login

Mise agus Madagascar

How to use these materials

Animal

Is é Madagascar an ceathrú hoileán is mó ar domhan. Is ceann de 17 ‘teophointí na bithéagsúlachta’ é ina bhfaightear an chuid is mó de bhithéagsúlacht an domhain. Tá bagairt ar éiceachórais ilchineálacha agus ar fhiabheatha uathúil an oileáin mar gheall ar riachtanais an phobail dhaonna atá ag fás as éadan ansin agus mar gheall ar an iliomad bagairtí timpeallachta atá ann. Trí fhoghlaim faoi Mhadagascar foghlaimeoidh tú fosta faoin dóigh a n-imríonn an comhshaol tionchar orthu sin, an dóigh a maireann daoine eile, agus an dóigh a bhfuil muid uilig gaolta le daoine eile agus leis an timpeallacht ar fud an domhain.

Tá na Ceachtanna agus na hÁbhair Thacaíochta seo ar fáil ag leibhéil na Bunscoile agus na hIar-Bhunscoile araon, agus tá nasc idir iad agus Curaclam TÉ, topaicí Éicea-Scoileanna, na Spriocanna um Fhorbairt Inbhuanaithe agus cuspóirí Churaclam an 21ú hAois. Is acmhainní taitneamhacha, idirghníomhacha, traschuraclaim iad is féidir a úsáid sa seomra ranga nó tríd an Éicea-Choiste, agus baineann siad le leibhéil an churaclaim/ranga, na scoile uile agus an phobail. Trí chur le tuiscint ar an chás i dtaca le réimse téamaí i Madagascar, foghlaimíonn scoláirí áitiúla faoina n-áit sa domhan agus faoin dóigh a dtéann an domhan i gcion ar a saol féin.

Le cois an eolais ar na saintopaicí faightear eolas ginearálta ar Mhadagascar agus ar ghnéithe domhanda níos leithne a bhaineann leis na Spriocanna um Fhorbairt Inbhuanaithe. Tagann eolas leis na seónna sleamhnán is féidir le múinteoirí a roghnú chun réimse spriocanna curaclaim a theagasc; agus tugtar naisc leo sin. Roghnaigh topaic agus pioc roinnt éigin de na hábhair thacaíochta agus de na gníomhaíochtaí a mholtar chun co cheachtanna pearsantaithe a thabhairt.

Acmhainní Teagaisc

Cliceáil ar na híomhánna thíos chun na comhaid acmhainne a oscailt.


Sleamhnáin
(.ppt)
Nótaí Múinteora: Eochairchéim 2(.pdf)
Nótaí Múinteora: Eochairchéim 3 (.pdf) Fíricí agus Figiúirí Eochairchéim 3 (.pdf)
Dífhoraoisiú
Is Beatha é an tUisce

Support materials

Introduction to Madagascar

Biodiversity on Madagascar

Big Problems Exciting Solutions

Key Stage 2 Curriculum Links

Key Stage 3 Curriculum Links

Best Practice in Madagascar

ADSUM

These resources were developed in association with the Adsum Foundation.