login

Nuachtlitreacha RSS logo

Nuachtlitir Dheireadh Fómhair 2019

Georgina Black   Tue 19 Nov 2019

Nuachtlitir Dheireadh Fómhair

Is am iontach é anois le bheith rannpháirteach i dTógraí Éicea-Scoileanna s’againn!

Agus ceardlanna TÓT saor in aisce do mhúinteoirí, Feachtas Baile Gan Bhruscar, agus Comórtas TÓT ann, is iomaí deis atá agat tosú ar do thuras Éicea-Scoileanna nó tuilleadh a chur le d’iarratas ar Bhrat Glas.

Deis AN-MHÓR Amháin

Georgina Black   Tue 19 Nov 2019

Tá comhairliúchan seolta ag an Roinn Talmhaíochta, Timpeallachta agus Gnóthaí Tuaithe chun plean 25 bliain don timpeallacht s’againn a fhorbairt.

Tugann sin Deis AN-MHÓR amháin duit difear suntasach a dhéanamh agus táimid ag iarraidh go gcluine lucht déanta cinntí uaitse.

Seo an dóigh chun é a dhéanamh: Cóipeáil agus greamaigh na mianta timpeallachta atá liostaithe anseo thíos, agus seol ríomhphost ar ais chuig esni@daera-ni.gov.uk roimh 5 i.n. ar 23 Nollaig 2019.

Ná déan dearmad a rá cé thú féin agus cén aois thú.

Tá sé chomh furasta sin. Úsáid ríomhphost AMHÁIN chun an Deis AN-MHÓR AMHÁIN a thapú agus tionchar fadtéarmach a bheith agat ar an timpeallacht s’againn.

#DEIS AN-MHÓR AMHÁIN

------------------------------------------------------

Freagra ar Cheist Uimh. 1

Pobail níos sláintiúla a fhorbairt trí dheiseanna a thabhairt dóibh a bheith taobh amuigh le chéile níos minice i spásanna poiblí insroichte agus maitheas a dhéanamh agus a mhothú go maith trí bheart praiticiúla ar son na timpeallachta.

Ba chóir go nascfadh sé seo le straitéisí eile a bhaineann le forbairt inbhuanaithe, meabhairshláinte agus folláine. Léiríonn an taighde na tairbhí a bhaineann le hobair dheonach do shláinte an duine trí chéile.

Freagra ar Cheist Uimh. 4

Gach duine óg a chur ar an eolas maidir le cliseadh na haeráide, cailliúint na fiabheatha agus truailliú plaisteach na mara agus cad é atá i ndán don todhchaí s’againn. Cuidigh linn bealaí a aimsiú chun feasacht a ardú agus beart a dhéanamh le chéile. Éigeandáil aeráide a fhógairt.

Freagra ar Cheist Uimh. 5

Níos mó airgid a infheistiú in iompar poiblí chun an spleáchas ar charranna a laghdú agus cáilíocht an aeir a fheabhsú.

Freagra ar Cheist Uimh. 7

Níos mó crainn dhúchasacha a chur. Tá an líon is lú crann againn i measc thíortha na hEorpa agus ba mhaith linn 20% den tír s’againn a bheith faoi chrainn: tábhachtach chun borradh a chur faoin dúlra.

Sochaí saor ó dhramhaíl a chruthú áit a n-úsáidimid níos lú, a gcuirimid amú níos lú agus a stopaimid truailliú sna farraigí s’againn. Agus caithfidh rud ar bith a úsáidimid, lena n-áirítear plaistigh aon-úsáide a bheith mar chuid de gheilleagar ciorclach dáiríre.

Cuidiú le gach duine foghlaim cén dóigh chun níos mó bia blasta áitiúil a fhás agus plandaí a chur ar fáil do na beacha pailnithe.

Freagra ar Cheist Uimh. 10

Iad uilig thuas.

