login

Airteagail na Nuachtlitreach RSS logo

An mothaíonn tú go gcaithfidh tú rud éigin a dhéanamh ar son na timpeallachta agus ar son do phobail?

Bí rannpháirteach san fheachtas scoile idirnáisiúnta is faide riamh.

Tá an Feachtas Baile gan Bhruscar ag ceiliúradh a chomórtha 10 mbliana agus ba mhaith linn an chloch mhíle seo a cheiliúradh le gach múinteoir agus dalta a rinne an feachtas seo chomh rathúil sin.

I mbliana arís, trí thacaíocht ón Fhondúireacht Mars Wrigley, is cúis áthais dúinn tacú le scoileanna a dtionscadail frithbhruscair agus dramhaíola a chur i bhfeidhm chun táirgeadh dramhaíola agus truailliú a laghdú agus chun athrú dearfach iompair a chur chun cinn lenár mbithéagsúlacht a chosaint agus ár bpobail a fheabhsú.

Iarrtar ar 25 Bunscoil dul i mbun gnímh agus a thaispeáint gur féidir linn beart a dhéanamh de réir ár mbriathair.

I mbliana, ár ócáid an 10ú comóradh, táimid ag ceiliúradh cuimsitheachta freisin trí dheis a thabhairt do Scoileanna Sainriachtanas agus do dhaltaí Rang 7 clárú le haghaidh Chomórtas na dTuairisceoirí Óga don Timpeallacht. Mar chuid d’Fheachtas Baile gan Bhruscar Wrigley, beidh deis ag daltaí óga 10+ mbliana sa chomórtas TÓT/YRE a dteachtaireacht chomhshaoil a roinnt trí bheith cruthaitheach agus feachtas grianghraf a dhéanamh chomh maith le frása a d’fhanfadh leat nó mana, a d'fhéadfadh do scoil a úsáid mar Éicea-Chód nua má dhéanann tú iarratas ar Bhrat Glas.

Tá duaischiste airgeadais ar fáil do thionscadail agus do scoileanna araon agus is féidir iarratas a dhéanamh ar an dá thionscnamh ag an am céanna. Gabh i dteagmháil le Francesca le haghaidh tuilleadh eolais agus déan deifir ós rud é go bhfuil spásanna teoranta.

Tá téarma nua buailte linn arís! Is dáta tábhachtach é tús na scoilbhliana nua; tosaímis mar is rún dúinn leanúint orainn. Is amanna iad seo atá an-dúshlánach don earnáil oideachais.

Mar Éicea-scoil, bhí sibh ag obair chomh dian cheana féin chun beart a dhéanamh i gcoinne truailliú plaisteach roimh COVID-19.

Is meabhrúchán é seo ar an dea-obair atá déanta ag do scoil chun do lorg plaisteach aonúsáide a laghdú! Tá sé níos tábhachtaí ná riamh leanúint orainn ón ait ar chríochnaigh muid agus an úsáid a bhainimid as dramhaíl phlaisteach indiúscartha a laghdú. Is féidir linn tionchar a imirt ar dhaltaí agus ar bhaill foirne chun roghanna inbhuanaithe a dhéanamh anois.

Is dóigh iontach le tosú í an fiontar 'Cad é atá i do bhosca lóin'; agus páistí a spreagadh chun boscaí lóin in-athúsáidte agus buidéil deochanna in-athúsáidte a úsáid.

Nuacht níos fearr fós - d'fhoilsigh eolaithe fianaise le déanaí go bhfuil earraí in-athúsáidte sábháilte a úsáid le linn na paindéime mar sin de is féidir leat do scoil a spreagadh chun filleadh ar roghanna eile neamhphlaisteacha. Tá sé seo ar cheann de na bealaí is éasca agus is éifeachtaí chun d'úsáid a laghdú ar scoil.

Mar sin féin, tuigimid go bhfuil gach scoil ag iarraidh baill foirne agus daltaí a choinneáil sábháilte i rith ama agus go mb'fhéidir gur doiligh ábhar in-athúsáidte a aimsiú faoi láthair, ach tá go leor le déanamh sa bhaile go fóill.

