login

Tacaíocht ón Scoil Iomlán agus ón Phobal Trí Chéil

Is clár cuimsitheach é Éicea-Scoileanna a fhéachann leis an scoil ar fad agus leis an phobal trí chéile a áireamh ina chuid gníomhaíochtaí comhshaoil.

Trí phoiblíocht leanúnach agus ‘Laethanta Gníomhaíochta’, tugann Éicea-Scoileanna an deis do gach duine - daltaí, múinteoirí, foireann choimhdeachta, tuismitheoirí, comhairlí áitiúla agus grúpaí eile – teacht le chéile agus a oibriú i dtreo roinnt de na spriocanna atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta a thabhairt i gcrích.

Tá oiread sin smaointe ann do ‘Laethanta Gníomhaíochta’ agus tá sé tábhachtach go mbíonn faill ag daltaí a gcuid smaointe a chur i ngníomh.

Thiocfadh leat bailiúchán bruscair a eagrú, lá bia sláintiúil a bheith agat, seachtain ‘Siúlaimis ar scoil’, lá gan inneall níocháin sa bhaile. Thiocfadh leat fiú roinnt de do chuid ceachtanna a reáchtáil taobh amuigh. Níl aon chríoch ar an liosta!

De réir mar a théann tú trí chlár Éicea-Scoileanna beidh níos mó deiseanna agat i gcónaí do chuid gníomhaíochtaí a nascadh leis an phobal mhór. Is féidir an-chuid comhairle, cuidiú praiticiúil agus fiú maoiniú a fháil trí thuismitheoirí, gnólachtaí áitiúla agus an chomhairle áitiúil a tharraingt isteach sa chlár. Is croíphointe don phobal ar fad iad scoileanna agus mar sin de tig leo inspioráid agus sampla a thabhairt ar an dóigh ar féidir inbhuanaitheacht a thabhairt isteach sna tithe agus i gcroí an phobail áitiúil.

Cé gurb é an tÉicea-Choiste a bheidh ag stiúradh phleanáil agus forbairt an Phlean Ghníomhaíochta, tá sé tábhachtach go mbíonn oiread daltaí agus múinteoirí rannpháirteach sna tionscadail agus is féidir, le dul i ngleic dáiríre le hÉicea-Scoileanna agus bród a bheith orthu as a gcuid éachtaí.

Taispeánann na smaointe seo a leanas roinnt áiteanna a dtig leat cur le do thiomantas an pobal iomlán a tharraingt isteach i gclár Éicea-Scoileanna.

Nuair a bhíonn an tÉicea-Choiste cruthaithe ba chóir duit:

  • A chinntiú go bhfuil an tÉicea-Choiste tofa ag na daltaí agus go bhfuil sé dalta-threoraithe.
  • A chinntiú go ndéantar cinnteoireacht trí chomhairliúchán.
  • Buntáiste a bhaint as líonra tacaíochta Éicea-Scoileanna trí chomhairle a lorg ar théamaí ó chomhairlí áitiúla, eagraíochtaí eile páirtíochta nó gnólachtaí áitiúla.

Nuair a bhíonn tú ag tabhairt faoin Athbhreithniú Timpeallachta thiocfadh leat:

  • Suirbhéanna a dhéanamh sa scoil agus sa phobal trí chéile, ag úsáid sonraí le staitisticí a chruthú
  • Litreacha a scríobh chuig gnólachtaí áitiúla le teacht ar oibreoirí féideartha dramhaíola
  • Litreacha a scríobh chuig tuismitheoirí a lua scileanna atá an scoil a lorg i ndaoine

Le linn duit bheith ag ullmhú do Phlean Ghníomhaíochta, thiocfadh leat:

  • Cinntí, forbairtí agus dul chun cinn ó chruinnithe coiste a chur in iúl go rialta do dhaltaí agus do bhaill foirne trí thionóil nó am oide
  • Aoichainteoirí a eagrú ó eagraíochtaí agus gnólachtaí taobh amuigh
  • Cur le do Phlean Gníomhaíochta go gcuimseoidh sé gníomhaíochtaí do dhaltaí le déanamh sa bhaile, ag ardú feasachta i measc teaghlach sa bhaile

Is smaoineamh maith é ócáid seolta a eagrú nuair a thosaíonn tú amach ar do thuras Éicea-Scoileanna. Tabharfaidh sé sin deis do d’Éicea-Choiste aidhm agus cúiseanna an tionscadail a mhíniú agus a iarraidh ar dhaltaí agus ar thuismitheoirí dul i mbun gnímh.

