login

Airteagail na Nuachtlitreach RSS logo

An mothaíonn tú go gcaithfidh tú rud éigin a dhéanamh ar son na timpeallachta agus ar son do phobail?

Bí rannpháirteach san fheachtas scoile idirnáisiúnta is faide riamh.

Tá an Feachtas Baile gan Bhruscar ag ceiliúradh a chomórtha 10 mbliana agus ba mhaith linn an chloch mhíle seo a cheiliúradh le gach múinteoir agus dalta a rinne an feachtas seo chomh rathúil sin.

I mbliana arís, trí thacaíocht ón Fhondúireacht Mars Wrigley, is cúis áthais dúinn tacú le scoileanna a dtionscadail frithbhruscair agus dramhaíola a chur i bhfeidhm chun táirgeadh dramhaíola agus truailliú a laghdú agus chun athrú dearfach iompair a chur chun cinn lenár mbithéagsúlacht a chosaint agus ár bpobail a fheabhsú.

Iarrtar ar 25 Bunscoil dul i mbun gnímh agus a thaispeáint gur féidir linn beart a dhéanamh de réir ár mbriathair.

I mbliana, ár ócáid an 10ú comóradh, táimid ag ceiliúradh cuimsitheachta freisin trí dheis a thabhairt do Scoileanna Sainriachtanas agus do dhaltaí Rang 7 clárú le haghaidh Chomórtas na dTuairisceoirí Óga don Timpeallacht. Mar chuid d’Fheachtas Baile gan Bhruscar Wrigley, beidh deis ag daltaí óga 10+ mbliana sa chomórtas TÓT/YRE a dteachtaireacht chomhshaoil a roinnt trí bheith cruthaitheach agus feachtas grianghraf a dhéanamh chomh maith le frása a d’fhanfadh leat nó mana, a d'fhéadfadh do scoil a úsáid mar Éicea-Chód nua má dhéanann tú iarratas ar Bhrat Glas.

Tá duaischiste airgeadais ar fáil do thionscadail agus do scoileanna araon agus is féidir iarratas a dhéanamh ar an dá thionscnamh ag an am céanna. Gabh i dteagmháil le Francesca le haghaidh tuilleadh eolais agus déan deifir ós rud é go bhfuil spásanna teoranta.

Tá téarma nua buailte linn arís! Is dáta tábhachtach é tús na scoilbhliana nua; tosaímis mar is rún dúinn leanúint orainn. Is amanna iad seo atá an-dúshlánach don earnáil oideachais.

Mar Éicea-scoil, bhí sibh ag obair chomh dian cheana féin chun beart a dhéanamh i gcoinne truailliú plaisteach roimh COVID-19.

Is meabhrúchán é seo ar an dea-obair atá déanta ag do scoil chun do lorg plaisteach aonúsáide a laghdú! Tá sé níos tábhachtaí ná riamh leanúint orainn ón ait ar chríochnaigh muid agus an úsáid a bhainimid as dramhaíl phlaisteach indiúscartha a laghdú. Is féidir linn tionchar a imirt ar dhaltaí agus ar bhaill foirne chun roghanna inbhuanaithe a dhéanamh anois.

Is dóigh iontach le tosú í an fiontar 'Cad é atá i do bhosca lóin'; agus páistí a spreagadh chun boscaí lóin in-athúsáidte agus buidéil deochanna in-athúsáidte a úsáid.

Nuacht níos fearr fós - d'fhoilsigh eolaithe fianaise le déanaí go bhfuil earraí in-athúsáidte sábháilte a úsáid le linn na paindéime mar sin de is féidir leat do scoil a spreagadh chun filleadh ar roghanna eile neamhphlaisteacha. Tá sé seo ar cheann de na bealaí is éasca agus is éifeachtaí chun d'úsáid a laghdú ar scoil.

Mar sin féin, tuigimid go bhfuil gach scoil ag iarraidh baill foirne agus daltaí a choinneáil sábháilte i rith ama agus go mb'fhéidir gur doiligh ábhar in-athúsáidte a aimsiú faoi láthair, ach tá go leor le déanamh sa bhaile go fóill.

De réir Everyday Plastic Survey a rinneadh ar na mallaibh, méadaíodh dramhaíl phlaistigh tí le linn na dianghlasála, go háirithe pacáistiú torthaí agus glasraí, clúdaigh smailceacha, málaí beartáin agus PPE. Mar sin de, má mhothaíonn tú nach dtig leat úsáid plaistigh a laghdú ar scoil, is cinnte go dtig leat baill foirne agus daltaí a spreagadh lena dhéanamh sa bhaile! Déanann athruithe beaga ar nós sprae díghalráin agus ceirt in áit ceirtín frithbhaictéarach difear mór.

Faigh spreagadh ó scoileanna eile a bhfuil a nGealltanas Plaistigh tugtha acu agus cuimhnigh d'úsáid a laghdú nuair a thig leat.

#TacklingPlasticNI

Le linn na ré éiginnte seo lean ár gcuid scoileanna leo ag obair agus iad ag dul i ngleic le fadhbanna bruscair i dTuaisceart Éireann, ag críochnú Fheachtas Wrigley Gan Bhruscar in am agus ag cur go mór leis an tuarascáil tionchair idirnáisiúnta a chuireann an Fhondúireacht um Oideachas Comhshaoil i láthair gach bliain d'fhondúireacht Mars Wrigley.