Tá obair idir lámha ag Keep Northern Ireland Beautiful agus Oíche Chultúrtha & Lá (CNB) ag cuidiú leo ar an turas s’acu chun plaisteach aon úsáide a laghdú. Chun dlús a chur faoi, dhearbhaigh siad an Gealltanas Plaisteach s’acu, agus an tiomantas s’acu a dhéanamh poiblí agus gach duine a spreagadh chun teacht ar bord. Agus plaistigh aon úsáide á laghdú acu, is féidir leo dul ar ais chuig a nGealltanas Plaisteach am ar bith agus cuspóirí agus spriocanna nua a shocrú agus dreapadh níos airde suas ar chlár na ceannaireachta.

I mbliana, thóg CNB seasamh in aghaidh plaistigh, tá siad tiomanta don dramhaíl ar an láithreán a laghdú, do spriocanna glasa a bhaint amach agus dóigheanna níos inbhuanaithe a fhorbairt chun an t-imeacht s’acu a reáchtáil. Agus fíoraird acu ar an athchúrsáil, spreagann siad iad siúd atá ag freastal ar an fhéile a gcuid buidéal, cupán agus coimeádán bia in-athúsáide féin a thabhairt leo, agus meallann siad lucht trádála glacadh go fonnmhar le hearraí in-athúsáide agus iad a mholadh mar aon lena lán rudaí eile. Seiceáil an liosta glas atá acu chun tuilleadh eolais a fháil.

Rudaí simplí… is mór an t-athrú a dhéanann sé daoine a spreagadh chun a gcuid earraí in-athúsáidte a thabhairt leo chuig imeacht mar seo agus iad amuigh. Coimeádáin bia agus cupáin caifé polaistiréine, cuir i gcás, nach n-úsáidtear ach ar feadh roinnt bomaití chun cur leis an stíl mhaireachtála áisiúil a chleachtaimid, má sheachnaítear iad is lú i bhfad an méid dramhaíola ar an iomlán a phulcfar isteach sna córais bhailithe s’againn atá faoi róbhrú cheana féin. Má ghlacaimid bomaite chun stopadh, smaoineamh agus ullmhú, is féidir linn sult a bhaint as imeachtaí cosúil leis an cheann seo, ach gan cur leis an iarmhairt mhór bhruscair agus dramhaíola.

Bhí Tuairisceoirí Óga don Timpeallacht s’againn rannpháirteach chomh maith agus bhí deis ag scoláire amháin Maria Aaroy ó Ardscoil Naomh Doiminic agallamh a chur ar Joe Nawaz Bainisteoir Margaíochta & Cumarsáide ag CNB. Mhínigh Joe do Maria cén fáth ar shocraigh siad Gealltanas Plaisteach a dhéanamh, an tábhacht atá le CNB s bheith ina imeacht glas inbhuanaithe agus cad iad na mianta atá aige don todhchaí. Amharc air anseo.

Caithfidh achan duine a chion a dhéanamh chun úsáid sheafóideach phlaisteach a laghdú. Ba mhaith linn níos mó ócáidí, eagraíochtaí, daoine aonair Gealltanas Plaisteach a dhéanamh agus beart a dhéanamh. Sínigh do Ghealltanas Plaisteach anois!

Clé-Deas: Dr Francesca Di Palo, Oifigeach Tograí Éicea-Scoileanna; Susan Picken, Stiúrthóir CNBelfast; Maria Aaroy Ardscoil Naomh Doiminic agus Tuairisceoir Óg don Timpeallacht

Nuachtlitir Mheán Fómhair 2019

Georgina Black   Wed 16 Oct 2019

Nuachtlitir Mheán Fómhair

Tá tús rábach déanta againn!

An mhí seo bhí na milliúin duine óg agus duine fásta rannpháirteach i Stailc Dhomhanda ar son na hAeráide, bhí comhairlí gnóthach ag eagrú Cruinnithe Cnuasghrúpaí, agus rinne muintir Oíche Chultúrtha Bhéal Feirste a nGealltanas Plaisteach!

