login

Éicea-Scoileanna Ambasadóra

Cad é a chiallaíonn sé a bheith i d’Éicea-Scoil Ambasadóra?

Is aitheantas é a bheith i d’Éicea-Scoil Ambasadóra nó Taidhleoireachta gur Éicea-Scoil inspioráideach shuaitheanta atá agat, ina bhfuil sárleibhéil cheannaireachta i measc daltaí agus tacaíocht ón scoil uilig a chinntíonn go mbíonn an inbhuanaitheacht leabaithe in éiteas na scoile. Mar Éicea-Scoil Ambasadóra, beidh athrú curtha i gcrích agat go héifeachtach i gcultúr na scoile agus beidh tú ábalta a thaispeáint go mbíonn rath ar an idirghníomhaíocht idir na daltaí agus an pobal.
Is scoileanna suaithinseacha a bhfuil an Brat Glas acu ar feadh trí bliana a thugann faoin ról seo.  Bítear ag súil le hÉicea-Scoil Ambasadóra a mBrat Ghlas a athnuachan gach dhá bhliain mar is gnách. 

Critéir éigeantacha d’Éicea-Scoileanna Ambasadóra

Is iad seo na critéir a bheadh bainte amach ag Éicea-Scoil Ambasadóra -
1.    Stádas an Bhrait Ghlais a bheith bronnta ar an scoil ar a laghad dhá uair taobh istigh de cheithre bliana as a chéile dá mb’fhéidir é (is féidir go gceadófaí bearna bheag san athnuachan ar chúinsí eisceachtúla)
2.    An scoil a bheith ag obair faoi láthair leis an phobal i gcoitinne nó á thabhairt isteach ina gcuid oibre Éicea-Scoileanna (mar shampla, ag obair le scoil eile, ball ón phobal a bheith acu ar an Éicea-Choiste, cuairt a thabhairt ar chomhlacht áitiúil le smaointe a roinnt leo, ag obair le grúpa áitiúil pobail/caomhnaithe le feabhas a chur ar cháilíocht an chomhshaoil áitiúil)
3.    Tá an inbhuanaitheacht leabaithe sa churaclam agus tá a fhianaise sin sna pleananna ceachta (mar shampla, bíonn taispeántais thart ar an scoil, samplaí d’obair ranga agus de phleanáil churaclaim ar fáil)
4.    Tá an inbhuanaitheacht ina cuid lárnach de chultúr na scoile, agus a fhianaise sin i bPlean Forbartha na Scoile, faofa ag Foireann Shinsearach Bainistíochta  agus ag Gobharnóirí na Scoile, agus is iad na daltaí a bhíonn ar thús cadhnaíochta ag plé le pobal na scoile uilig
5.    Bíonn an scoil i dteagmháil ar a laghad uair sa téarma le tuismitheoirí agus leis an phobal i gcoitinne agus í ag moladh dea-chleachtas inbhuanaithe
6.    Ní bhíonn aon bhruscar ina luí thart ar an scoil

Critéir Inmhianaithe d’Éicea-Scoileanna Ambasadóra

Is iad seo na réimsí ab fhiú d’Éicea-Scoileanna Ambasadóra a chlúdach -
1.    Tá an scoil bainteach le cláir agus le feachtais eile de chuid Keep Northern Ireland Beautiful (mar shampla Mórghlantóireacht an Earraigh, Caomhnaigh Cearn Bheag, Páirc áitiúil Ghradaim an Bhrait Ghlais, trá áitiúil an Bhrait Ghoirm)
2.    Tá bealaí feidhmiúla nó uathúla curtha in áit ag an scoil chun monatóireacht a dhéanamh ar thionchar agus chun spriocanna a bhaint amach, ina mbíonn gach dalta agus ball foirne páirteach (mar shampla, taifeadtar sonraí agus cuirtear iad ar taispeáint don scoil ar fad le breathnú orthu, bíonn an fhoireann eolach ar ídiú a laghdú agus glacann siad páirt ann)
3.    Bíonn an scoil ag plé lena gcuid Bunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna áitiúla/friothálacha le tacú leo ina ndul chun cinn mar Éicea-Scoileanna (mar shampla, buaileann an tÉicea-Choiste le hÉicea-Choistí eile, tá fianaise ann go mbítear ag comhroinnt smaointe)

