login

Gradam an Bhrait Ghlais

Critéir don Bhrat Ghlas

Le haghaidh liosta iomlán de chritéir an Bhrait Ghlais, féach Critéir na nGradam.

Iarratais agus Athnuachan ar an Bhrat Ghlas

Má tá tú ag cur isteach iarratais ar Bhrat Glas don chéad uair nó ag athnuachan stádas do Bhrait Ghlais, is é an próiseas iarratais céanna é (seachas rannóg bhreise le haghaidh athnuachana).

Mar chuid de d’iarratas ar Bhrat Glas iarrtar ort fianaise a thabhairt a thacú le do ráitis nó do fhreagraí. Cinntigh le do thoil gurb ann don fhianaise seo, ach ná déan a dhath léi ag an chéim seo – a fhad is go bhfuil a fhios agat an áit a bhfuil sí má bhíonn sí de dhíth!

Cur isteach le haghaidh Brat Glas ar líne.

Níl aon spriocdháta ann le haghaidh iarratais a chur isteach agus is féidir leat iarratus a chur chugainn am ar bith le linn na scoilbhliana. Tabhair do d’aire áfach, chun cuairt mheasúnachta a chinntiú roimh dheireadh na scoilbhliana seo, ba chóir go dtiocfadh d’fhoirm iarratais chugainn faoi na spriocdhátaí d’iarratais a shocraítear gach bliain.

Déanfaidh oifig Éicea-Scoileanna d’fhoirm mheasúnaithe agus do chuid iatán a admháil agus a phróiseáil. Rachfar i dteagmháil le do scoil chun dáta oiriúnach le haghaidh cuairt mheasúnachta a shocrú. Le linn na cuairte seo is féidir go n-iarrfaidh an measúnóir cuid den fhianaise a dtagraítear di i d’fhoirm iarratais nó í uilig a fheiceáil, agus beidh siad ag iarraidh labhairt le idir dhaltaí agus bhaill foirne faoin bhaint atá acu leis an scéim.

I ndiaidh na cuairte má éiríonn leat, gheobhaidh tú litir dheimhnithe, teastas agus Brat Glas.

Mura n-éiríonn le d’iarratas, cuirfear an fhoirm ar ais chugat le míniúchán, agus treoir éigin ar an dóigh le hathaighneacht a dhéanamh; tabharfar moltaí maidir le dul chun cinn.