agus díreoidh sé aird ar chásanna nuair a bheadh cur chuige difriúil de dhíth.

  • Ba chóir, chomh fada agus is féidir, daltaí a spreagadh chun an mhonatóireacht a dhéanamh atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta agus cuideoidh sin le húinéireacht níos mó a chothú iontu i leith an tionscadail agus le ligean do mhúinteoirí seasamh siar beagán.
  • Nuair a bhaintear spriocanna amach cuirtear ‘aoibh mhaith’ ar dhaoine faoi na héachtaí agus faoin dul chun cinn atá déanta agus leantar den spreagadh agus den rannpháirtíocht ag leibhéal na scoile uilig.
  • Cuideoidh an mhonatóireacht leanúnach lena chinntiú go leantar den tsuim a bhíonn in Éicea-Scoileanna. Éascóidh se sin an t-aistriú ó chlár comhshaoil a bhunú go dtí go mbeidh sé ina dhlúthchuid de reáchtáil na scoile ó la go chéile.

Monitoring and Evaluation - What, Why and How?

Is deis iontach í an mhonatóireacht agus an measúnú a dhéantar ar dhul chun cinn do chuid oibre le hÉicea-Scoileanna chun naisc churaclaim a ionchorprú isteach san obair, go speisialta i réimsí amhail Mata, TFC, Ealaín, Tíreolaíocht, Béarla agus Gaeilge, chomh maith le scileanna eile a fhorbairt leithéidí tuiscint phearsanta, comhthuiscint, sláinte phearsanta, carachtar morálta, feasacht spioradálta, saoránacht, tuiscint chultúrtha, feasacht ar na meáin, feasacht eiticiúil, infhostaitheacht, feasacht eacnamaíoch agus oideachas don fhorbairt inbhuanaithe.

Bealaí le monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn

Braitheann na modhanna monatóireachta a bheas in úsáid agat ar na spriocanna agus ar na critéir tomhais a leagadh amach sa Phlean Gníomhaíochta, chomh maith le haois agus cumas na ndaltaí, na foirne agus na gcuiditheoirí.  Aige seo roinnt moltaí:

  • Is féidir léamha rialta ar mhéadair fóntas a úsáid chun monatóireacht a dhéanamh ar aon laghdú ar úsáid breosla chun iarmhairtí gníomhaíochtaí coigilt fuinnimh a dhoiciméadú;
  • Taispeánfaidh áireamh ar choigilt airgeadais iarmhairtí fiontair coigilt fuinnimh (san áit nach bhfuil teacht ar mhéadair);
  • Cuntas a dhéanamh ar an titim a bhíonn i gcarrmhílte de thoradh siúl chun na scoile ar feadh seachtaine (nó míosa!);
  • Taispeánfaidh iniúchtaí bruscair/dramhaíola iarmhairtí na bhfiontar bruscair/athchúrsála;
  • Dialanna bia daltaí a choinneáil le faireachán a dhéanamh ar athruithe i nósanna itheacháin le linn oibre ar thopaic na maireachtála folláine;
  • Suirbhéanna sástachta a dhéanamh le daltaí, baill foirne, cónaitheoirí, pobal áitiúil chun na hathruithe chun feabhais a tharla agus a thug siad faoi deara a thaifeadadh;
  • Ba chóir grianghraif roimhe, lena linn agus ina dhiaidh a ghlacadh mar fhianaise súl, le cuidiú le d’iarratas/do mheasúnú ar an Bhrat Ghlas; agus
  • Cuideoidh sé le monatóireacht a dhéanamh ar an bhithéagsúlacht má liostaítear fianaise den fhiabheatha dhúchasach/speicis phlandaí, toir agus crainn agus cá mhéad a cuireadh ar thailte na scoile gach bliain.

Mholfaimis gur chóir do Chomhordaitheoirí Éicea-Scoileanna agus don Éicea-Choiste:

  • Torthaí na monatóireachta a chur ar taispeáint (m.sh. i ngraif, ar chairteacha) agus na sonraí a úsáid chun gnéithe den churaclam a theagasc;
  • A chinntiú go mbíonn an scoil ar fad ar an eolas leis an dul chun cinn i dtreo a cuid spriocanna a bhaint amach. Ba chóir na torthaí seo a phostáil ar chlár fógraí Éicea-Scoileanna/ suíomh Gréasáin na scoile sin nó thiocfadh baint amach sprice a cheiliúradh le linn tionóil;
  • Tuairisc rialta a chur ar fáil le haghaidh cruinnithe chomhairle scoile agus gobharnóirí;
  • Ba chóir na sonraí ó gach athbhreithniú a choinneáil agus a úsáid mar chomparáid leis an eolas is deireanaí; agus
  • Amlíne a chruthú den dul chun cinn a dhéantar taobh istigh den scoil agus cuideoidh sé sin leat do straitéis chomhshaoil don am atá le teacht a phleanáil.

BEIDH ORT AN SONRAZÓN A ÚSÁID MAR FHIANAISE AGUS TÚ AG CUR ISTEACH IARRATAS DO GHRADAM AN BHRAIT GHLAIS
 -
Scoil Crios

Ag úsáid sonraí monatóireachta chun dul chun cinn a mheas

Nuair a bheidh na sonraí monatóireachta/tomhais tiomsaithe, is tábhachtach go ndéanfá an t-eolas a léirmhíniú agus a mheas lena oibriú amach a fheabhas a d’éirigh le do chuid gníomhaíochtaí.