Chuir bunscoileanna a gcuid sonraí agus tuarascálacha deiridh isteach maidir le bruscar, dramhaíl agus cur i bhfeidhm an chórais athchúrsála taobh istigh dá scoileanna, rud a chruthaíonn arís a dtiomantas chun athruithe dearfacha iompair a chur chun cinn agus an comhshaol a chosaint. Chomh maith leis an rath seo, fuair foireann Éicea-Scoileanna freagra iontach ar an bhfeachtas a bhí á reáchtáil ag iar-bhunscoileanna trí chomórtas Tuairisceoirí Óga don Timpeallacht. Bhí iontrálacha ar chaighdeán an-ard againn i mbliana, agus fógraíodh buaiteoirí an Chomórtais Náisiúnta i mí an Mheithimh trí cheiliúradh físe ar na meáin shóisialta againn. Fógrófar buaiteoirí an Chomórtais Idirnáisiúnta i mí Mheán Fómhair, agus mar sin coinnígí bior ar na cluasa!

Osclófar clárú d’Fheachtas Wrigley Gan Bhruscar agus do TÓT 2021 go luath.

#Dúshlán YREstayathome - Fan sa Bhaile agus Bí Gníomhach

Tá TÓT Idirnáisiúnta ag tabhairt bhur ndúshláin, dúshlán bhur dteaghlaigh agus bhur ndaltaí! Is féidir linn a bheith inár n-ambasadóirí comhshaoil go fóill agus tionchar a imirt ar ár bpobal agus muid sa bhaile.

Go deimhin, léiríonn daltaí TÓT ó gach cearn den domhan dlúthpháirtíocht agus iad ag fanacht sa bhaile chun scaipeadh COVID-19 a sheachaint, ach ba mhaith le FOI agus clár TÓT an t-am neamhghnách seo a úsáid mar dheis chun fiosrú agus tuairisciú a dhéanamh ar cheisteanna comhshaoil agus ar réitigh atá nasctha leis an staid reatha.

CÉN DÓIGH AR FÉIDIR A BHEITH RANNPHÁIRTEACH SNA DÚSHLÁIN #YREstayathome?

Foilseofar dúshláin sheachtainiúla ar ardáin s’againn ar na meáin shóisialta m.s. Facebook, Twitter agus Instagram. Roghnaigh dúshlán ar mhaith leat a bheith rannpháirteach ann agus freagair dó trí phostáil a dhéanamh ar Facebook, Instagram agus Twitter. Ná déan dearmad TÓT Idirnáisiúnta agus muidne a chlibeáil, ionas gur féidir linn do chuid oibre a roinnt! Úsáid i gcónaí an haischlib #YREstayathome agus cuirfear isteach ar an gcomórtas idirnáisiúnta thú.

COMÓRTAS SPEISIALTA do #YREstayathome

I gcás ailt, scéalta, grianghraf agus físeáin nach bhfuil tú ag iarraidh a phostáil ar na meáin shóisialta, déan teagmháil le Francesca agus déanfar do chuid oibre a uaslódáil ar Mhol Idirnáisiúnta TÓT.

Tá na dúshláin oscailte do dhuine óg ar bith atá toilteanach a bheith rannpháirteach! Faigh tuilleadh eolais anseo.

Dúshlán Taistil Translink 2019-20

Georgina Black   Thu 12 Dec 2019

Tá Translink agus clár Éicea-Scoileanna ag spreagadh scoileanna ar fud Thuaisceart Éireann le ‘cora cliste’ a dhéanamh trí pháirt a ghlacadh i nDúshlán Taistil Translink, ag gearradh síos ar phlódú tráchta thart ar gheataí na scoile agus ag cur le sláinte agus le folláine na ndaltaí.

Spreagann an dúshlán coicíse, is féidir le scoileanna a dhéanamh le linn théarma an earraigh nó an tsamhraidh, spreagann sé siúlóid, rothaíocht, agus taisteal ar bhus nó ar thraein le dul ar scoil in áit carr a úsáid. Tá acmhainní ceangailte leis an churaclam mar chuid de agus spreagann sé scoileanna le pleananna taistil inbhuanaithe a fhorbairt mar dhóigh chun Gradam Bhrat Glas Éicea-Scoileanna a bhfuil meas mór air a ghnóthú.

Ó lainseáladh é in 2008, rinne daltaí, tuismitheoirí agus baill eile den scoilphobal breis agus 300,000 turas inbhuanaithe, agus é mar aidhm acu an timpeallacht a chaomhnú agus athrú dearfach iompair a chur chun cinn.

Tá Dúshlán Taistil Translink oscailte anois do gach scoil. Is féidir an Dúshlán a dhéanamh in aon tréimhse dhá sheachtain is mian libh a fhad is go seolfaidh sibh na torthaí isteach chugainn roimh an spriocdháta, Dé Máirt, an 19 Bealtaine 2020. Ciallaíonn se sin gurb é an Luan, an 4 Bealtaine, an dáta is moille is féidir tosú (Saoire Bainc na Bealtaine an 8 Bealtaine).

Le cois gradaim Éicea-Scoileanna, bronnfaidh Translink airgead agus duaiseanna taistil ar na ranganna agus ar na daltaí is mó i a léiríonn athrú i leith úsáid iompair inbhuanaithe.

