login

Cad é an tairbhe a bhaineann leis?

Is clár daonlathach rannpháirtíochta é Éicea-Scoileanna a thugann deis iontach do dhaltaí taithí a fháil ar shaoránacht ghníomhach agus iad ar scoil. Is iomaí tairbhe a bhaineann leis i dtaca le scoileanna agus leis an phobal trí chéile. Orthu sin áirítear iad seo a leanas:

Déanann sé difear

Ní hé amháin go dtéann an clár i bhfeidhm ar shláinte chomhshaoil scoile ach fosta sábháiltear airgead dá bharr.  

Na gníomhaíochtaí a dhéantar is geall le sábháil airgid iad i dtaca le billí fuinnimh, úsáid uisce, bailiú dramhaíola scoile srl.  Cruinnítear airgead don scoil fosta trí bhruscar a laghdú agus ábhar a bhailiú lena athchúrsáil.  

Chuir muid le chéile roinnt fíricí agus figiúirí faoin choigilt shuntasach is féidir le scoileanna a dhéanamh trína gcuid gníomhaíochtaí Éicea-Scoile. Léiríonn an graf faisnéise seo cá mhéad airgid a thiocfadh le scoileanna a shábháil dá laghdódh siad uilig a n-ídiú fuinnimh agus dá gcuirfeadh siad bruscar ar mhalairt slí trí athchúrsáil mhéadaithe seachas a chur chuig líonadh talaimh, agus cá mhéad turas cairr a thiocfadh a bhaint de na bóithre s’againn dá gcuirfí leis an líon turais inbhuanaithe chun na scoile agus leis an líon daoine atá bainte leo.  Bailíonn brobh beart!

Brat Glas Éicea-Scoileanna

Is deis í seo do bhur scoil oibriú i dtreo gradam dearscnaitheach an Bhrait Ghlais a bhfuil clú is cáil air go hidirnáisiúnta. Is breá le páistí an Brat a fháil – is dóigh shuntasach é le taispeáint do bhur ndaltaí cad é chomh maith agus a d’ éirigh leo!

Feasacht Mhéadaithe Comhshaoil

Spreagtar daltaí (chomh maith le múinteoirí agus baill eile foirne!) a gcuid eolas nua comhshaoil a úsáid i saol laethúil na scoile. Cuidíonn sé sin le daltaí an tábhacht a fheiceáil a bhaineann leis an ábhar a fhoghlaimíonn siad sa seomra ranga.

Timpeallacht Fheabhsaithe Scoile

Spreagtar daltaí (chomh maith le múinteoirí agus baill eile foirne!) a gcuid eolas nua comhshaoil a úsáid i saol laethúil na scoile. Cuidíonn sé sin le daltaí an tábhacht a fheiceáil a bhaineann leis an ábhar a fhoghlaimíonn siad sa seomra ranga.

Timpeallacht Fheabhsaithe Scoile

Is féidir le daltaí agus baill foirne obair le chéile ar cheisteanna ar nós laghdú bruscair agus dramhaíola agus an scoil a reáchtáil ar dhóigh a chuireann an comhshaol san áireamh.

Baint a bheith ag an Phobal Áitiúil leis

Tá saineolas ag gnólachtaí áitiúla ina lán réimsí de bhainisteoireacht comhshaoil agus d’fhéadfaí go mbeadh siad toilteanach comhoibriú leis an tionscadal Éicea-Scoileanna. Bíonn an comhphobal níos dlúithe dá chéile dá bharr.

Teacht ar ghréasán áisíneachtaí tacaíochta

Tugann Eagraíochtaí Comhpháirtíochta Soláthair Éicea-Scoileanna tacaíocht d’Éicea-Scoileanna cláraithe, ag soláthar ábhair ar gach ceann de Dheich dTopaic an chláir. Le dul i dteagmháil le heagraíocht comhpháirtíochta Éicea-Scoileanna, cliceáil anseo.

Naisc churaclaim

Tá acmhainní teagaisc, ábhair curaclaim agus smaointe le haghaidh tionscadal, gníomhaíochtaí agus imeachtaí ar fáil do gach Éicea-Scoil chláraithe. Le haghaidh tuilleadh eolais ar na dóigheanna a nascann Éicea-Scoil le Curaclam Leasaithe Thuaisceart Éireann, cliceáil anseo.

Daltaí a Chumasú

Tríd an phróiseas dhaonlathach a bhaineann le hÉicea-Scoileanna, tig le daltaí dul i gceannas ar a dtimpeallacht féin, ag foghlaim agus ag glacadh cinntí faoin dóigh lena dtimpeallacht bhaile agus scoile a fheabhsú.

Airgead a Shábháil

Is féidir go sábhálfaí airgead i mbillí fuinnimh agus uisce na scoile trí ghníomhaíochtaí a dhéantar i rith an chláir. Is féidir, trí bhruscar a laghdú agus ábhair a bhailiú le haghaidh athchúrsála, go gcuideodh sé airgead a dhéanamh ar son na scoile.

Léirítear i dtorthaí taighde a rinneadh ar Éicea-Scoileanna ó Phoblacht na hÉireann go ndéantar sábháil shuntasach costas tríd an bhaint le hÉicea-Scoileanna, go háirithe trí staidéar a dhéanamh ar na topaicí fuinnimh, dramhaíola, uisce agus taistil. Rinneadh sábháil fuinnimh 16kwu per capita, mar shampla (méid an tsampla > 230,000) ag sábháil os cionn £610,000 sa bhliain. Léiríodh gur athraigh teaghlaigh daltaí a d’fhreastail ar Éicea-Scoileanna a gcuid nósanna fosta, cuir i gcás, ag athchúrsáil 5% níos mó gloine, alúmanaim srl. ná teaghlaigh eile nár bhain le hÉicea-Scoileanna. Má dhéantar eachtarshuí do Thuaisceart Éireann, ag cur san áireamh go mbíonn 50% de scoileanna páirteach agus go mbeidh sábháil trasna na gceithre hachar topaice is féidir go ndéanfaí níos mó ná £1.5milliún de choigilteas.

Teagmhálacha Idirnáisiúnta

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an Chlár Idirnáisiúnta Éicea-Scoileanna.

Le haghaidh eolais ar naisc a chruthú le hÉicea-Scoileanna eile i dTuaisceart Éireann nó in aon tír eile atá páirteach, Déan teagmháil linn le haghaidh cuidithe agus treorach.

Ní hé amháin go dtugann na naisc seo an seans chun eolas comhshaoil a roinnt idir scoileanna ach is féidir iad a úsáid chomh maith le haghaidh malartú cultúrtha agus feabhas a chur ar scileanna teanga.

Tairbhe Éicea-Scoileanna do Chomhairlí

  • Scéim réamhdhéanta le cuidiú leis an chomhairle a gclár oideachais a sholáthar i scoileanna;
  • Laghdú ar mhéid an bhruscair sna sráideanna thart ar na scoileanna agus sa cheantar;
  • Laghdú ar phlódú tráchta agus níos mó sábháilteachta timpeall na scoileanna;
  • Feasacht mhéadaithe ar úsáid áiseanna athchúrsála na comhairle agus feabhas dá réir ar ráta athchúrsála an cheantair;
  • Úsáid mhéadaithe áiseanna fóillíochta na comhairle trí ghnéithe maireachtáil fholláin Éicea-Scoileanna; agus
  • Laghdú ar ídiú an fhuinnimh sna scoileanna agus i dtithe na ndaltaí rud a thugann laghdú ar leibhéil an truaillithe ar fud an cheantair.