login

Airteagail na Nuachtlitreach RSS logo

Troid i Gcoinne Athrú Aeráide

Georgina Black   Tue 03 Sep 2019

Tá práinn nach beag laistigh de na heagraíochtaí uilig na caighdeáin is airde timpeallacht a chothú. Agus é sin ar intinn againn, ba mhaith linn an deis seo a thapú chun na dualgais atá orthu maidir leis an troid i gcoinne athrú aeráide a chur i gcuimhne d’Éicea-Scoileanna, go háirithe dóibh siúd a bhfuil Brat Glas acu faoi láthair.

Chuige sin, táimid ag iarraidh cur arís leis na rialacháin laistigh d’Éicea-Scoileanna chun a léiriú a thromchúisí atá Géarchéim na hAeráide a fógraíodh ar na mallaibh. Is trí athrú meoin agus trí chomhoibriú amháin faoi réir na spriocanna comhaontaithe céanna a dhéanfaimid dul chun cinn mór ag an leibhéal áitiúil, a mbeidh tionchar dá réir aige ar an leibhéal domhanda.

Agus muid ag meabhrú air sin, ba mhaith linn na beartais nua Éicea-Scoileanna seo a chur chun tosaigh:

• Ba chóir do scoileanna Plaistigh Aonúsáide a laghdú agus, nuair is féidir, a chealú ar fad agus málaí / coimeádáin in-athúsáidte a roghnú fiú le linn turais scoile agus imeachtaí lasmuigh den scoil (déan do Ghealltanas Plaisteach)

• Má scaoiltear balúin, tabharfar rabhadh don scoil. Má tharlaíonn scaoileadh eile balún ina dhiaidh sin, tarraingeofar siar gradam scoil ar bith a bhfuil Brat Glas aici.

• Ba cheart cosc iomlán a chur ar ghealra agus ar bhalúin ar thailte na scoile.

• Níor chóir go gcaithfí stáiseanóireacht nua a chur ar fáil gach scoilbhliain agus mholaimis go hard éadaí scoile a mhalartú ó bhliain go bliain nuair is féidir é.

Ach ní amháin go mbaineann sé le rudaí nach féidir a dhéanamh ach níos tábhachtaí arís na bearta is féidir a chur i gcrích!

Roinnt Céimeanna Dearfacha chun Lorg Carbóin do scoilse a laghdú

• Malartaigh agus bain athúsáid as éadaí scoile atá réasúnta maith

• Bain úsáid dhifriúil as earraí caillte

• Bain úsáid as gealra Éicea-bhách agus as sifíní páipéir

• Laghdaigh do lorg carbóin idirlín trí úsáid a bhaint as inneall cuardaigh ar nós Ecosia

• Ardaigh feasacht ar an obair den chéad scoth atá ar siúl ag do scoilse trí úsáid a bhaint as an haischlib #TacklingPlasticNI agus #liveherelovehere ar phostálacha ar na meáin shóisialta

• Scríobh litreacha chuig rialtais agus chuig Feisirí Parlaiminte áitiúla, déan baghcat ar earraí agus ar chomhlachtaí nach bhfuil inbhuanaithe, agus déan achainí chun dlíthe comhshaoil níos fearr a fháil

• Múch soilse agus fearais leictreacha nuair nach mbíonn siad in úsáid

• Déan do Ghealltanas Plaisteach sa scoil

• Bí páirteach sa chlár Éicea-Scoileanna ina measc ár dtionscadail, imeachtaí agus comórtais!

Ní liosta críochnúil é seo agus molaimid duit do chuid Éicea-éachtaí a roinnt linn sa dóigh is gur féidir linn daoine eile a spreagadh chun bheith rannpháirteach linn san obair éachtach s’agat. Le chéile, is féidir linn dul i ngleic leis an Chliseadh Aeráide agus Tuaisceart Éireann níos glaine agus níos glaise a chruthú. Ba é 10 mbliana ó shin an t-am ab fhearr chun beart a dhéanamh ar son na hAeráide, agus is é an t-am i láthair an dara huair is fearr lena dhéanamh.

Beart de réir ár mBriathair

Laistigh d’Oifig Keep Northern Ireland Beautiful s’againn, bheartaigh muid d’aon ghnó an lorg carbóin s’againn a laghdú. Chun dul i ngleic leis sin, tá na beartais seo a leanas forbartha againn:

• A luaithe is a ídítear an soláthar reatha d’earraí Éicea-Scoileanna, ní bheidh ‘málaí sólaistí’ á gcur ar fáil againn i ndiaidh dúinn Brat Glas a bhronnadh (ní bheidh an Brat Glas féin san áireamh leis sin a bhronnfar go leanúnach ar scoileanna le cur ar foluain ar a gcuid tailte – is rud mór é sin is fiú a cheiliúradh i ndeireadh na dála!)

• Tá a Ghealltanas Plaisteach Féin déanta ag gach ball foirne chun iarracht a dhéanamh Plaistigh Aonúsáide a laghdú

• Úsáid córas príobháideach iompair a laghdú agus úsáid níos minice a bhaint as córas poiblí taistil nuair is féidir

• Fearais leictreonacha a mhúchadh nuair nach mbíonn siad in úsáid

• Páipéar in-athúsáide a úsáid don phriontáil agus gan priontáil ach nuair a bhíonn fíorghá leis

• Na caighdeáin is airde timpeallacht a éileamh ar ár gcuid soláthraithe

Níl muid féin foirfe go fóill agus tá tuilleadh le cur leis an liosta ach bímid ag iarraidh feabhsú gach lá!