login

Ceisteanna Coitianta (CCanna)

  1. Cad é mar a chláraím mo scoil ar chlár Éicea-Scoileanna?
  2. Cad é mar a fhaighim liosta Éicea-Scoileanna i dTuaisceart Éireann? An bhfuil mo scoil cláraithe cheana féin?
  3. Cad é mar a chuirim isteach le haghaidh gradaim?
  4. An bhfuil spriocdháta ann le haghaidh cur isteach don Bhrat Ghlas s’againn?
  5. Cad é a tharlaíonn le linn measúnacht Brat Glas?
  6. Cad é mar a fhaighim cuidiú praiticiúil leis an chlár?
  7. Cá mhinice a chaithfimid ár mBrat Glas a athnuachan?
  8. An féidir le mo scoil aon chúnamh airgeadais a fhail?
  9. An bhfuil scoileanna eile i mo cheantar a dtig leo comhairle a chur orainn?
  10. Cé leis a dtéim i dteagmháil le haghaidh cuidithe?
  11. Cad é mar a d’éireoinn i mo mheasúnóir Brat Glas?
  12. Cad é a dhéanaim má bhíonn mo shonraí logáil isteach dearmadta agam?
  13. An bhfuil cead agam lógó Éicea-Scoileanna a úsáid?
  14. Cá dtig liom teimpléid don Athbhreithniú Comhshaoil agus don Phlean Gníomhaíochta a íoslódáil?
  15. Cén cineál scoileanna ar féidir leo dul i bpáirt le hÉicea-Scoileanna?
  16. An gcaithfidh scoil dul trí gach céim gradaim?

1. Cad é mar a chláraím mo scoil ar chlár Éicea-Scoileanna?

www.keepnorthernirelandbeautiful.org Caithfidh tú pasfhocal agus seoladh r-phost a roghnú do do chlárú. Beidh siad sin de dhíth ort le cur isteach ar na gradaim.

I ndiaidh duit do scoil a chlárú, cuirfear r-phost deimhnithe agus eolais chugat ó oifig Éicea-Scoileannna.

2. Cad é mar a fhaighim liosta Éicea-Scoileanna i dTuaisceart Éireann? An bhfuil mo scoil cláraithe cheana féin?

Is féidir cuardach a dhéanamh ar bhunachar nuashonraithe Éicea-Scoileanna ag www.keepnorthernirelandbeautiful.org. Ní féidir le scoileanna clárú ach uair amháin ar an chlár.

3. Cad é mar a chuirim isteach le haghaidh gradaim?

Is foireann de mheasúnóirí oilte deonacha a dhéanann measúnú ar Ghradaim an Bhrait Ghlais”.  Líon amach an t-iarratas ar líne atá istigh sa Scoilzón, agus cuir an tAthbhreithniú Timpeallachta, Plean Gníomhaíochta agus Éicea-chód s’agaibh sa Leabharlann Acmhainní mar a ndéanfar iad a cheangal go huathoibríoch le bhur n-iarratas. Cuir bhur gcuid sonraí monatóireachta leis an Sonrazón agus ceanglófar é sin fosta le bhur n-iarratas.  Tabharfaidh oifig Éicea-Scoileanna admháil duit go bhfuarthas an t-iarratas agus, má fhaomhtar é, beidh muid i dteagmháil leat le cuairt mheasúnaithe a shocrú do do scoil. Má bhíonn aon cheist faoin iarratas é féin, rachaidh muid i dteagmháil leat lena phlé.

4. An bhfuil spriocdháta ann le haghaidh cur isteach don Bhrat Ghlas s’againn?

Glacaimid le hiarratais don Bhrat Ghlas in am ar bith i rith na bliana ach faightear anseo thíos roinnt spriocdhátaí le haghaidh iarratas dá mba mhaith leat measúnú a bheith déanta ort roimh am áirithe sa bhliain -

  • Green Flag Renewals – Friday 29th January 2021  – this is the deadline for all schools who are renewing their Green Flags this year. Assessments will be scheduled between February and May. Some renewal schools may not receive a site visit, see the website for more details.
  • New Green Flags – Friday 19th March 2021  – this is the deadline for all schools who are going for their first Green Flag this year. Assessments will be scheduled between April and June.

Déanfaimid ár ndícheall scoileanna a mheas a chuireann iarratas isteach i ndiaidh na spriocdhátaí molta ach seans go mbeadh sé sin deacair, go háirithe i dtéarma an tsamhraidh, a bhíonn an-ghnóthach. Mar sin de, bí ar thús an tslua agus seol d’iarratas isteach go luath. Bímid i gcónaí sásta cuidiú le ceisteanna maidir le hiarratais mheasúnaithe ar 02890 736920 nó ar r-phost eco-schools@keepnorthernirelandbeautiful.org.

5. Cad é a tharlaíonn le linn measúnacht Brat Glas?

Ba chóir go ndéanfaí an mheasúnacht iomlán taobh istigh d’uair amháin no dhá uair a chloig. Beidh an dá mheasúnóir ag súil leis na rudaí seo a leanas tarlú le linn measúnachta [ní bhíonn siad ag súil le cur i láthair foirmiúil mar go mbíonn an t-eolas sin ar fad sa tuairisc]:

  • Na cáipéisí cuí ar fad a athbhreithniú: Eco-Code, miontuairiscí cruinnithe ar bith [in aon fhormáid], d’athbhreithniú timpeallachta agus do phlean gníomhaíochta;
  • Clár Fógraí Éicea-Scoileanna a bhreathnú;
  • Casadh leis an Éicea-Choiste;
  • Turas a bheith acu thart ar an scoil faoi threoir an Éicea-Choiste, ab fhearr;
  • Bualadh le daltaí ó réimse ranganna agus aoisghrúpaí; agus
  • Torthaí roinnt gníomhaíochtaí a bhreathnú.

