login

Nuachtlitreacha RSS logo

Nuachtlitir Aibreáin 2018

Niamh Nic Cana   Mon 16 Apr 2018

Nuachtlitir Aibreáin

Tá súil againn go raibh Cáisc mhaith agaibh uilig agus go bhfuil sibh réidh le tabhairt faoi théarma lánghníomhach an tsamhraidh. Mar gheall ar bhriseadh na Cásca, táimid ag seoladh na nuachtlitreach seo i lár Aibreáin agus beimid ag seoladh nuachtlitir eile i gcomhair Ócáid Speisialta ag deireadh mhí Aibreáin agus na scéalta is deireanaí ó Chomhdháil na Múinteoirí ar 20 Aibreán.

Gabhaimid buíochas ó chroí leis na múinteoirí agus leis na Comhpháirtithe Seachadta a chláraigh le Comhdháil na Múinteoirí a bhí curtha ar an mhéar fhada, mar gheall ar an sneachta, buíochas ó chroí libh as bhur gcuid foighde. Tá áthas an domhain orainn go bhfuil gach duine ábalta teacht ar an dáta nua agus táimid ag súil go mór le fáilte a chur romhaibh chuig imeacht a bheas go hiontach, de réir gach dealraimh.

Buíochas ar leith leis na múinteoirí uilig a sheol isteach iarratas ar an Bhrat Glas roimh spriocdháta an Mhárta. Beidh Cathy ar a dícheall ag obair chun bhur ndátaí measúnaithe a eagrú sna míonna amach romhainn. Agus i dtaca leo siúd nár éirigh leo an spriocdháta a bhaint amach, is féidir go fóill iarratas a sheoladh isteach ar mheasúnú na bliana seo chugainn.

Léigí libh faoi smaointe le haghaidh tionscnaimh a bhféadfadh sibh a bheith rannpháirteach iontu an téarma seo agus tuilleadh scéalta lena chois sin!