De réir Everyday Plastic Survey a rinneadh ar na mallaibh, méadaíodh dramhaíl phlaistigh tí le linn na dianghlasála, go háirithe pacáistiú torthaí agus glasraí, clúdaigh smailceacha, málaí beartáin agus PPE. Mar sin de, má mhothaíonn tú nach dtig leat úsáid plaistigh a laghdú ar scoil, is cinnte go dtig leat baill foirne agus daltaí a spreagadh lena dhéanamh sa bhaile! Déanann athruithe beaga ar nós sprae díghalráin agus ceirt in áit ceirtín frithbhaictéarach difear mór.

Faigh spreagadh ó scoileanna eile a bhfuil a nGealltanas Plaistigh tugtha acu agus cuimhnigh d'úsáid a laghdú nuair a thig leat.

#TacklingPlasticNI

Le linn na ré éiginnte seo lean ár gcuid scoileanna leo ag obair agus iad ag dul i ngleic le fadhbanna bruscair i dTuaisceart Éireann, ag críochnú Fheachtas Wrigley Gan Bhruscar in am agus ag cur go mór leis an tuarascáil tionchair idirnáisiúnta a chuireann an Fhondúireacht um Oideachas Comhshaoil i láthair gach bliain d'fhondúireacht Mars Wrigley.

Chuir bunscoileanna a gcuid sonraí agus tuarascálacha deiridh isteach maidir le bruscar, dramhaíl agus cur i bhfeidhm an chórais athchúrsála taobh istigh dá scoileanna, rud a chruthaíonn arís a dtiomantas chun athruithe dearfacha iompair a chur chun cinn agus an comhshaol a chosaint. Chomh maith leis an rath seo, fuair foireann Éicea-Scoileanna freagra iontach ar an bhfeachtas a bhí á reáchtáil ag iar-bhunscoileanna trí chomórtas Tuairisceoirí Óga don Timpeallacht. Bhí iontrálacha ar chaighdeán an-ard againn i mbliana, agus fógraíodh buaiteoirí an Chomórtais Náisiúnta i mí an Mheithimh trí cheiliúradh físe ar na meáin shóisialta againn. Fógrófar buaiteoirí an Chomórtais Idirnáisiúnta i mí Mheán Fómhair, agus mar sin coinnígí bior ar na cluasa!

Osclófar clárú d’Fheachtas Wrigley Gan Bhruscar agus do TÓT 2021 go luath.

#Dúshlán YREstayathome - Fan sa Bhaile agus Bí Gníomhach

Tá TÓT Idirnáisiúnta ag tabhairt bhur ndúshláin, dúshlán bhur dteaghlaigh agus bhur ndaltaí! Is féidir linn a bheith inár n-ambasadóirí comhshaoil go fóill agus tionchar a imirt ar ár bpobal agus muid sa bhaile.

Go deimhin, léiríonn daltaí TÓT ó gach cearn den domhan dlúthpháirtíocht agus iad ag fanacht sa bhaile chun scaipeadh COVID-19 a sheachaint, ach ba mhaith le FOI agus clár TÓT an t-am neamhghnách seo a úsáid mar dheis chun fiosrú agus tuairisciú a dhéanamh ar cheisteanna comhshaoil agus ar réitigh atá nasctha leis an staid reatha.

CÉN DÓIGH AR FÉIDIR A BHEITH RANNPHÁIRTEACH SNA DÚSHLÁIN #YREstayathome?

Foilseofar dúshláin sheachtainiúla ar ardáin s’againn ar na meáin shóisialta m.s. Facebook, Twitter agus Instagram. Roghnaigh dúshlán ar mhaith leat a bheith rannpháirteach ann agus freagair dó trí phostáil a dhéanamh ar Facebook, Instagram agus Twitter. Ná déan dearmad TÓT Idirnáisiúnta agus muidne a chlibeáil, ionas gur féidir linn do chuid oibre a roinnt! Úsáid i gcónaí an haischlib #YREstayathome agus cuirfear isteach ar an gcomórtas idirnáisiúnta thú.