Más suim leat páirt a ghlacadh i nDúshlán Taistil Translink Éicea-Scoileanna, téigh i dteagmháil le Francesca

Fógra do mhúinteoirí, príomhoidí, daltaí, tuismitheoirí agus baill an phobail. An bhfuil aithne agat ar mhúinteoir a spreagann thú chun fás, chun todhchaí níos fearr a thógáil agus atá paiseanta amach is amach faoin timpeallacht? Anois beidh deis agat iad a cheiliúradh trína n-ainmniú mar Éicea-Mhúinteoir na bliana.

Conas cur isteach air:

Is féidir le daltaí ainmniúchán a sheoladh isteach mar dhán, litir, scéalchlár, aiste, grianghraif, físeán nó cibé bealach is fearr, i do thuairim, a fhreagraíonn an cheist. Ba chóir nach thar 100 focal a bheadh na hiontrálacha ina míneofaí cén fáth ar chóir a múinteoir a roghnú mar “Éicea-Mhúinteoir na Bliana 2020”.

Roghnófar beirt mhúinteoirí; múinteoir amháin bunscoile agus múinteoir amháin iar-bhunscoile.

Tá an comórtas oscailte do na scoileanna uilig. Ceadaítear iontráil amháin in aghaidh na scoile. Is é an spriocdháta don chomórtas Dé hAoine 14 Feabhra 2020.

Seoltar iontrálacha ríomhphoist chuig: nó cuirtear sa ghnáthphost iad chuig Éicea-Scoileanna, Keep Northern Ireland Beautiful, Teach an Droichid, 2 Ascaill Paulett, Béal Feirste, BT5 4HD.

Cruinniú Mullaigh Aigéin – Baile Átha Cliath 2019

Georgina Black   Tue 19 Nov 2019

I mí Dheireadh Fómhair, chaith scoláirí Thuaisceart Éireann ar baill de Thuairisceoirí Óga don Timpeallacht iad, chaith siad dhá lá ag foghlaim faoi na farraigí agus na haigéin s’againn ag dhá imeacht de chuid Scoileanna Glasa i gContae na Mí agus i mBaile Átha Cliath. Eagraíodh an chéad Chomhthionól Aigéin ag Éirinn do scoláirí dara leibhéal i gColáiste Pobail Chill Dhéagláin Dé Máirt 15 Deireadh Fómhair, agus Dé Céadaoin, chuaigh scoláirí ó Ardscoil Naomh Colm, Belfast Royal Academy, Wallace High School agus Ardscoil Naomh Doiminic go Port Mearnóg leis na Scoileanna Glasa chun an fheachtas is deireanaí ag Scoileanna Glasa ‘Foinse na Farraige Anseo’ a sheoladh, le cur i gcoinne truailliú ó bruscar. Le caoinchead Chomhairle Contae Fhine Gall, d’úsáid scoláirí agus foireann Scoileanna Glasa stionsail chun teachtaireachtaí ‘‘Foinse na Farraige Anseo’ a spraephéinteáil ag draenacha bóthair chun aird a dhíriú ar an ghaol idir gníomhaíochtaí ar talamh agus truailliú na mara.

Bhuail scoláirí TÓT le buaiteoir Aonach Eolaíochta Google Fionn Ferreira a raibh cur i láthair ar mhicreaphlaisteach aige ag an ócáid. Le linn an imeachta dhá lá, chuir an scoil ambasadóra comhairle ar scoileanna a bhí rannpháirteach faoi na seacht gcéim i gclár na Scoileanna Glasa, chomh maith le turas thart ar a scoil agus caint ar na meáin shóisialta agus ar fheachtais timpeallachta.

Bhí an méid seo le rá ag Cathy Baxter, Bainisteoir Scoileanna Glasa: “Bhain muid sult as dhá lá ar leith ag foghlaim faoi na farraigí agus faoi na haigéin s’againn agus na nithe is féidir linn a dhéanamh chun tuilleadh a chosc. Ní féidir gan a gceart a thabhairt do dhíograis na scoláirí iar-bhunscoile s’againn; tá siad chomh cíocrach chun níos mó agus níos mó a fhoghlaim faoina dtimpeallacht agus faoin athrú aeráide agus faoi na nithe is féidir leo a dhéanamh chun cuidiú”.

Faoi láthair tá 16 iar-bhunscoil ag obair ar théama Thimpeallacht na Mara in Éirinn. Sheol Éicea-Scoileanna Thuaisceart Éireann Topaic na Mara i mbliana agus súil acu go mbainfidh siad amach líon scoileanna chomh spreagúil céanna sa chúpla bliain amach romhainn!

Is féidir leis an imeacht seo agus ócáidí eile dá leithéid a bheith ina ndeiseanna ag na scoileanna s’againn chun a fháil amach cén tionchar dearfach a d’imir a gcuid oibre ar chláir Éicea-Scoileanna agus TÓT ar dhaoine agus ar an timpeallacht áitiúil agus cén dóigh ar féidir leis na daoine óga s’againn a bheith ina gceannródaithe.

Déanann Scoileanna Gealltanas Plaisteach

Georgina Black   Mon 18 Nov 2019

Ó chosc a chur ar úsáid buidéil phlaisteacha go sifíní plaisteacha a mhalartú le sifíní déanta as páipéar, tá scoileanna achan áit tiomanta do thodhchaí inbhuanaithe atá saor ó thruailliú plaisteach.

