login

Nuachtlitreacha RSS logo

Deis AN-MHÓR Amháin

Georgina Black   Tue 19 Nov 2019

Tá comhairliúchan seolta ag an Roinn Talmhaíochta, Timpeallachta agus Gnóthaí Tuaithe chun plean 25 bliain don timpeallacht s’againn a fhorbairt.

Tugann sin Deis AN-MHÓR amháin duit difear suntasach a dhéanamh agus táimid ag iarraidh go gcluine lucht déanta cinntí uaitse.

Seo an dóigh chun é a dhéanamh: Cóipeáil agus greamaigh na mianta timpeallachta atá liostaithe anseo thíos, agus seol ríomhphost ar ais chuig esni@daera-ni.gov.uk roimh 5 i.n. ar 23 Nollaig 2019.

Ná déan dearmad a rá cé thú féin agus cén aois thú.

Tá sé chomh furasta sin. Úsáid ríomhphost AMHÁIN chun an Deis AN-MHÓR AMHÁIN a thapú agus tionchar fadtéarmach a bheith agat ar an timpeallacht s’againn.

#DEIS AN-MHÓR AMHÁIN

------------------------------------------------------

Freagra ar Cheist Uimh. 1

Pobail níos sláintiúla a fhorbairt trí dheiseanna a thabhairt dóibh a bheith taobh amuigh le chéile níos minice i spásanna poiblí insroichte agus maitheas a dhéanamh agus a mhothú go maith trí bheart praiticiúla ar son na timpeallachta.

Ba chóir go nascfadh sé seo le straitéisí eile a bhaineann le forbairt inbhuanaithe, meabhairshláinte agus folláine. Léiríonn an taighde na tairbhí a bhaineann le hobair dheonach do shláinte an duine trí chéile.

Freagra ar Cheist Uimh. 4

Gach duine óg a chur ar an eolas maidir le cliseadh na haeráide, cailliúint na fiabheatha agus truailliú plaisteach na mara agus cad é atá i ndán don todhchaí s’againn. Cuidigh linn bealaí a aimsiú chun feasacht a ardú agus beart a dhéanamh le chéile. Éigeandáil aeráide a fhógairt.

Freagra ar Cheist Uimh. 5

Níos mó airgid a infheistiú in iompar poiblí chun an spleáchas ar charranna a laghdú agus cáilíocht an aeir a fheabhsú.

Freagra ar Cheist Uimh. 7

Níos mó crainn dhúchasacha a chur. Tá an líon is lú crann againn i measc thíortha na hEorpa agus ba mhaith linn 20% den tír s’againn a bheith faoi chrainn: tábhachtach chun borradh a chur faoin dúlra.

Sochaí saor ó dhramhaíl a chruthú áit a n-úsáidimid níos lú, a gcuirimid amú níos lú agus a stopaimid truailliú sna farraigí s’againn. Agus caithfidh rud ar bith a úsáidimid, lena n-áirítear plaistigh aon-úsáide a bheith mar chuid de gheilleagar ciorclach dáiríre.

Cuidiú le gach duine foghlaim cén dóigh chun níos mó bia blasta áitiúil a fhás agus plandaí a chur ar fáil do na beacha pailnithe.

Freagra ar Cheist Uimh. 10

Iad uilig thuas.