login

A thabhairt isteach

Comhghairdeas leat as an chinneadh a dhéanamh bheith mar chuid de chlár idirnáisiúnta um oideachas comhshaoil don inbhuanaitheacht.

Is am spreagúil ag do scoil é seo le bheith in éineacht leis na 51,000 d’Éicea-Scoileanna atá páirteach ar fud an domhain, ag tabhairt faoin dúshlán agus ag obair i dtreo feabhsuithe sa chomhshaol áitiúil agus domhanda trí ghníomhaíocht oideachasúil agus phraiticiúil.

Clárú

Is é an clárú an chéad chéim le bheith i d’Éicea-Scoil. Is féidir seiceáil má tá do scoil cláraithe cheana féin tríd an áis chuardaigh s’againn.

Nuair a bheidh tú cláraithe, gheobhaidh tú roinnt eolas treorach trí r-phost, nuachtlitreacha gach téarma, flúirse acmhainní ar an ghréasán agus teacht ar thuilleadh tacaíochta ónár gcuid comheagraíochtaí soláthair, comhairlí áitiúla agus áisíneachtaí rialtais.

Riachtanais a bhaineann le hÉicea-Scoileanna

  • Tacaíocht an Phríomhoide agus an Bhord Gobharnóirí;
  • Páistí bheith bainteach le cinnteoireacht agus le gníomhartha ag gach céim;
  • Baint ghníomhach na foirne uilig; agus
  • Bheith toilteanach gníomhú chun athrú fadtéarmach a thionscadal.

Sraith Straitéisí Éicea-Scoileanna Thuaisceart Éireann

Sula dtosaí tú ar Chlár Éicea-Scoileanna, íoslódáil agus léigh ár Sraith Straitéisí Éicea-Scoileanna ina bhfuil an t-eolas seo a leanas:

Oibrigh trí na Seacht gCéim

Nuair a bhíonn do scoil cláraithe le hÉicea-Scoileanna Thuaisceart Éireann, tig leat tosú a chur i bhfeidhm Seacht nGné Éicea-Scoileanna. Bain úsáid as an chlár ar dheis le níos mó a fháil amach faoi na céimeanna aonair. Leagann Lámhleabhar Éicea-Scoileanna amach go sonrach seacht ngné an chláir. Chun cóip pdf a íoslódáil cliceáil anseo agus le hachoimre soléite ar chritéir na ngradam a fháil cliceáil ar an nasc. Cuimhnigh nach gá dul i ngleic le gach ceann de na deich dtopaic in aon iarraidh amháin ach is gá trí cinn ar a laghad – príomhcheann agus dhá cheann thánaisteacha –a chlúdach d’Iarratas an Bhrait Ghlais.

An ghné is tábhachtaí a gcaithfidh scoileanna cuimhneamh uirthi go bhfuil gach scoil difriúil agus go bhfuil sé barrthábhachtach go socraíonn scoil na seacht gcéim thart ar a cúinsí agus a suíomh féin agus NACH dtriaileann sí an scoil a chur in oiriúint do na seacht ngné.

Rogha a dhéanamh ó na Deich dTopaic

Is féidir le scoileanna i dTuaisceart Éireann roghnú ó rogha de dheich dtopaic agus iad ag cur a gcuid obair Éicea-Scoileanna i bhfeidhm. Cé gur gá na deich dtopaic ar fad a chlúdach san Athbhreithniú Timpeallachta Tosaigh, is féidir le scoileanna cinneadh ansin cé na topaicí a ndíreoidh siad isteach orthu.

Don Bhrat Ghlas, caithfidh an scoil a shonrú go ndearnadh dul chun cinn substaintiúil i dtreo mórthopaic amháin agus a léiriú go bhfuil baint acu le dhá cheann eile. Ciallaíonn ‘dul chun cinn a thaispeáint’ go bhfuil tuiscint ag an scoil ar an topaic agus go n-aithníonn sí a tábhacht maidir le forbairt inbhuanaithe i dtimpeallacht na scoile agus sa phobal trí chéile agus go gcuireann sí athrú i gcrích.

Cur isteach le haghaidh Gradaim

Nuair a bhíonn na Seacht gCéim curtha i gcrích go sásúil ag scoil, bítear ag iarraidh orthu cur isteach ar cheann de thrí ghradam Éicea-Scoileanna: Cré-umha, Airgead nó Brat Glas. Tugann Leathanach Chritéir na nGradam sonraí iomlána ar na critéir a theastaíonn do leibhéal gach gradaim.

Agus ar deireadh thar gach ní eile ba chóir go mbeadh craic mhaith ag baint le Clár Éicea-Scoileanna.