COMÓRTAS SPEISIALTA do #YREstayathome

I gcás ailt, scéalta, grianghraf agus físeáin nach bhfuil tú ag iarraidh a phostáil ar na meáin shóisialta, déan teagmháil le Francesca agus déanfar do chuid oibre a uaslódáil ar Mhol Idirnáisiúnta TÓT.

Tá na dúshláin oscailte do dhuine óg ar bith atá toilteanach a bheith rannpháirteach! Faigh tuilleadh eolais anseo.

Dúshlán Taistil Translink 2019-20

Georgina Black   Thu 12 Dec 2019

Tá Translink agus clár Éicea-Scoileanna ag spreagadh scoileanna ar fud Thuaisceart Éireann le ‘cora cliste’ a dhéanamh trí pháirt a ghlacadh i nDúshlán Taistil Translink, ag gearradh síos ar phlódú tráchta thart ar gheataí na scoile agus ag cur le sláinte agus le folláine na ndaltaí.

Spreagann an dúshlán coicíse, is féidir le scoileanna a dhéanamh le linn théarma an earraigh nó an tsamhraidh, spreagann sé siúlóid, rothaíocht, agus taisteal ar bhus nó ar thraein le dul ar scoil in áit carr a úsáid. Tá acmhainní ceangailte leis an churaclam mar chuid de agus spreagann sé scoileanna le pleananna taistil inbhuanaithe a fhorbairt mar dhóigh chun Gradam Bhrat Glas Éicea-Scoileanna a bhfuil meas mór air a ghnóthú.

Ó lainseáladh é in 2008, rinne daltaí, tuismitheoirí agus baill eile den scoilphobal breis agus 300,000 turas inbhuanaithe, agus é mar aidhm acu an timpeallacht a chaomhnú agus athrú dearfach iompair a chur chun cinn.

Tá Dúshlán Taistil Translink oscailte anois do gach scoil. Is féidir an Dúshlán a dhéanamh in aon tréimhse dhá sheachtain is mian libh a fhad is go seolfaidh sibh na torthaí isteach chugainn roimh an spriocdháta, Dé Máirt, an 19 Bealtaine 2020. Ciallaíonn se sin gurb é an Luan, an 4 Bealtaine, an dáta is moille is féidir tosú (Saoire Bainc na Bealtaine an 8 Bealtaine).

Le cois gradaim Éicea-Scoileanna, bronnfaidh Translink airgead agus duaiseanna taistil ar na ranganna agus ar na daltaí is mó i a léiríonn athrú i leith úsáid iompair inbhuanaithe.

Más suim leat páirt a ghlacadh i nDúshlán Taistil Translink Éicea-Scoileanna, téigh i dteagmháil le Francesca

Fógra do mhúinteoirí, príomhoidí, daltaí, tuismitheoirí agus baill an phobail. An bhfuil aithne agat ar mhúinteoir a spreagann thú chun fás, chun todhchaí níos fearr a thógáil agus atá paiseanta amach is amach faoin timpeallacht? Anois beidh deis agat iad a cheiliúradh trína n-ainmniú mar Éicea-Mhúinteoir na bliana.

Conas cur isteach air:

Is féidir le daltaí ainmniúchán a sheoladh isteach mar dhán, litir, scéalchlár, aiste, grianghraif, físeán nó cibé bealach is fearr, i do thuairim, a fhreagraíonn an cheist. Ba chóir nach thar 100 focal a bheadh na hiontrálacha ina míneofaí cén fáth ar chóir a múinteoir a roghnú mar “Éicea-Mhúinteoir na Bliana 2020”.

Roghnófar beirt mhúinteoirí; múinteoir amháin bunscoile agus múinteoir amháin iar-bhunscoile.