Déan Gealltanas i leith na bPlaisteach

Saint Johns Primary School

COISCTHE: Buidéil deochanna, cipíní líreacán

LAGHDAITHE: Pacáistí & clúdaigh, Baitíní Cadáis, Balúin, Málaí Plaisteacha, Sifíní, Sceanra, Cupáin Aon Uaire

Ardscoil Naomh Colm, Baile na Croise

LAGHDAITHE: Pacáistí & clúdaigh, Baitíní Cadáis, Balúin, Málaí Plaisteacha, Sifíní, Coimeádáin bia, Sceanra, Cupáin Aon Uaire, Cipíní líreacán

GEALLTA: Buidéil deochanna

St. Matthew’s Primary School, Droim Sorn

COISCTHE: Balúin, Buidéil deochanna

LAGHDAITHE: Sifíní, Coimeádáin bia, Cupáin Aon Uaire

Down High School

BEARTAS: Sifíní, Sceanra

GEALLTA: Pacáistí & clúdaigh, Balúin, Málaí Plaisteacha, Coimeádáin bia, Buidéil Deochanna, Cupáin Aon Uaire, Cipíní líreacán

Leaney Primary School

COISCTHE: Sifíní

LAGHDAITHE: Málaí plaisteacha, Coimeádáin bia, Buidéil deochanna

St. Malachy's Primary School, Cill Chléithe

COISCTHE: Sifíní, Buidéil deochanna

St. Ronan’s College

GEALLTA: Coimeádáin bia, Buidéil deochanna, Cupáin Aon Uaire

St. Patricks College, Machaire Rátha

GEALLTA: Pacáistí & clúdaigh, Cupáin aon uaire

Thornfield House Special School

GEALLTA: Buidéil deochanna

Killean Primary School

COISCTHE: Balúin, Buidéil deochanna

LAGHDAITHE: Pacáistí & clúdaigh, Baitíní Cadáis, Málaí Plaisteacha, Sifíní, Coimeádáin bia, Sceanra, Cupáin Aon Uaire, Cipíní líreacán

Féile Scannán Into Film (6-22 Samhain)

Georgina Black   Wed 16 Oct 2019

ÁIRITHINTÍ Á nGLACADH ANOIS DON FHÉILE SCANNÁN IS MÓ AR DOMHAN ATÁ SAOR IN AISCE

Tá deis á tabhairt arís do dhaltaí ar fud Thuaisceart Éireann dul ar thurais in aisce chuig pictiúrlann agus teacht ar acmhainní in aisce trí Fhéile Scannán Into Film, ina dtaispeántar 3,000 scannán agus a mbíonn 200 imeacht speisialta ann lena linn ar fud an RA. Ar ais don 7ú bliain ó 6-22 Samhain, tá an Fhéile seo ar an fhéile scannán is mó ar domhan atá saor in aisce. Is féidir le hoideachasóirí úsáid a bhaint as an iliomad téamaí agus topaicí trasna an churaclaim, in ábhair amhail Béarla, nuatheangacha iasachta (NTI), tíreolaíocht, stair, OPSS, polaitíocht agus saoránacht. Lena chois sin, spreagtar daltaí chun cur isteach ar chomórtas bliantúil scríobh léirmheas Fhéile Scannán Into Film agus an litearthacht a chur chun cinn trí mheán an scannáin.

Is é Into Film, an carthanas oideachas scannáin, a óstálfaidh an Fhéile agus a sheolfaidh imeacht uaillmhianach a bhfuil téama comhshaoil aige i mbliana, imeacht a leathfaidh ar fud an RA agus a gheobhaidh tacaíocht ó Greenpeace agus CÉINAL (UNICEF). Taispeánfar na chéad taibhithe do dhaltaí ag an am céanna, den chlár faisnéise nua ar athrú aeráide “2040” agus beidh seisiún C&F ina dhiaidh leis an stiúrthóir Damon Gameau. Luaitear leis an scannán “2040” gurb é an chéad scannán dírithe ar lucht féachana óg chun freagra dóchasach a thabhairt ar ‘éicea-imní’ na n-óg’.

San Fhéile i mbliana beidh ocht snáithe a chuideoidh le hoideachasóirí a bheith ag nascleanúint an chláir lomláin: Folláine Intinne agus Féiniúlacht, Teanga & Cruthaitheacht. An Domhan Nádúrtha, Stair á Fiosrú, Díospóireacht, Fantaisíocht & Eachtraíocht, Réabhlóid agus Ceoldrámaí.

I measc na mbuaicphointí do Thuaisceart Éireann áirítear:

• 2040 AGUS C&F BEOSHRUTHAITHE LEIS AN STIÚRTHÓIR DAMON GAMEAU ag Amharclann Scannán Ollscoil na Banríona, Béal Feirste

• An chéad taibhiú do dhaltaí den Biggest Little Farm ag Strand Arts,

• March of the Penguins 2 agus ceardlann le Wee Critters ag an Braid ar an Bhaile Mheánach

• Leagan as Gaeilge den Saothraí (The Breadwinner) agus ina dhiaidh seisiún scríobh léirmheas i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich

Tarlóidh Féile Scannán Into Film 2019 idir 6-22 Samhain. Tá gach imeacht agus léiriú saor in aisce.

