login

Do Ghradam a athnuachan

Nuair a bhíonn Brat Glas bronnta ar scoil bíonn uirthi athiarratas a chur isteach don ghradam gach dhá bhliain. Is í an fhoirm iarratais chéanna a bhíonn ann d’iarratais tosaigh agus athnuachana.

Ní thabharfar cuairt le haghaidh measúnaithe ar gach scoil a dhéanann athnuachan ar a mbrat. Is é ceithre bliana an tréimhse is faide idir cuairteanna suímh le haghaidh athnuachan bhrait. Is ar na nithe seo a leanas a bhunófar an cinneadh cé air a dtabharfar cuairt: an t-eolas a fhaightear san iarratas, eolas ar an scoil, más Éicea-Scoil Ambasadóra í an scoil, cé acu a comhlíonadh riachtanais ó mheasúnuithe a rinneadh roimhe sin agus rialtacht na hathnuachana. B’fhéidir go n-iarrfaí ort beagán níos mó sonraí a thabhairt i roinnt réimsí lena shoiléiriú cé acu atá cuairt suímh de dhíth ort nó nach bhfuil. Má tá ceist ar bith eile agat i dtaca leis an phróiseas seo téigh i dteagmháil le foireann Éicea-Scoileanna.

Tá sé éasca Gradam do Bhrait Ghlais a athnuachan. Tá trí chroíghné a bhaineann leis an ghnó:

  1. An rud a rinne tú le haghaidh Brait Ghlasa eile a choinneáil.
    Beidh ár measúnóirí ag iarraidh fianaise a fheiceáil gur coinníodh obair a rinneadh le haghaidh Brait Ghlasa roimhe seo. Ba chóir tagairt go sonrach don obair leanúnach sin i do chuid Pleananna Gníomhaíochta.
  2. Aon mholadh a thugtar a chur i gcrích.
    Beidh litir seolta chugat ag ár measúnóirí le do Bhrat Glas agus do theastas roimhe seo, agus má tá moladh ar bith sa litir sin, beidh siad ag súil leis gur thug tú aghaidh orthu sin roimh an chéad mheasúnacht eile. Ná bíodh aon mhoill ort dul i dteagmháil le foireann Éicea-Scoileanna má bhíonn aon chomhairle eile de dhíth ort faoin rud le déanamh.
  3. An clár a shíneadh amach.
    Faoi láthair cuireann Éicea-Scoileanna clár de dheich dtopaicí ar fáil. Caithfidh scoileanna an tAthbhreithniú Timpeallachta a dhéanamh ar bhonn bliantúil do gach ceann de na deich dtopaicí, ach ansin bíonn siad saor lena rogha féin a phiocadh le díriú uirthi, agus iad ag dul i ngleic le níos mó topaicí do gach Brat Glas i ndiaidh a chéile.