login

Comórtas agus Feachtas


TÓT/ YRE 2018-2019

Tá cuireadh tugtha againn do 20 iar-bhunscoil a bheith rannpháirteach i gclár TÓT na bliana seo cur isteach ar na comórtais náisiúnta agus idirnáisiúnta agus tuairisc scríofa, ghrafach nó físe a thabhairt maidir le bruscar nó dramhaíl.

Breathnaigh ar an iontráil bhuacach iontach a bhí ann anuraidh – bíodh inspioráid agat! Bronnfar gradaim ag leibhéal náisiúnta ar na buaiteoirí agus duaiseanna ann don 1ú, 2ú agus 3ú háit. Tugtar £260 fosta do gach scoil TÓT atá páirteach chun lá pobail a reáchtáil agus do theachtaireacht a chur chun cinn.

Chun tuilleadh eolais a fháil agus spéis a léiriú i gceachtar de thionscadail Bhaile Gan Bhruscar Wrigley, déan teagmháil le Francesca.

Éicea-Mhúinteoir na Bliana

Don tríú bliain as a chéile, tá Éicea-Scoileanna ag reáchtáil ghradam Éicea-Mhúinteoir na Bliana. Anuraidh, seoladh ainmniúcháin chroíúla agus dhíocasacha chugainn ó dhaltaí ar fud Thuaisceart Éireann agus iad ar a ndícheall a thabhairt le fios dúinn cad é chomh hiontach agus atá sibh mar Éicea-Chomhordaitheoirí. 

Ba mhaith linn scéal a chluinstin ó dhaltaí cén fáth a mbeadh teideal Éicea-Mhúinteoir na Bliana tuillte ag an mhúinteoir / Éicea-Chomhordaitheoir s’acu. 

Is féidir an t-ainmniúchán a bheith i modh físeáin (3 bhom), dáin, amhráin nó in aon slí thionscantach eile a shamhlódh daltaí, ach nach faide ná 100 focal an sliocht. Seoltar ainmniúcháin chuig eco-schools@keepnorthernirelandbeautiful.org roimh 1ú Feabhra 2019

Ainmniúchán amháin in aghaidh gach scoile!

Briseadh ar Bhalcaisí/Cash for Clobber 2018/19

Tá scoileanna ar fud na tíre ag glacadh páirte arís sa chomórtas ‘Briseadh ar Bhalcaisí/Cash for Clobber’ atá á reáchtáil i gcomhar le hÉicea-Scoileanna agus Athchúrsáil Teicstílí na Coirre Críochaí/Cookstown Textile Recyclers. 

Is dóigh iontach é seo le bheith neamhdhíobhálach don timpeallacht trí athchúrsáil agus airgead fiúntach a bhailiú do na scoileanna atá rannpháirteach ann - 40 pingin/cileagram.
 
Is féidir le scoileanna na teicstílí a bhailiú i málaí agus socróidh CTR am oiriúnach chun iad a bhailiú.
 
Na scoileanna a bhailíonn an méid is mó teicstílí in aghaidh an dalta tá seans acu an comórtas bliantúil ‘Briseadh ar Bhalcaisí/Cash for Clobber’ a bhaint ina bhfuil scothdhuaiseanna suas le £1,500

Is é 30ú Meitheamh 2019 spriocdháta an chomórtais i mbliana. 

Is é Athchúrsáil Teicstílí na Coirre Críochaí an t-aon chomhlacht athchúrsáil éadaí le teastas de chuid BSI a mholfadh Éicea-Scoileanna. Tugtar na héadaí a bhailítear do thíortha i mbéal forbartha, sin nó athchúrsáiltear iad ina snáithíní tionsclaíochta. 

Ba chóir do scoileanna ar mian leo a bheith rannpháirteach dul i dteagmháil leis an fhoireann Briseadh ar Bhalcaisí/Cash for Clobber ag 028 9447 8880.

Éicea-Scoileanna

Táimid díreach ag cur tús le Feachtas Baile Gan Bhruscar Wrigley d’Éicea-Scoileanna agus cheana féin chuaigh cuid mhaith bunscoileanna ar fud Thuaisceart Éireann i dteagmháil le foireann Éicea-Scoileanna TÉ ag iarraidh a bheith páirteach i bhfeachtas na bliana. 

I mbliana, tá deis ag 30 bunscoil a dtiomantas a léiriú i leith athrú dearfach iompair. Táimid ag fógairt go bhfuil an próiseas cláraithe ar siúl anois agus go bhfuil roinnt spásanna ar fáil i dtólamh; mar sin de, déan deifir agus ná caill an deis!

Tá comhlacht Wrigley ag tacú le d’fheachtas trí mhaoiniú fial £368 in aghaidh na scoile a thabhairt. 

Is é 8 Aibreán an spriocdháta chun an tuairisc dheiridh de d’fheachtas a sheoladh isteach. 

Tá go leor ama agat go fóill chun clárú leis an fheachtas inniu agus a bheith i d’eiseamláir don phobal uilig!

Translink

Tá Translink sásta bliain úr de thionscnaimh um iompar inbhuanaithe a fhógairt i gcomhar le hÉicea-Scoileanna TÉ agus 10 mbliana de chomhoibriú rathúil á gceiliúradh againn. 

An bhfuil tusa réidh le ceiliúradh linn agus le tabhairt faoin dúshlán coicíse?

Is cúis áthais dúinn Dúshlán Taistil Translink na bliana seo a fhógairt chun tú a spreagadh chun do charr a mhalartú ar feadh dhá sheachtain nó níos mó le modh eile inbhuanaithe taistil. 
Tapaigh an deis chun do rannpháirteachas a léiriú maidir le cúiteamh carbóin agus bheith i do ‘chorraitheoir cliste’. 

Is mian le Translink cur le rannpháirteachas scoileanna sa Dúshlán Taistil ar fud Thuaisceart Éireann agus tacaíocht a thabhairt do Chlár Éicea-Scoileanna i dtopaic an Taistil. Tá acmhainní teagaisc ar fáil sna háiseanna don dúshlán. 
Déan do chuid torthaí a thaifeadadh agus spreag oiread daoine eile agus is féidir le páirt a ghlacadh! Cuir neart éadaí teo ort féin agus léim ar do rothar inniu! Is féidir tabhairt faoin dúshlán ó anois go dtí 21 Bealtaine 2019.

Bronnfaidh Translink duaiseanna mar luach saothair ar na ranganna agus ar na daltaí a dhéanann an t-athrú is suntasaí; mar sin de, ná himíodh an traein gan tú! 

Chun tuilleadh eolais a fháil, bí i dteagmháil le Francesca