login

Spriocanna um Fhorbairt Inbhuanaithe

Sustainable development goals

Is é atá sna Spriocanna um Fhorbairt Inbhuanaithe (SPInna) sraith de thosaíochtaí domhanda lena chinntiú go mbaintear amach leas eacnamaíoch, comhshaoil, sóisialta agus cultúrtha do gach duine ar fud an domhain.  Is spriocanna uaillmhianacha iad ag rialtais ar fud an domhain le baint amach, ach tig linn a lán a dhéanamh ar scoil agus sa bhaile le cuidiú leo.

B’fhéidir go sílfeá na spriocanna seo a bheith ollmhór ar dtús ach tig linn uilig bogadh ina dtreo. Tá a lán moltaí iontacha sa Treoir seo faoi rudaí is féidir leat a dhéanamh le cuidiú ó do tholg, sa bhaile agus níos mó ag brath ar an mhéid ama agus iarrachta a thig leat a chur isteach.  Tig le gach duine cuidiú!

Níl tú cinnte cad é atá i gceist leis seo? Amharc ar an fhíseán cuidiúil seo ó UNICEF na hIorua agus ó Chumann NA na hIorua.

SUSTAINABILITY from ANIMASKIN on Vimeo.

Na SFInna sa Scoil

Tá sraith pleananna ceachta ar shuíomh gréasáin Spriocanna Domhanda do dhaltaí de gach aois faoi choinne gach ceann de na 17 spriocanna, mar sin tá a lán deiseanna lena nascadh le d’obair churaclaim.

Cén fáth nach nglacfá páirt sa cheacht is mó ar domhan ó 18 Mean Fómhair 2017 leis na spriocanna a chur i láthair do scoile. Tá acmhainní saora ann chun tionól nó ceacht ranga a ghlacadh, is féidir teastais rannpháirtíochta a íoslódáil fiú ina dhiaidh! Le cuidiú leat níos mó a fhoghlaim faoi na SFInna tá  cúrsa ar líne ar fáil fiú amháin do mhúinteoirí nó d’oideachasóirí eile atá ag iarraidh daoine eile a theagasc.

Amharc cén dóigh a mbíonn Éicea-Scoileanna ag teacht le Spriocanna um Fhorbairt Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (.pdf 0.3MB).