login

Nuachtlitreacha RSS logo

Tá obair idir lámha ag Keep Northern Ireland Beautiful agus Oíche Chultúrtha & Lá (CNB) ag cuidiú leo ar an turas s’acu chun plaisteach aon úsáide a laghdú. Chun dlús a chur faoi, dhearbhaigh siad an Gealltanas Plaisteach s’acu, agus an tiomantas s’acu a dhéanamh poiblí agus gach duine a spreagadh chun teacht ar bord. Agus plaistigh aon úsáide á laghdú acu, is féidir leo dul ar ais chuig a nGealltanas Plaisteach am ar bith agus cuspóirí agus spriocanna nua a shocrú agus dreapadh níos airde suas ar chlár na ceannaireachta.

I mbliana, thóg CNB seasamh in aghaidh plaistigh, tá siad tiomanta don dramhaíl ar an láithreán a laghdú, do spriocanna glasa a bhaint amach agus dóigheanna níos inbhuanaithe a fhorbairt chun an t-imeacht s’acu a reáchtáil. Agus fíoraird acu ar an athchúrsáil, spreagann siad iad siúd atá ag freastal ar an fhéile a gcuid buidéal, cupán agus coimeádán bia in-athúsáide féin a thabhairt leo, agus meallann siad lucht trádála glacadh go fonnmhar le hearraí in-athúsáide agus iad a mholadh mar aon lena lán rudaí eile. Seiceáil an liosta glas atá acu chun tuilleadh eolais a fháil.

Rudaí simplí… is mór an t-athrú a dhéanann sé daoine a spreagadh chun a gcuid earraí in-athúsáidte a thabhairt leo chuig imeacht mar seo agus iad amuigh. Coimeádáin bia agus cupáin caifé polaistiréine, cuir i gcás, nach n-úsáidtear ach ar feadh roinnt bomaití chun cur leis an stíl mhaireachtála áisiúil a chleachtaimid, má sheachnaítear iad is lú i bhfad an méid dramhaíola ar an iomlán a phulcfar isteach sna córais bhailithe s’againn atá faoi róbhrú cheana féin. Má ghlacaimid bomaite chun stopadh, smaoineamh agus ullmhú, is féidir linn sult a bhaint as imeachtaí cosúil leis an cheann seo, ach gan cur leis an iarmhairt mhór bhruscair agus dramhaíola.

Bhí Tuairisceoirí Óga don Timpeallacht s’againn rannpháirteach chomh maith agus bhí deis ag scoláire amháin Maria Aaroy ó Ardscoil Naomh Doiminic agallamh a chur ar Joe Nawaz Bainisteoir Margaíochta & Cumarsáide ag CNB. Mhínigh Joe do Maria cén fáth ar shocraigh siad Gealltanas Plaisteach a dhéanamh, an tábhacht atá le CNB s bheith ina imeacht glas inbhuanaithe agus cad iad na mianta atá aige don todhchaí. Amharc air anseo.

Caithfidh achan duine a chion a dhéanamh chun úsáid sheafóideach phlaisteach a laghdú. Ba mhaith linn níos mó ócáidí, eagraíochtaí, daoine aonair Gealltanas Plaisteach a dhéanamh agus beart a dhéanamh. Sínigh do Ghealltanas Plaisteach anois!

Clé-Deas: Dr Francesca Di Palo, Oifigeach Tograí Éicea-Scoileanna; Susan Picken, Stiúrthóir CNBelfast; Maria Aaroy Ardscoil Naomh Doiminic agus Tuairisceoir Óg don Timpeallacht