login

Taisteal

Tá Translink i ndiaidh dul i bpáirt le hÉicea-Scoileanna a thabhairt urraíochta do thopaic an Taisteal agus a spreagadh níos mó scoileanna le smaoineamh ar phleananna taistil fóirsteanacha a fhorbairt. Tríd an pháirtíocht rathúil seo tá acmhainní gníomhaíocht ranga in-íoslódáilte déanta againn.

Eco-Schools Travel Challenge logo

Tá Éicea-Scoileanna ag spreagadh scoileanna, áit ar bith ar féidir, bogadh ar shiúl ó úsáid carranna i dtreo bealaí níos inbhuanaithe le dul ar scoil. Tá lear mór de na bunscoileanna agus na hiar-bhunscoileanna atá páirteach i ndiaidh tosú ar an dúshlán taistil ach d’iarrfaimis ar gach scoil úsáid a bhaint as na hÁiseanna Oideachais atá nasctha le curaclam Thuaisceart Éireann. Le haghaidh tuilleadh eolais ar Dhúshlán Taistil 2018-2019 nó le spéis do scoile sa Dúshlán Taistil a chlárú déan teagmháil le Francesca Di Palo.

Tá torthaí éagsúla comhshaoil, sóisialta agus sláinte ar an úsáid mhéadaitheach atáimid a bhaint as carranna. Tá roinnt de na hiarmhairtí sin an-fheiceálach agus bainte go díreach leis an ghnáthshaol.

Taispeánann staidreamh ar thimpistí, mar shampla, go bhfuil ár gcuid bóithre contúirteach, agus tá drochthionchar ag plódú tráchta ar ár sláinte agus ár bhfolláine. Tá tionchair eile ann nach bhfuil chomh soiléir sin ach tá siad lán chomh tábhachtach. Na gáis agus na ceimiceáin a sceitear as innill, mar shampla, cuireann siad go mór leis an téamh domhanda agus le truailliú an aeir. Leoga deirtear gurb é an t-athrú aeráide an dúshlán is mó atá romhainn sa chéad seo ag teacht.

Dá mhéad a úsáidimid carranna, is ea is mó a éiríonn an t-aer truaillithe. Bíonn aonocsaíd charbóin, ocsaídí nítrigine, comhdhúile orgánacha so-ghalaithe agus cáithnínigh (particulates) i múch sceite (exhaust fumes) agus tá siad sin uilig dochrach don tsláinte nuair a scaoiltear amach san atmaisféar iad. Déanann cáithníní súiche dochar do na scamhóga, go háirithe nuair a bhíonn ceimiceáin tríothu ar nós beinséine.

Mar gheall ar an mhéid mhór trácht uirbeach atá ann – cuid de a tharlaíonn cionn is na turais níos faide idir an bhaile agus an t-ionad oibre – tá eagla ar dhaoine anois roimh thrácht. Ar an ábhar go mothaíonn daoine níos sábháilte ag tiomáint i gcomparáid le siúl nó rothaíocht, déantar i bhfad níos mó turas i gcarranna. Ciallaíonn se sin easpa aclaíochta agus fadhbanna i gcúrsaí sláinte agus folláine ghinearálta daoine dá bharr.

  • Ar an mheán, bíonn duine as gach seachtar ag fulaingt le hasma; méadaíonn an figiúr seo go duine as gach triúr i gceantair lárchathracha.
  • Nuair a bhíonn an trácht ag gluaiseacht go mall, is airde an leibhéal truaillithe istigh sna carranna ná taobh amuigh.
  • Is féidir le rothaíocht nó siúl gasta ar feadh leathuaire sa lá riosca galar croí a laghdú faoina leath.

Ciallaíonn iompar fóirsteanach aon mhodh iompair a laghdaíonn ídiú breosla, truailliú agus úsáid chairr. Áirítear leis seo rothaíocht, iompar traenach agus bus, siúl nó fiú ag taisteal le scútar.

Tiasteal agus Scoileanna

Tá i bhfad níos lú saoirse ag daoine óga inniu ná mar a bhí ag a dtuismitheoirí ag an aois chéanna. Mar gheall ar eagla roimh thrácht, contúirt ó strainséirí, sin uilig agus an méadú iomlán in úsáid ghinearálta agus in úinéireacht carranna, tá líon i bhfad níos mó tuismitheoirí anois ag tabhairt a bpáistí ar scoil sa charr. Tá roinnt iarmhairtí leis sin do dhaltaí agus do bhaill foirne, go háirithe i dtaca le sláinte agus folláine daltaí.