Cuideoidh do shonraí monatóireachta leat a aithint cé acu atá do chuid éicea-oibre de réir sprice nó nach bhfuil agus cé acu a bhí sí éifeachtach nó neamhéifeachtach. Is féidir leat a chinneadh cé acu atá athruithe de dhíth sna chéad spriocanna agus gníomhaíochtaí a leagadh amach sa Phlean Gníomhaíochta nó nach bhfuil agus cad é a ba chóir bheith i gceist lena leithéid.

Poibligh do chuid torthaí

Déan cinnte go bhfuil a fhios ag an scoil go léir faoin dul chun cinn trí thorthaí agus figiúirí ar bith atá agat a chur ar taispeáint in áit fheiceálach sa scoil (m.sh. ar taispeáint ar chlár fógraí Éicea-Scoileanna, le feiceáil i nuachtlitir, ag an tionól, ar shuíomh Gréasáin na scoile srl.). Cuimhnigh, nuair a éiríonn leat ba chóir duit a fhógairt go hard!

Mar achoimre, ba chóir do do chlár monatóireachta agus measúnaithe:

  • Bheith forbartha i gcomhthreo le do phlean gníomhaíochta
  • Bheith curtha i gcrích ag daltaí am ar bith agus áit ar bith ar féidir
  • An t-aonad céanna ratha a úsáid agus a úsáideadh san Athbhreithniú Timpeallachta gur féidir comparáid a dhéanamh leis na chéad fhigiúirí
  • Bheith furasta a chur ar ais i do Phlean Gníomhaíochta ionas go dtig a aithint cá háit is gá leasuithe agus feabhsuithe a dhéanamh nuair a bhíonn sé sin de dhíth
  • An dóchúlacht a ardú (nó an t-am a theastaíonn a laghdú) go mbainfí amach spriocanna a leagadh síos i do phlean gníomhaíochta
  • Bheith ar fáil go poiblí (m.sh. ar taispeáint ar chlár fógraí Éicea-Scoileanna, le feiceáil i nuachtlitir srl.).

SCOTHLEID: Is tábhachtach an rud é do Mhonatóireacht a mheas nuair is féidir, trí aonad feidhmíocht timpeallachta a úsáid atá bainteach le do scoil, m.sh. líon/toilleadh na n-araidí a théann chuig líonta talún sa tseachtain, na haonaid leictreachais a ídítear gach mí, an gnáthchostas ar uisce a úsáideann gach dalta gach mí srl.).  Is tábhachtach tomhais roimhe agus ina dhiaidh a dhéanamh ionas gur féidir an dul chun cinn a thomhas.

Le teacht ar thascanna agus ar ghníomhaíochtaí sainiúla topaicí, a thaispeánann naisc shoiléire leis an churaclam, amharc ar Acmhainní mar a bhfaightear fosta bileoga eolais agus cás-staidéir.

Le haghaidh smaointe ar an dóigh le do thionchar ar an chomhshaol a thomhas, na sonraí a bhailíonn tú a anailísiú, a mheasúnú agus a chur i láthair, cliceáil ar gach ceann dár nDeich dTopaic. Aimseoidh tú bileoga eolais agus cás-staidéir faoi chlár Acmhainní s’againn.

Is féidir lenár n-eagraíochtaí páirtíochta treoir agus eolas a thairiscint chomh maith ar mhonatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar na topaicí a dtugann siad tacaíocht dóibh.

Cré-umha
  • Nótálann an tÉicea-Choiste an dul chun cinn i dtreo na spriocanna.
  • Pléann an grúpa cé acu atá ag éirí leis an ghníomhaíocht atáthar a dhéanamh nó nach bhfuil.
Airgead
  • Athbhreithníonn an tÉicea-Choiste an dul chun cinn in aghaidh spriocanna aontaithe.
  • Tuairiscíonn an tÉicea-Choiste an dul chun cinn don scoil iomlán ar dhóigh chuí ar bhonn rialta.
  • Tuigeann an scoil iomlán – idir dhaltaí agus dhaoine fásta – luach na ngníomhaíochtaí agus na ngníomhartha agus bíonn siad tiomanta dóibh.
Brat Glas
  • Cinntíonn an tÉicea-Choiste go mbíonn an measúnú ar na gníomhaíochtaí leanúnach, oiriúnach don ghníomhaíocht atá faoi scrúdú agus go ndéanann daltaí cuid den obair.
  • Tá an scoil ar fad eolach ar dhul chun cinn ghníomhaíocht an chomhshaoil agus tugtar an deis dóibh a héifeacht a mheas trí phlé agus trí dhíospóireacht.
  • Buaileann an tÉicea-Choiste le chéile chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn agus anailís a dhéanamh ar na sonraí a bhailítear.
  • Tógann siad ar na gnéithe ar éirigh leo agus cinneann ar ghníomh le rudaí a chur ina gceart nuair nach n-éiríonn le gníomhaíochtaí.
  • Úsáidtear roinnt sonraí monatóireachta le haghaidh obair churaclaim.