Chun eolas maidir leis an chlár a fháil, ticéid a chur in áirithe agus acmhainní a íoslódáil, tabhair cuairt ar Into Film

Chun tuilleadh eolais a fháil ar scannán agus ar fheachtas 2040, gabh chuig WhatsYour2040

Chun eolas ginearálta a fháil maidir le Into Film TÉ gabh i dteagmháil le Peter Murray, Comhordaitheoir Clár Into Film.

Keep Northern Ireland Beautiful i gcomhar le Amazon Smile

Georgina Black   Wed 16 Oct 2019

Mairimid i ré an róthomhaltais. Caithfimid níos lú a úsáid, níos mó rudaí a fháil ar iasacht, a bheith sona leis an rud atá againn. Ach caithfidh muid é a dhéanamh i gcéimeanna a thig linn a bhainistiú. Is é an smaoineamh a chuirimis i gcónaí chun tosaigh gur chóir an rud atá againn a úsáid, an rud nár mhaith le daoine eile a athúsáid, ceannach níos fearr agus ceannach go háitiúil. Bíonn amanna ann nuair nach féidir é sin a dhéanamh agus ar chúiseanna áirithe bíonn ort ceannach ó áiteanna i gcéin.

Shínigh Keep Northern Ireland le Amazon Smile. Ciallaíonn se sin má cheannaíonn tú earra agus Amazon Smile in úsáid agat, deonóidh tú 0.5% de phraghas an earra do Keep Northern Ireland Beautiful.

Chun deonú, caithfidh tú ceannach trí shuíomh Amazon Smile ach is féidir malartú anonn chuige roimh íoc más amhlaidh go ndeachaigh tú trí ghnáthshuíomh gréasáin Amazon. Is féidir é a chur ar an bharra uirlisí s’agat lena chur i gcuimhne duit.

Agus tú ag ordú ó Amazon, caith súil ar an rogha pacáistiú gan stró - a sheolfaidh do chuid táirgí ar long gan pacáistíocht bhreise ar bith, a dearadh chun dramhaíl a laghdú i 100% den phacáistíocht athchúrsáilte. Agus tú ag an scipéad, déan an rogha den líon is lú beart ionas go gcuirtear earraí mar bheart amháin seachas a lán beartáin scartha.

Is beag an rud nach gcuidíonn linn níos mó a dhéanamh agus, mar sin, dean an nasc s’againn a roinnt go forleathan agus úsáid go tíosach é nuair is gá.

Go raibh maith agat.

Keep Northern Ireland Beautiful

Stailc ar son na hAeráide

Georgina Black   Wed 16 Oct 2019

Stailc ar son na hAeráide ag Scoil Naomh Colm i mBaile na Scríne

Bhí Ardscoil Naomh Colm, i gcuideachta bunscoileanna áitiúla in Éicea-Scoileanna na Scríne, rannpháirteach i Stailc Dhomhanda ar son na hAeráide 2019. D’eagraigh siad stailc ar an bhealach isteach go Baile na Croise, Contae Dhoire, 20 Meán Fómhair 2019. Ghlac corradh le 300 dalta agus ball foirne páirt ann. Nuair a cuireadh an cheist orthu cén fáth a raibh siad ar stailc, léirigh na daltaí go raibh tuairimí láidre acu ar an ghá le hathrú.

“Táimid paiseanta faoin phláinéad s’againn agus é a chaomhnú do na glúine atá le teacht. Ba mhaith linn go gcluinfeadh na daoine atá i gcumhacht an méid atá le rá againn. Is muidne an todhchaí agus tá todhchaí shlán de dhíth orainn!!”

Bronnadh Gradam TES Scoileanna Inbhuanaithe an RA ar Scoil Naomh Colm i searmanas i Londain i Meitheamh i mbliana agus tá sí ar na hÉicea-Scoileanna Ambasadóra is gníomhaí anseo i dTuaisceart Éireann.

Seachtain de Ghníomhaíochtaí ar son na hAeráide ag Coláiste Naomh Rónán

D’eagraigh Coláiste Naomh Rónán, an Lorgain, seachtain lán de dhíospóireachtaí agus de ghníomhaíochtaí roimh an stailc ar son na haeráide ar 20 Meán Fómhair chun daltaí agus baill foirne a spreagadh agus gealltanas ar son na haeráide a shíniú.

Éilíonn an gealltanas seo bearta a chuirfidh stad le cliseadh aeráide agus a ardóidh feasacht i dtaobh téamh domhanda. Bhí an scoil uilig rannpháirteach sa tionscnamh seo agus Tionól Iomlán Scoile ar Bheart ar son na hAeráide Dé hAoine 20 agus Bernadette Mhic Con Uisce mar aoichainteoir speisialta aige.

An lá céanna, sheol Coláiste Naomh Rónán a gcuid buidéal nua in-athúsáidte uisce agus iad ag iarraidh gearradh siar ar dhramhaíl phlaisteach... an chéad chéim eile acu an Gealltanas Plaisteach ar shuíomh gréasáin Keep Northern Ireland Beautiful a shíniú. Bí ar an chéad duine eile lena shíniú!

Ceardlanna TÓT / Into Film

Georgina Black   Wed 16 Oct 2019

An bhfuil ábhar iriseora nó déantóir scannán i do rang? An bhfuil suim agat TÓT a chur chun cinn i do scoil i mbliana? Más ea, is duitse na ceardlanna seo! Cruthaíodh i mbliana iad chun cuidiú le múinteoirí an clár a reáchtáil.