Tá an comórtas oscailte do na scoileanna uilig. Ceadaítear iontráil amháin in aghaidh na scoile. Is é an spriocdháta don chomórtas Dé hAoine 14 Feabhra 2020.

Seoltar iontrálacha ríomhphoist chuig: nó cuirtear sa ghnáthphost iad chuig Éicea-Scoileanna, Keep Northern Ireland Beautiful, Teach an Droichid, 2 Ascaill Paulett, Béal Feirste, BT5 4HD.

Cruinniú Mullaigh Aigéin – Baile Átha Cliath 2019

Georgina Black   Tue 19 Nov 2019

I mí Dheireadh Fómhair, chaith scoláirí Thuaisceart Éireann ar baill de Thuairisceoirí Óga don Timpeallacht iad, chaith siad dhá lá ag foghlaim faoi na farraigí agus na haigéin s’againn ag dhá imeacht de chuid Scoileanna Glasa i gContae na Mí agus i mBaile Átha Cliath. Eagraíodh an chéad Chomhthionól Aigéin ag Éirinn do scoláirí dara leibhéal i gColáiste Pobail Chill Dhéagláin Dé Máirt 15 Deireadh Fómhair, agus Dé Céadaoin, chuaigh scoláirí ó Ardscoil Naomh Colm, Belfast Royal Academy, Wallace High School agus Ardscoil Naomh Doiminic go Port Mearnóg leis na Scoileanna Glasa chun an fheachtas is deireanaí ag Scoileanna Glasa ‘Foinse na Farraige Anseo’ a sheoladh, le cur i gcoinne truailliú ó bruscar. Le caoinchead Chomhairle Contae Fhine Gall, d’úsáid scoláirí agus foireann Scoileanna Glasa stionsail chun teachtaireachtaí ‘‘Foinse na Farraige Anseo’ a spraephéinteáil ag draenacha bóthair chun aird a dhíriú ar an ghaol idir gníomhaíochtaí ar talamh agus truailliú na mara.

Bhuail scoláirí TÓT le buaiteoir Aonach Eolaíochta Google Fionn Ferreira a raibh cur i láthair ar mhicreaphlaisteach aige ag an ócáid. Le linn an imeachta dhá lá, chuir an scoil ambasadóra comhairle ar scoileanna a bhí rannpháirteach faoi na seacht gcéim i gclár na Scoileanna Glasa, chomh maith le turas thart ar a scoil agus caint ar na meáin shóisialta agus ar fheachtais timpeallachta.

Bhí an méid seo le rá ag Cathy Baxter, Bainisteoir Scoileanna Glasa: “Bhain muid sult as dhá lá ar leith ag foghlaim faoi na farraigí agus faoi na haigéin s’againn agus na nithe is féidir linn a dhéanamh chun tuilleadh a chosc. Ní féidir gan a gceart a thabhairt do dhíograis na scoláirí iar-bhunscoile s’againn; tá siad chomh cíocrach chun níos mó agus níos mó a fhoghlaim faoina dtimpeallacht agus faoin athrú aeráide agus faoi na nithe is féidir leo a dhéanamh chun cuidiú”.

Faoi láthair tá 16 iar-bhunscoil ag obair ar théama Thimpeallacht na Mara in Éirinn. Sheol Éicea-Scoileanna Thuaisceart Éireann Topaic na Mara i mbliana agus súil acu go mbainfidh siad amach líon scoileanna chomh spreagúil céanna sa chúpla bliain amach romhainn!

Is féidir leis an imeacht seo agus ócáidí eile dá leithéid a bheith ina ndeiseanna ag na scoileanna s’againn chun a fháil amach cén tionchar dearfach a d’imir a gcuid oibre ar chláir Éicea-Scoileanna agus TÓT ar dhaoine agus ar an timpeallacht áitiúil agus cén dóigh ar féidir leis na daoine óga s’againn a bheith ina gceannródaithe.