Molfaidh an fhoireann measúnaithe pas nó teip nó b’fhéidir pas ach roinnt moltaí a chur i gcrích.

Má éiríonn le do scoil, gheobhaidh tú Brat Glas le cur ar taispeáint i do scoil chomh maith le litir chomhghairdis.

6. Cad é mar a fhaighim cuidiú praiticiúil leis an chlár?

Oibríonn Éicea-Scoileanna i dTuaisceart Éireann go dlúth le roinnt eagraíochtaí oideachais agus imshaoil chun an clár a sholáthar.   Tá an chuid is mó den 11 chomhairle áitiúla bainte leis an chlár. Ní fhéadfadh Keep Northern Ireland Beautiful an clár a thabhairt mar is ceart gan cuidiú na n-eagraíochtaí sin.  Más scoil sibh atá sa chlár agus má tá cuidiú praiticiúil de dhíth oraibh le ceann ar bith de na topaicí téigí i dteagmháil le bhur dtoil lenár gComhpháirtithe Seachadta.  Faightear a gcuid sonraí teagmhála sa rannán darb ainm Comhpháirtithe. 

7. Cá mhinice a chaithfimid ár mBrat Glas a athnuachan?

Maireann gach gradam Brat Glas ar feadh dhá bhliain. Sula dtéann do Bhrat Glas ar ceal, ba cheart duit foirm iarratais Brat Glas a chomhlánú agus a chur isteach chun do bhrat a athnuachan. Mura bhfuil tú cinnte cá huair a fuair tú do Bhrat Glas deireanach, déan teagmháil le hoifig Éicea-Scoileanna ar 028 9073 6920.

8. An féidir le mo scoil aon chúnamh airgeadais a fhail?

Ó am go chéile, bíonn deontais agus cúnamh airgeadais ar fáil do scoileanna ar an chlár Éicea-Scoileanna. Déanfar iad sin a fhógairt ar ár suíomh gréasáin ag www.keepnorthernirelandbeautiful.org.

9. An bhfuil scoileanna eile i mo cheantar a dtig leo comhairle a chur orainn?

Is féidir léarscáil de scoileanna Brat Glas a fhail ar an suíomh gréasáin ag www.keepnorthernirelandbeautiful.org.  Ba chóir go dtiocfadh le scoileanna a fuair a mBrat Glas comhairle a chur ort.

10. Cé leis a dtéim i dteagmháil le haghaidh cuidithe?

Gabh i dteagmháil, de chéaduair, le hoifig Éicea-Scoileanna ar 028 9073 6920.

11. Cad é mar a d’éireoinn i mo mheasúnóir Brat Glas?

Déantar oiliúint iomlán agus seiceáil póilíní ar ár gcuid measúnóirí deonacha Brat Glas. Eagraímid dhá sheisiún traenála de ghnáth sa bhliain. Ba chóir do gach measúnóir bheith tiomanta do dhá mheasúnú ar a laghad a dhéanamh sa bhliain. Is féidir a shocrú ar mheasúnú a dhéanamh ar scoileanna atá cóngarach duit. Cúitítear le measúnóirí aon chostais taistil a bhíonn orthu chun scoileanna a mheasúnú.

Le haghaidh tuilleadh eolais, gabh i dteagmháil le hoifig Éicea-Scoileanna ag 028 9073 6920.

12. Cad é a dhéanaim má bhíonn mo shonraí logáil isteach dearmadta agam?

Téigh i dteagmháil le hoifig Éicea-Scoileanna ag 028 9073 6920 nó cuir r-phost chuig eco-schools@keepnorthernirelandbeautiful.org  le hainm do scoile agus an postchód ionas go dtig linn do shonraí logáil isteach a dheimhniú.

13. An bhfuil cead agam lógó Éicea-Scoileanna a úsáid?

Níl cead ag scoileanna lógó Éicea-Scoileanna a úsáid ach amháin nuair atá a nGradam Brat Glas bainte amach acu. Le teacht ar chóip den lógó cuir r-phost chuig eco-schools@keepnorthernirelandbeautiful.org agus tabhair ainm agus postchód do scoile.

14. Cá dtig liom teimpléid don Athbhreithniú Comhshaoil agus don Phlean Gníomhaíochta a íoslódáil?

Is féidir teimpléid a íoslódáil le cuidiú leat Athbhreithniú Comhshaoil a dhéanamh agus Plean Gníomhaíochta a dhearadh sa rannóg Próiseáil.

15. Cén cineál scoileanna ar féidir leo dul i bpáirt le hÉicea-Scoileanna?

Is féidir le scoil de chineál ar bith dul i bpáirt le hÉicea-Scoileanna. Clúdaíonn sé sin naíscoileanna, bunscoileanna, iar-bhunscoileanna, scoileanna speisialta, lárionaid leanaí agus aonaid atreorach daltaí. Má tá tú éiginnte faoi cé acu atá tú i dteideal dul isteach i gclár Éicea-Scoileanna nó nach bhfuil, téigh i dteagmháil le hoifig Éicea-Scoileanna ag 028 9073 6920 nó seol r-phost chuig eco-schools@keepnorthernirelandbeautiful.org

16. An gcaithfidh scoil dul trí gach céim gradaim?

Is féidir le scoileanna roghnú dul trí gach céim gradaim (Cré-umha, Airgead, agus Brat Glas) ach níl sé éigeantach. Is féidir le scoil a nGradam Cré-umha a fháil agus ansin oibriú i dtreo an Bhrait Ghlais láithreach. Sin nó thiocfadh le scoil dul díreach i dtreo an Bhrait Ghlais ó am a gcláraithe, ag brath ar an mhéid oibre atá déanta.