Ról Éicea-Scoil Ambasadóra

Chomh maith le bheith ina sárscoil Bhrat Glas beifear ag moladh Éicea-Scoil Ambasadóra as ucht a bheith ina heiseamláir ar dhea-chleachtas i gclár Éicea-Scoileanna. Bheifí ag cur na scoile chun cinn mar eiseamláir ar dhea-chleachtas ar ár suíomh idirlín, ar na meáin shóisialta, ag imeachtaí oiliúna agus ag ócáidí. Dá mb’fhéidir é (ag brath ar an scoil a bheith ar fáil) b’fhearr go mór linn Éicea-Scoileanna Ambasadóra a bheith i láthair ag ócáidí amhail cruinnithe Cnuasghrúpaí, ceiliúrthaí tionscadail agus imeachtaí níos mó ná sin amhail Ceiliúradh Comórtha 20 Bliain Éicea-Scoileanna. Ag ócáidí den chineál sin, is féidir go n-iarrfaimis ar Éicea-Scoileanna Ambasadóra smaointe a chur i láthair nó a chomhroinnt le hÉicea-Scoileanna eile.
Oibreoidh Éicea-Scoileanna Ambasadóra i gcuideachta Éicea-Scoileanna eile nach bhfuil an Brat Glas bainte amach acu a chuidiú leo ina gclár Éicea-Scoileanna, agus ról meantóireachta acu, le cuidiú, comhairle agus leideanna agus noda úsáideacha a roinnt leo.
Cruthóidh Éicea-Scoileanna Ambasadóra tuairisc ar a seal mar Ambasadóir i bhfoirm cás-staidéir, dialann ghrianghraf nó físdialann is féidir a chomhroinnt le scoileanna eile trí shuíomh gréasáin Éicea-Scoileanna.
Leanfaidh Éicea-Scoil Ambasadóra uirthi ag tacú le tionscnaimh agus le feachtais eile de chuid Keep Northern Ireland Beautiful mar is féidir agus mar is cuí.
Gheobhaidh an Éicea-Scoil Ambasadóra plaic teastais a bheas le cur ar taispeáint sa scoil a chur chun cinn a stádais mar eiseamláir barr feabhais. Beidh oifigeach tionscadail Éicea-Scoileanna ar fáil chun treoir agus cuidiú a thabhairt duit i do ról mar Éicea-Scoil Ambasadóra.

An Chéad Chéim Eile

Más dóigh leat go bhfuil do scoil incháilithe le bheith ina hÉicea-Scoil Ambasadóra agus gur mhaith leat go gcuirfí san áireamh thú nó gur mhaith leat tuilleadh eolais faoin phróiseas, gabh i dteagmháil le Ruth Van Ry ar 028 9073 6920 nó cuir r-phost chuig ruth.vanry@keepnorthernirelandbeautiful.org.

Éicea-Scoileanna Ambasadóra reatha:

Ballycraigy Primary School, Aontroim

Belmont Primary School, Béal Feirste

Downpatrick Nursery School, Dún Padraig

Fair Hill Primary School, Droim Mór

Fairview Primary School, Baile an Chláir

St Mary's Primary School, Baile na Croise

Ulidia Integrated College, Carraig Fhearghais

Cumran Primary School, Clough

Jones Memorial Primary School, Enniskillen

Mill Strand Integrated Primary School, Portrush

St Bronagh's Primary School, Rostreveor

St Colm's High School, Baile na Croise

St Columba's Primary School, Clady

St Columba's Primary, Straw, Baile na Croise

St Francis Primary School, Lurgan

St Mary's High School, Newry

Waringstown Primary School, Lurgan

McClintock Primary School, Omagh

Kilronan School, Magherafelt

St Ita's Primary School, Belfast

Forge Integrated Primary School, Belfast