Déanann Scoileanna Gealltanas Plaisteach

Georgina Black   Mon 18 Nov 2019

Ó chosc a chur ar úsáid buidéil phlaisteacha go sifíní plaisteacha a mhalartú le sifíní déanta as páipéar, tá scoileanna achan áit tiomanta do thodhchaí inbhuanaithe atá saor ó thruailliú plaisteach.

Déan Gealltanas i leith na bPlaisteach

Saint Johns Primary School

COISCTHE: Buidéil deochanna, cipíní líreacán

LAGHDAITHE: Pacáistí & clúdaigh, Baitíní Cadáis, Balúin, Málaí Plaisteacha, Sifíní, Sceanra, Cupáin Aon Uaire

Ardscoil Naomh Colm, Baile na Croise

LAGHDAITHE: Pacáistí & clúdaigh, Baitíní Cadáis, Balúin, Málaí Plaisteacha, Sifíní, Coimeádáin bia, Sceanra, Cupáin Aon Uaire, Cipíní líreacán

GEALLTA: Buidéil deochanna

St. Matthew’s Primary School, Droim Sorn

COISCTHE: Balúin, Buidéil deochanna

LAGHDAITHE: Sifíní, Coimeádáin bia, Cupáin Aon Uaire

Down High School

BEARTAS: Sifíní, Sceanra

GEALLTA: Pacáistí & clúdaigh, Balúin, Málaí Plaisteacha, Coimeádáin bia, Buidéil Deochanna, Cupáin Aon Uaire, Cipíní líreacán

Leaney Primary School

COISCTHE: Sifíní

LAGHDAITHE: Málaí plaisteacha, Coimeádáin bia, Buidéil deochanna

St. Malachy's Primary School, Cill Chléithe

COISCTHE: Sifíní, Buidéil deochanna

St. Ronan’s College

GEALLTA: Coimeádáin bia, Buidéil deochanna, Cupáin Aon Uaire

St. Patricks College, Machaire Rátha

GEALLTA: Pacáistí & clúdaigh, Cupáin aon uaire

Thornfield House Special School

GEALLTA: Buidéil deochanna

Killean Primary School

COISCTHE: Balúin, Buidéil deochanna

LAGHDAITHE: Pacáistí & clúdaigh, Baitíní Cadáis, Málaí Plaisteacha, Sifíní, Coimeádáin bia, Sceanra, Cupáin Aon Uaire, Cipíní líreacán

Féile Scannán Into Film (6-22 Samhain)

Georgina Black   Wed 16 Oct 2019

ÁIRITHINTÍ Á nGLACADH ANOIS DON FHÉILE SCANNÁN IS MÓ AR DOMHAN ATÁ SAOR IN AISCE

Tá deis á tabhairt arís do dhaltaí ar fud Thuaisceart Éireann dul ar thurais in aisce chuig pictiúrlann agus teacht ar acmhainní in aisce trí Fhéile Scannán Into Film, ina dtaispeántar 3,000 scannán agus a mbíonn 200 imeacht speisialta ann lena linn ar fud an RA. Ar ais don 7ú bliain ó 6-22 Samhain, tá an Fhéile seo ar an fhéile scannán is mó ar domhan atá saor in aisce. Is féidir le hoideachasóirí úsáid a bhaint as an iliomad téamaí agus topaicí trasna an churaclaim, in ábhair amhail Béarla, nuatheangacha iasachta (NTI), tíreolaíocht, stair, OPSS, polaitíocht agus saoránacht. Lena chois sin, spreagtar daltaí chun cur isteach ar chomórtas bliantúil scríobh léirmheas Fhéile Scannán Into Film agus an litearthacht a chur chun cinn trí mheán an scannáin.

Is é Into Film, an carthanas oideachas scannáin, a óstálfaidh an Fhéile agus a sheolfaidh imeacht uaillmhianach a bhfuil téama comhshaoil aige i mbliana, imeacht a leathfaidh ar fud an RA agus a gheobhaidh tacaíocht ó Greenpeace agus CÉINAL (UNICEF). Taispeánfar na chéad taibhithe do dhaltaí ag an am céanna, den chlár faisnéise nua ar athrú aeráide “2040” agus beidh seisiún C&F ina dhiaidh leis an stiúrthóir Damon Gameau. Luaitear leis an scannán “2040” gurb é an chéad scannán dírithe ar lucht féachana óg chun freagra dóchasach a thabhairt ar ‘éicea-imní’ na n-óg’.