Nuachtlitir Mhí Lúnasa 2019

Georgina Black   Tue 03 Sep 2019

Nuachtlitir Mhí Lúnasa

Fáilte ar ais!

Bhí an samhradh i mbliana ar cheann de na cinn is taghdaí aimsir dár taifeadadh riamh. Is í an sprioc atá againn go mbeadh sí seo ar an bhliain is rathúla chun lorg carbóin na scoile s’agaibh a laghdú agus chun cuidiú leis an troid in éadan Chliseadh na hAeráide!

Nuachtlitir Mhí an Mheithimh 2019

Georgina Black   Mon 01 Jul 2019

Nuachtlitir Mhí Bealtaine

Go raibh maith agaibh uile as bliain eile rathúil den scoth a bheith ag Éicea-Scoileanna. An mhí seo, cuireadh deireadh leis na measúnachtaí le haghaidh Bhrat Glas 2018/19, agus comhghairdeas leis na scoileanna uilig a bhain Brat Glas amach i mbliana agus gabhaimid buíochas leis na measúnóirí iontacha uile as an obair thábhachtach a dhéanann sibh dúinn.

Ba mhaith linn fearadh na fáilte a chur roimh Georgina Black ar fhoireann Éicea-Scoileanna. Georgina an t-oifigeach nua ag Éicea-Scoileanna a bheas freagrach as Bratacha Glasa a eagrú. Bhí sí ina ball d’Éicea-Choiste a scoile, Glenlola Grammar School i mBeannchar, nuair a bronnadh á gcéad Bhrat Glas orthu sin. Ó shin, bronnadh céim Céad Onóracha uirthi i bPolaitíocht, Fealsúnacht agus Eacnamaíocht ag Ollscoil na Banríona. D’oibrigh sí ar thograí éagsúla caomhnaithe leis Na Saorálaithe Caomhnaithe (NSC/TCV) agus leis an Chumann Ríoga um Chosaint Éan (CRCÉ/RSPB) agus tá beacha agus tréad beag caorach sa bhaile aici.

Tá súil againn go mbeidh samhradh iontach agaibh ach sula n-imeoidh sibh, léigí an achoimre thíos agus cuimhnígí ar gach rath a bhí oraibh féin i rith na bliana chomh maith!

Nuachtlitir Mhí Bealtaine 2019

Niamh Nic Cana   Mon 03 Jun 2019

Nuachtlitir Mhí Bealtaine

Tá bliain eile den scoth le hÉicea-Scoileanna ag teacht chun deiridh. Gabhaimid buíochas ó chroí libh uilig ar son na mbeart iontach atá ar siúl agaibh – agus ná déanaigí dearmad bhur gcuid scéalta a roinnt ar na meáin shóisialta nó trí ríomhphost. Tá sárobair déanta ag scoileanna agus an Brat Glas á ghnóthachtáil acu i mbliana, 134 ar fad go dtí seo - agus tuilleadh le teacht i mí Mheithimh. Ba mhaith linn gach beannacht a ghuí ar Oifigeach Éicea-Scoileanna s’againn, Cathy, a bhíonn ag obair go dian dícheallach agus í ag imeacht uainn ar saoire mháithreachais níos moille i mí Mheithimh.

Nuachtlitir Aibreán 2019

Niamh Nic Cana   Thu 02 May 2019

Nuachtlitir Aibreán

Tá súil againn go raibh sos iontach agaibh uilig um Cháisc! Agus muid ag seoladh linn isteach sa téarma deireanach den scoilbhliain seo, tá súil againn go bhfuil sibh uilig ag smaoineamh ar roinnt ceachtanna a thabhairt taobh amuigh, síolta a chur sna gairdíní, bruscar a thógáil, aire a thabhairt don fhiabheatha agus na cosa a shíneadh agus sibh ag siúl ar scoil. Gheobhaidh sibh neart smaointe anseo thíos faoi dhóigheanna le bheith rannpháirteach. Táimid faoi lán seoil anois leis an mheasúnú ar an Bhrat Ghlas don téarma deireanach seo agus iarraimid oraibh a bheith foighdeach linn agus muid ag eagrú bhur gcuid measúnuithe ag an am an-ghnóthach seo!