Is cúis áthais dúinn a fhógairt go bhfuil Éicea-Scoileanna TÉ agus Into Film tagtha i gcomhar le chéile a thairiscint ceardlann faoi scéalaíocht agus faoi léiriú scannán i Samhain na bliana seo saor in aisce do mhúinteoirí.

Tabharfaidh na cúrsaí oiliúna seo deis duit dul i dtaithí ar chlár Thuairisceoirí Óga don Timpeallacht agus san am céanna, gheobhaidh tú treoir iontu le do thionscadal a sholáthar.

Agus tú ag freastal ar cheardlanna TÓT / Into Film, is féidir é a úsáid mar chuid den FGL s’agat agus tabharfaidh sé deis duit comhfhiontair nua a thosú laistigh de do scoil le comhghleacaithe i ranna eile (m.sh. comhordaitheoir Club Scannán agus comhordaitheoir na meán)

Tá clárúcháin ar siúl anois do mhúinteoirí a bhfuil suim acu ann, mar sin de bí i dteagmháil le Franscesca

Ceardlanna

10am-2pm Ionad Ealaíne na Sruthla (an Ómaigh) 26 Samhain 2019

10am-2pm Páirc Thuaithe Shruth Chráfard (Beannchar) 27 Samhain 2019

Tuilleadh mionsonraí le teacht

Cruinniú Mullaigh Aigéanach

Georgina Black   Tue 03 Sep 2019

Beidh “Cruinniú Mullaigh an Aigéin” á reáchtáil ag An Taisce, Iontaobhas na hÉireann, i gceann dá gcuid iar-bhunscoileanna ambasadóra lasmuigh de Bhaile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair. Le cois an imeachta seo, ba mhaith leo cuireadh a chur ar scoláirí ó Thuaisceart Éireann, Albain, an Bhreatain Bheag agus Sasana mar chuid de thuras 2 lá. Bheadh an cruinniú mullaigh ar siúl ar an chéad lá agus an dara lá bheadh ceardlann gníomhaíocht trá ar siúl don lá.

Déanfaidh scoláirí cur i láthair agus beidh ceardlanna agus gníomhaíochtaí éagsúla ann agus spreagaitheasc ó Fhionn Ferreira (scoláire ó Chorcaigh atá i ndiaidh gradam idirnáisiúnta eolaíochta Google a bhaint mar gheall ar an tionscadal s’aige ar mhicreaphlaisteach).

Clúdóidh An Taisce na costais taistil, lóistín agus bia do 3 scoláire agus múinteoir/caomhnóir amháin ó scoil as gach ceann de na cúig thír thuas. Is féidir leo an lóistín uilig a eagrú agus maoiniú a chur ar fáil do gach grúpa lena gcúrsaí taistil féin a eagrú.

Déan teagmháil linn le do thoil chun tuilleadh eolais a fháil agus a bheith rannpháirteach sa deis dochreidte seo.

Tuairisceoirí Óga don Timpeallacht (TÓT/YRE)

Georgina Black   Tue 03 Sep 2019

Ar smaoinigh tú riamh faoin turas a dhéanann plaisteach óna fhoinse go dtí an fharraige nuair a bhíonn tú ag bailiú bruscair ar an trá nó a aimsíonn tú mála plaisteach ar snámh in aice leat agus tú ag snámh san fharraige?

Tá an méid pacáistithe a bhíonn ar fáil trasna an chuntair in ollmhargaí agus i siopaí ar cheann de na saincheisteanna is mó i dTuaisceart Éireann agus sa RA. Más féidir linn dul i ngleic le plaisteach ag a fhoinse, is féidir linn an fhadhb a laghdú. Cad é is féidir linn a dhéanamh? Tús maith, leath na hoibre:

Coinnigh ort ag léamh

• DIÚLTAIGH – na táirgí a aimsiú nach mbíonn pacáistiú orthu agus do mhála in-athúsáide a thabhairt leat

• LAGHDAIGH – níos lú a cheannach

• ATHCHÚRSÁIL – foghlaim faoin phacáistiú is féidir a athchúrsáil agus conas is féidir réitithe a fháil de mar is ceart

Ba mhaith linn do chuid tuairimí a chluinstin maidir le pacáistiú plaisteach agus mar sin de táimid ag tabhairt cuireadh do 25 iar-bhunscoil a gcuid smaointe a léiriú trí pháirt a ghlacadh i dTuairisceoirí Óga don Timpeallacht (TÓT/YRE) i mbliana, ag obair ar fhístuairisceoireacht, feachtas grianghraf, nó alt scríofa faoi “Pacáistiú agus Truailliú Plaisteach ón Talamh”.

Breathnaigh ar bhuaiteoirí na bliana seo caite i gComórtas Idirnáisiúnta na dTuairisceoirí Óga don Timpeallacht (TÓT/YRE) i gCatagóir na nGrianghraf, Max and Josh Kamalarajah, a bhain don dara bliain as a chéile.

Trí rannpháirtíocht sa chomórtas, beidh deis agat scileanna nua a fháil, d’fhéinmhúinín a ardú agus cabhrú leat féin agus le do scoil Gradam an Bhrait Ghlais a fháil, agus san am céanna beart praiticiúil a dhéanamh chun an timpeallacht a chosaint agus daoine a chur ar an eolas maidir le topaicí tábhachtacha ar nós briseadh síos aeráide agus truailliú plaisteach.

