login

Plean Gníomhaíochta

Féachann an Plean Gníomhaíochta le spriocanna a aithint agus amchlár struchtúrtha a chur ar fáil chun go mbeadh laghdú ar na tionchair ar an chomhshaol a aithníodh san athbhreithniú.

Is é an Plean Gníomhaíochta croílár Chlár Éicea-Scoileanna. Is sraith tráthchláir é de shainspriocanna chun feabhais thar amscála socraithe. Ba chóir spriocanna inchainníochtúla a shocrú nuair is féidir m.sh. 50% de laghdú dramhaíola i 6 mhí, 100% de channaí díolta athchúrsáilte in 8 mí, 10% de laghdú ar ídiú leictreachais ón bhliain roimhe srl. Ag leanúint dár múnla faoin léarscáil agus faoin turas, is é an plean gníomhaíochta an pleanálaí bealaigh s’againn, a thugann na mionsonraí ar an dóigh a mbainfimid ceann scríbe amach. Ba chóir é a fhorbairt i gcónaí ó thorthaí an athbhreithnithe. Léiríonn an Sliocht Samplach as Plean Gníomhaíochta na bearta a rinne scoil lena sprioc a bhaint amach (i.e. gach canna a dhíoltar sa scoil a athchúrsáil faoi mhí Iúil na bliana sin) de réir próiseas soiléir céim ar chéim.

Sliocht Samplach as Plean Gníomhaíochta:

Sprioc: Gach canna a dhíoltar sa scoil a athchúrsáil faoi mhí an Mheithimh

Céimeanna:

  • Faoi Noll 50% athchúrsáilte
  • Faoi Mhárta 75% athchúrsáilte
GníomhDuine / Grúpa FreagrachUainiú
Duine a fháil leis na cannaí a thógáilAnne ByrnesM. Fómhair
Modh a aimsiú leis an líon cannaí a mheasRang Mata 4úD. Fómhair
Suirbhé i measc daltaí leis an áit is fearr d’araidí athchúrsála a shocrúRang Béarla 6úD. Fómhair
Araidí a lonnúBrian JonesSamhain
Scéim a phoibliú do na daltaí agus don fhoireannRang Teicneolaíochta 6úSamhain
An céatadán athchúrsáilte a ríomh, torthaí a thaispeáint ar chlár fógraíRang Mata 5úEanáir
Cinneadh ar ghníomh feabhais mura mbaintear spriocanna amachCoisteEanáir

Ba chóir an Plean Gníomhaíochta a nascadh le hobair churaclaim agus spriocanna réalaíocha inbhainte amach bheith aige. Ba chóir go mbeadh na spriocanna seo sonrach agus intomhaiste, nuair is féidir, le críochdhátaí molta a thaispeánfaidh fíor-rath. Ná tabhair iarraidh bheith ró-uaillmhianach ar dtús mar go mbriseann teipeanna an spiorad.

Tá se barrthábhachtach a oibriú amach cén dóigh a ndéanfaidh tú monatóireacht agus tomhas ar dhul chun cinn agus ba chóir é sin a chur i do phlean gníomhaíochta. Déan iarracht guth a thabhairt do gach ball coiste i bhforbairt an phlean ghníomhaíochta, agus a oiread den scoil agus is féidir ina chur i gcrích.

SCOTHLEID: Ní athbhreithniú é an plean gníomhaíochta ar an obair a rinneadh, ach liosta de spriocanna agus de chuspóirí do do chlár amach anseo agus mionchur síos ar na bearta atá le cur i bhfeidhm (agus cé aige) laistigh d’am ar leith chun na cuspóirí agus na spriocanna sin a bhaint amach.

Mar achoimre, ba chóir don Phlean Gníomhaíochta:

  • Teacht as torthaí an athbhreithnithe
  • Cuspóirí agus spriocanna réalaíocha agus intomhaiste a bheith aige atá léirithe ag barr an Phlean Ghníomhaíochta
  • Bheith i bhformáid tábla, Bearta, duine nó grúpa freagrach, agus am le críochnú a shainaithint
  • Bheith le feiceáil ar chlár fógraí Éicea-Scoileanna
  • Monatóireacht rialta a thabhairt, agus bheith uasdátaithe más gá agus nuair is gá

Sustainable development goals

Éicea-Scoileanna agus na Spriocanna um Fhorbairt Inbhuanaithe  

Cuireann topaicí Éicea-Scoileanna lena lán de na 17 Spriocanna um Fhorbairt Inbhuanaithe de chuid na Náisiún Aontaithe. Nuair a bheidh do 3 thopaic roghnaithe agat, déan iarracht iad a nascadh le SFI i do Phlean Gníomhaíochta (féachaint cén dóigh a luíonn na topaicí leis na SFInna). Chun tuilleadh eolais a fháil ar na SFInna agus ar acmhainní úsáideacha amharc ar an leathanach: na Spriocanna um Fhorbairt Inbhuanaithe.