San Fhéile i mbliana beidh ocht snáithe a chuideoidh le hoideachasóirí a bheith ag nascleanúint an chláir lomláin: Folláine Intinne agus Féiniúlacht, Teanga & Cruthaitheacht. An Domhan Nádúrtha, Stair á Fiosrú, Díospóireacht, Fantaisíocht & Eachtraíocht, Réabhlóid agus Ceoldrámaí.

I measc na mbuaicphointí do Thuaisceart Éireann áirítear:

• 2040 AGUS C&F BEOSHRUTHAITHE LEIS AN STIÚRTHÓIR DAMON GAMEAU ag Amharclann Scannán Ollscoil na Banríona, Béal Feirste

• An chéad taibhiú do dhaltaí den Biggest Little Farm ag Strand Arts,

• March of the Penguins 2 agus ceardlann le Wee Critters ag an Braid ar an Bhaile Mheánach

• Leagan as Gaeilge den Saothraí (The Breadwinner) agus ina dhiaidh seisiún scríobh léirmheas i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich

Tarlóidh Féile Scannán Into Film 2019 idir 6-22 Samhain. Tá gach imeacht agus léiriú saor in aisce.

Chun eolas maidir leis an chlár a fháil, ticéid a chur in áirithe agus acmhainní a íoslódáil, tabhair cuairt ar Into Film

Chun tuilleadh eolais a fháil ar scannán agus ar fheachtas 2040, gabh chuig WhatsYour2040

Chun eolas ginearálta a fháil maidir le Into Film TÉ gabh i dteagmháil le Peter Murray, Comhordaitheoir Clár Into Film.

Keep Northern Ireland Beautiful i gcomhar le Amazon Smile

Georgina Black   Wed 16 Oct 2019

Mairimid i ré an róthomhaltais. Caithfimid níos lú a úsáid, níos mó rudaí a fháil ar iasacht, a bheith sona leis an rud atá againn. Ach caithfidh muid é a dhéanamh i gcéimeanna a thig linn a bhainistiú. Is é an smaoineamh a chuirimis i gcónaí chun tosaigh gur chóir an rud atá againn a úsáid, an rud nár mhaith le daoine eile a athúsáid, ceannach níos fearr agus ceannach go háitiúil. Bíonn amanna ann nuair nach féidir é sin a dhéanamh agus ar chúiseanna áirithe bíonn ort ceannach ó áiteanna i gcéin.

Shínigh Keep Northern Ireland le Amazon Smile. Ciallaíonn se sin má cheannaíonn tú earra agus Amazon Smile in úsáid agat, deonóidh tú 0.5% de phraghas an earra do Keep Northern Ireland Beautiful.

Chun deonú, caithfidh tú ceannach trí shuíomh Amazon Smile ach is féidir malartú anonn chuige roimh íoc más amhlaidh go ndeachaigh tú trí ghnáthshuíomh gréasáin Amazon. Is féidir é a chur ar an bharra uirlisí s’agat lena chur i gcuimhne duit.

Agus tú ag ordú ó Amazon, caith súil ar an rogha pacáistiú gan stró - a sheolfaidh do chuid táirgí ar long gan pacáistíocht bhreise ar bith, a dearadh chun dramhaíl a laghdú i 100% den phacáistíocht athchúrsáilte. Agus tú ag an scipéad, déan an rogha den líon is lú beart ionas go gcuirtear earraí mar bheart amháin seachas a lán beartáin scartha.

Is beag an rud nach gcuidíonn linn níos mó a dhéanamh agus, mar sin, dean an nasc s’againn a roinnt go forleathan agus úsáid go tíosach é nuair is gá.

Go raibh maith agat.

Keep Northern Ireland Beautiful