Ná caill an deis do ghuth a ardú agus trí chlárú linne is féidir leat comhoibriú le daoine óga eile thar lear!

Gabh i dteagmháil le Francesca le do spéis a léiriú chomh luath agus is féidir. Tá spásanna teoranta.

Roghnaigh ar a laghad trí phlean ceachta le do thoil ó na cinn a mholtar thíos agus cuir do roghanna in iúl dúinn nuair a sheolann tú an fhoirm chláraithe ar ais chugainn.

Bainistíocht Dramhaíola

Sula dtosaíonn tú

15-18 mbliana – Suirbhé Dramhaíl Tí

Bruscar

Sula dtosaíonn tú

11-14 bliana – Bruscar…cén fáth a bhfuil sé tábhachtach?

15-18 mbliana - Blitzchomórtas Bruscair

Pacáistiú

Sula dtosaíonn tú

11-14 Bliana – Údar an Phacáiste

13-16 bliana – Roghanna Cliste Siopadóireachta

15-18 mbliana Réitigh a aimsiú

Ídiú Inbhuanaithe

Sula dtosaíonn tú

15-18 mbliana – Is Tomhaltóir mé

Inbhuanaitheacht agus Dramhaíl

Sula dtosaíonn tú

15-18 mBliana – D’fhéile áitiúil a cheiliúradh ar dhóigh Éicea-bhách

15-18 mBliana - Cultúr na Dramhaíola

Foghlaim conas a bheith i d’Iriseoir Timpeallachta

Sula dtosaíonn tú

15-18 mBliana - Alt a Scríobh

15-18 mBliana – Trádáil Idirnáisiúnta Dramhaíola

15-18 mBliana – Insíonn Grianghraf a scéal féin

15-18 mBliana – Fís a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh

Bliain i ndiaidh bliana, tá borradh nach beag tagtha ar Éicea-laochra a bhuíochas sin don rannpháirtíocht iontach ó scoileanna i bhFeachtas Baile Gan Bhruscar Wrigley, a bhfuil clú agus cáil air. Le tacaíocht ó Fhondúireacht Wrigley, tá súil againn go mbeidh an bhliain seo ar an cheann is fearr go dtí seo!

Is minic nach féidir linn cuid den phacáistiú is coitianta tí a athchúrsáil – lena n-áirítear málaí brioscáin phrátaí, boscaí píotsaí agus tiúba taos fiacla. Is é an pacáistiú an chéad rud a fheiceann tomhaltóirí, agus is féidir leis sin tionchar láidir a imirt ar a gcuid cinntí ceannaigh.

Má bhíonn tú rannpháirteach san fheachtas, cuideoidh sé leat Gradam an Bhrait Ghlais a bhaint amach agus, san am céanna, beidh tú ag gníomhú ar son na timpeallachta. Tapaigh an deis anois agus déan teagmháil le Francesca chun do léiriú suime a chlárú linn chomh luath agus is féidir.

Feachtas Éicea-Scoileanna Baile Gan Bhruscar Wrigley 2019/2020

I mbliana, táimid ar lorg 25 bunscoil le bheith rannpháirteach san Fheachtas, agus iarraimid orthu critéar amháin de na trí chritéar a roghnú (meáchan bruscair ar thailte na scoile; meáchan páipéar athchúrsáilte sa scoil; meáchan ábhar in-athchúrsáilte tirim). Caithfear an feachtas a reáchtáil ar feadh na bliana ar fad ó Mheán Fómhair go dtí spriocdháta na tuairisce deiridh ar 24 Aibreán 2020.

Socróidh do chéad mhiosúr, a sheolfar faoi dheireadh Dheireadh Fómhair 2019, do rannpháirtíocht oifigiúil san fheachtas idirnáisiúnta, agus beidh deis agat cleamhnas a dhéanamh le haon Éicea-Scoil eile thar lear, agus beidh tú i dteideal maoiniú a fháil chun cuidiú le d’fheachtas.

Léirigh do shuim a bheith rannpháirteach trí theagmháil a dhéanamh le Francesca agus seolfar foirm cláraithe chugat.

Roghnaigh trí phlean ceachta le do thoil ón deichniúr a mholtar thíos chun d’fheachtas ar “Pacáistiú agus Truailliú Plaisteach ón Talamh” a reáchtáil agus déan liosta de na roghanna s’agat ar an fhoirm chláraithe chomh maith leis na critéir a mbeidh do scoil ag obair orthu le linn an fheachtais.

Bainistíocht Dramhaíola

Sula dtosaíonn tú

9-12 bhliain – Tuiscint ar Dhramhaíl

9-12 bhliain – Iniúchadh ar Dhramhaíl Scoile

Bruscar

Sula dtosaíonn tú

9-12 + 13-16 bliana – Bailiú Bruscair

Pacáistiú

Sula dtosaíonn tú

6-8 mbliana – Tuiscint ar Phacáistiú

Bruscar Muirí

Sula dtosaíonn tú

9-12 Bhliain – Truailliú na Mara

Troid i Gcoinne Athrú Aeráide

Georgina Black   Tue 03 Sep 2019

Tá práinn nach beag laistigh de na heagraíochtaí uilig na caighdeáin is airde timpeallacht a chothú. Agus é sin ar intinn againn, ba mhaith linn an deis seo a thapú chun na dualgais atá orthu maidir leis an troid i gcoinne athrú aeráide a chur i gcuimhne d’Éicea-Scoileanna, go háirithe dóibh siúd a bhfuil Brat Glas acu faoi láthair.