Poibligh na himeachtaí a eagraíonn tú trína bhfógairt ar do chlár fógraí Éicea-Scoileanna. Ba chóir go mbeadh sé sin in áit shuntasach sa scoil agus furasta a fheiceáil ag daltaí agus ag cuairteoirí. B’fhéidir gur mhaith leat an clár a phoibliú i nuachtlitir na scoile nó an pharóiste, nó más féidir, nuachtlitir Éicea-Scoileanna ar leith a chruthú.

Nuair a bheidh na scoileanna cláraithe, gheobhaidh tú nuachtlitir uair sa mhí ó Éicea-Scoileanna. D'fhéadfadh sé go mbeidh spéis an phreasa agus clúdach raidió áitiúil do imeachtaí eagraithe. Tá sé iontach cé go bhfuil na tionóil Baineadh amach fhógairt spriocanna áirithe nó do leanaí a bhfuil a dtorthaí taighde agus a thaispeáint.

B’fhéidir gur mhaith leat taispeántais a eagrú d’obair thionscadail, sa scoil féin agus sa phobal mhór lasmuigh m.sh. sa leabharlann áitiúil, san áras pobail.

I ngach cás, is féidir dul a fhad le d’Oifigeach Oideachas Comhshaoil áitiúil a lorg comhairle. Is féidir teagmháil a dhéanamh fosta le hOifigeach Éicea-Scoileanna le haghaidh cuidithe agus comhairle. Is breá linn cluinstin faoin obair iontach atá ag dul ar aghaidh in Éicea-Scoileanna ar fud na háite, mar sin de déan teagmháil linn agus abair linn cad é atá ag tarlú i do scoilse.

SCOTHLEID: Gabh i dteagmháil le do nuachtán áitiúil agus iarr orthu tuairisc a phoibliú den chur síos a dhéanann na daltaí ar an rath atá ar a gclár Éicea-Scoileanna.

Cré-umha
  • Tá clár fógraí scoile ag an Éicea-Choiste a thugann mionsonraí faoi na gníomhaíochtaí comhshaoil atáthar a chur i bhfeidhm.
  • Cuireann an scoil in iúl do thuismitheoirí ar dhóigh éigin faoin ghníomhaíocht atá ar siúl.
  • Foghlaimíonn muintir na scoile trí chéile faoin ghníomhaíocht chomhshaoil atá ag dul ar aghaidh sa scoil.
Airgead
  • Coinnítear clár fógraí Éicea-Scoileanna in áit fheiceálach sa scoil.
  • Coinnítear an scoil ar fad ar an eolas faoi agus bainteach le gníomhaíochtaí trí chur i láthair ag tionóil nó trí nuachtlitreacha.
  • Bíonn an scoil iomlán páirteach i roinnt gníomhaíochtaí Éicea-Scoileanna amhail athchúrsáil agus bailiú bruscair
  • Bíonn baint ag tuismitheoirí le gníomhaíochtaí Éicea-Scoileanna agus cuireann an scoil in iúl do thuismitheoirí agus don phobal trí chéile faoin obair atá ar siúl sa scoil maidir le hÉicea-Scoileanna.
  • Déantar tuairisciú ar ghníomhaíochtaí Éicea-Scoileanna trí na meáin éagsúla i.e. preas áitiúil, suíomh Gréasáin.
Glas
  • Taispeántar gníomhaíochtaí Éicea-Scoileanna in áit fheiceálach ar chlár fógraí sa scoil.
  • Cuirtear suas taispeántais de Ghníomhaíochtaí Éicea-Scoileanna don phobal áitiúil mar shampla sa leabharlann, an siopa áitiúil, an séipéal nó an halla pobail.
  • Tá gníomhaíochtaí Éicea-Scoileanna ina ndlúthchuid den scoil agus bíonn an scoil iomlán páirteach i Lá Gníomhaíochta (nó a mhacasamhail sin).
  • Bíonn baint ag an phobal trí chéile sna gníomhaíochtaí atá ar siúl sa scoil cuir i gcás oifigigh áitiúla comhairle agus baill gnólachtaí áitiúla, eagraíochtaí timpeallachta.
  • Scríobhann daltaí tuairiscí ar ghníomhaíochtaí don phreas áitiúil.