Is aclaíocht den scoth é siúl nó rothaíocht agus d’fhéadfadh an turas chun na scoile cur go mór le méadú na leibhéal aclaíochta seo. Socraítear patrúin aclaíochta sna luathbhlianta, mar sin de má bhíonn easpa aclaíochta ann go luath ina saol is mó an riosca go mbeidh fadhbanna le hotracht, ardbhrú fola, drochfholláine shíceolaíoch agus galar croí corónach ag páistí nuair a bheidh siad níos sine. Cuidíonn siúl agus rothaíocht le páistí éirí muiníneach agus cairde a dhéanamh, agus cuidíonn sin leo éirí níos neamhspleáiche agus ciall bheith acu don trácht. Tuigtear as taighde reatha fosta go dtagann páistí níos gníomhaí chun na scoile agus iad níos beo-intinní agus dírithe agus go bhfaigheann siad torthaí acadúla níos fearr.

Léiríonn torthaí a fuair Sustrans óna gClár Taisteal Gníomhach Scoile gur mhaith le suas le 81% de na daltaí i dTuaisceart Éireann taisteal chun na scoile ar dhóigh ghníomhach, agus mar sin de inbhuanaithe, ach ní dhéanann ach 55% de na daltaí é sin faoi láthair. Tá méadú tagtha ar an fhigiúr sin ó 40% de dhaltaí le 3 bliana anuas, rud a léiríonn gur féidir athruithe ollmhóra a dhéanamh ach an treoir, an chomhairle agus an oiliúint a bheith tugtha (féach tuarascáil deiridh Sustrans ar an Chlár Taisteal Gníomhach Scoile do 2013-16 le haghaidh tuilleadh eolais).

Is féidir naisc churaclaim a dhéanamh le hiompar i mBéarla, mata, TFC, eolaíocht, teicneolaíocht deartha, ealaín agus dearadh chomh maith le litearthacht agus uimhearthacht. Déanann curaclam na tíreolaíochta tagairt ar leith do thrácht bóithre, sábháilteacht ar na bóithre agus Inbhuanaitheacht.

Tá gach scoil difriúil, lena cuid fadhbanna áitiúla agus a cuid réiteach féideartha féin. Is féidir le plean taistil scoile cuidiú lena chinntiú go ndéantar machnamh ar an chás ina iomláine agus go ndéantar bearta cuí.

Pleananna Taistil Scoile

Is féidir le scoileanna riachtanais théama iompair Éicea-Scoileanna a shásamh trí phlean taistil scoile a tharraingt le cheile. Is é atá i bplean taistil scoile pacáiste smaointe agus gníomhaíochtaí a chuireann pobal na scoile le chéile chun níos mó siúl sábháilte, rothaíochta, agus iompar roinnte go dtí an scoil agus abhaile a chur chun cinn. Trí phlean taistil a fhorbairt, taispeánann pobail scoile go bhfuil rún daingean acu taisteal inbhuanaithe a chur chun tosaigh.

Ag úsáid plean taistil scoile, spreagtar páistí, tuismitheoirí agus baill foirne le smaoineamh ar an timpeallacht agus stíl mhaireachtála níos aclaí agus níos sláintiúla a chleachtadh, trí fheachtais Siúl chun na Scoile a chur chun cinn, ag úsáid scéimeanna dreasachta siúl fadtéarmach páistí amhail an scothscéim WOW (Coisíocht na Céadaoine), agus trí thraenáil rothaíochta a chur chun cinn agus tríd an fheachtas Seachtain Náisiúnta Rothaíochta. Is féidir teacht ar níos mó eolais ar Phleananna Taistil Scoile ar shuíomh Gréasáin SUSTRANS.

Tuilleadh Eolais

Le haghaidh tuilleadh samplaí ar an dóigh ar láimhseáil Éicea-Scoileanna eile saincheisteanna taistil tabhair cuairt ar roinn na gCás-Staidéar. Tugann roinn na gComhpháirtithe sonraí fosta ar eagraíochtaí a dtig leo cuidiú le do scoil maidir le saincheisteanna taistil.

Translink logo