Chuige sin, táimid ag iarraidh cur arís leis na rialacháin laistigh d’Éicea-Scoileanna chun a léiriú a thromchúisí atá Géarchéim na hAeráide a fógraíodh ar na mallaibh. Is trí athrú meoin agus trí chomhoibriú amháin faoi réir na spriocanna comhaontaithe céanna a dhéanfaimid dul chun cinn mór ag an leibhéal áitiúil, a mbeidh tionchar dá réir aige ar an leibhéal domhanda.

Agus muid ag meabhrú air sin, ba mhaith linn na beartais nua Éicea-Scoileanna seo a chur chun tosaigh:

• Ba chóir do scoileanna Plaistigh Aonúsáide a laghdú agus, nuair is féidir, a chealú ar fad agus málaí / coimeádáin in-athúsáidte a roghnú fiú le linn turais scoile agus imeachtaí lasmuigh den scoil (déan do Ghealltanas Plaisteach)

• Má scaoiltear balúin, tabharfar rabhadh don scoil. Má tharlaíonn scaoileadh eile balún ina dhiaidh sin, tarraingeofar siar gradam scoil ar bith a bhfuil Brat Glas aici.

• Ba cheart cosc iomlán a chur ar ghealra agus ar bhalúin ar thailte na scoile.

• Níor chóir go gcaithfí stáiseanóireacht nua a chur ar fáil gach scoilbhliain agus mholaimis go hard éadaí scoile a mhalartú ó bhliain go bliain nuair is féidir é.

Ach ní amháin go mbaineann sé le rudaí nach féidir a dhéanamh ach níos tábhachtaí arís na bearta is féidir a chur i gcrích!

Roinnt Céimeanna Dearfacha chun Lorg Carbóin do scoilse a laghdú

• Malartaigh agus bain athúsáid as éadaí scoile atá réasúnta maith

• Bain úsáid dhifriúil as earraí caillte

• Bain úsáid as gealra Éicea-bhách agus as sifíní páipéir

• Laghdaigh do lorg carbóin idirlín trí úsáid a bhaint as inneall cuardaigh ar nós Ecosia

• Ardaigh feasacht ar an obair den chéad scoth atá ar siúl ag do scoilse trí úsáid a bhaint as an haischlib #TacklingPlasticNI agus #liveherelovehere ar phostálacha ar na meáin shóisialta

• Scríobh litreacha chuig rialtais agus chuig Feisirí Parlaiminte áitiúla, déan baghcat ar earraí agus ar chomhlachtaí nach bhfuil inbhuanaithe, agus déan achainí chun dlíthe comhshaoil níos fearr a fháil

• Múch soilse agus fearais leictreacha nuair nach mbíonn siad in úsáid

• Déan do Ghealltanas Plaisteach sa scoil

• Bí páirteach sa chlár Éicea-Scoileanna ina measc ár dtionscadail, imeachtaí agus comórtais!

Ní liosta críochnúil é seo agus molaimid duit do chuid Éicea-éachtaí a roinnt linn sa dóigh is gur féidir linn daoine eile a spreagadh chun bheith rannpháirteach linn san obair éachtach s’agat. Le chéile, is féidir linn dul i ngleic leis an Chliseadh Aeráide agus Tuaisceart Éireann níos glaine agus níos glaise a chruthú. Ba é 10 mbliana ó shin an t-am ab fhearr chun beart a dhéanamh ar son na hAeráide, agus is é an t-am i láthair an dara huair is fearr lena dhéanamh.

Beart de réir ár mBriathair

Laistigh d’Oifig Keep Northern Ireland Beautiful s’againn, bheartaigh muid d’aon ghnó an lorg carbóin s’againn a laghdú. Chun dul i ngleic leis sin, tá na beartais seo a leanas forbartha againn:

• A luaithe is a ídítear an soláthar reatha d’earraí Éicea-Scoileanna, ní bheidh ‘málaí sólaistí’ á gcur ar fáil againn i ndiaidh dúinn Brat Glas a bhronnadh (ní bheidh an Brat Glas féin san áireamh leis sin a bhronnfar go leanúnach ar scoileanna le cur ar foluain ar a gcuid tailte – is rud mór é sin is fiú a cheiliúradh i ndeireadh na dála!)

• Tá a Ghealltanas Plaisteach Féin déanta ag gach ball foirne chun iarracht a dhéanamh Plaistigh Aonúsáide a laghdú

• Úsáid córas príobháideach iompair a laghdú agus úsáid níos minice a bhaint as córas poiblí taistil nuair is féidir

• Fearais leictreonacha a mhúchadh nuair nach mbíonn siad in úsáid

• Páipéar in-athúsáide a úsáid don phriontáil agus gan priontáil ach nuair a bhíonn fíorghá leis

• Na caighdeáin is airde timpeallacht a éileamh ar ár gcuid soláthraithe

Níl muid féin foirfe go fóill agus tá tuilleadh le cur leis an liosta ach bímid ag iarraidh feabhsú gach lá!