Nuachtlitir Márta 2019

Niamh Nic Cana   Tue 02 Apr 2019

Nuachtlitir Márta

Is deacair againn a chreidiúint go bhfuil Comhdháil na Múinteoirí thart go ceann bliain eile – agus nach lá den scoth a bhí againn! Gabhaimid buíochas leis na scoileanna uilig a d’fhreastail agus a chuidigh ar an lá. Léigh tuilleadh faoi seo thíos agus faoin nuathopaic iontach Fiadhúlra Muirí. Tá buíochas ag dul do na scoileanna sin a sheol isteach iarratais ar Bhrat Ghlas roimh an spriocdháta – beimid ar ár seacht ndícheall chun an measúnú s’agaibh a shocrú roimh dheireadh na scoilbhliana ach is féidir go nglacfaidh sé seo beagán ama a eagrú. Mar sin de bígí foighneach linn. Cuirimid fáilte is fiche roimh iarratais go fóill ach arís is féidir nach mbeidh deis againn iad a mheas ag an phointe seo i mbliana.

Nuachtlitir Feabhra 2019

Niamh Nic Cana   Tue 02 Apr 2019

Nuachtlitir Feabhra

Tá an sos leath-théarma fágtha inár ndiaidh againn agus táimid ag imeacht linn ar chos in airde i dtreo roinnt imeachtaí móra roimh shos na Cásca; go speisialta Comhdháil na Múinteoirí ar an 21 Márta – níl agat ach go dtí 7 Márta le clárú don ócáid chinniúnach seo, mar sin ná dean moil ar bith! Ná dean dearmad tá an spriocdháta don chéad Bhrat Glas ann ar 15 Márta agus táimid ag súil lena lán iarratas a fháil. Tá leathanach pinterest ag Éicea-Scoileanna Thuaisceart Éireann anois ar a mbíonn acmhainní úsáideach do na 10 dtopaic, breathnaigh anseo air le haghaidh smaointe inspioráideacha. Lainseáil muid fosta roinnt nuachomórtais iontacha le Translink agus leis an Údarás Oideachais, léigh leat go bhfaighidh tú níos mó amach!

Nuachtlitir Eanáir 2019

Niamh Nic Cana   Mon 04 Feb 2019

Nuachtlitir Eanáir

Tá súil againn gur chuir sibh uilig tús den scoth leis an Bhliain Úr. Is bliain cheiliúrtha dúinne í 2019 cionn is gurb é comóradh 25 bliain chlár Éicea-Scoileanna é. Ba bhreá linn grianghraif nó cuimhní ar bith ó na luathbhlianta den chlár i do scoilse a fheiceáil agus a roinnt – cuirigí chuig Ruth iad. Beidh ár gcead mhórimeacht ceiliúrtha againn ar 21 Márta ag Comhdháil na Múinteoirí – táimid ag súil go mór lena lán agaibh a fheiceáil i láthair aige sin!

Ruth, Cathy & Francesca

nuachtlitir Éicea-Scoileanna na Nollaig 2018

Niamh Nic Cana   Mon 17 Dec 2018

Nuachtlitir Dheireadh Fómhair

Beannachtaí na Féile ar gach duine!

Bhí Foireann Éicea-Scoileanna fíorghnóthach le mí anuas agus iad ag freastal ar chomhdhálacha spreagúla agus ag cur i láthair ceardlanna. Léifidh sibh níos mó faoi sin thíos. Is eol dúinn fosta go bhfuil scoileanna i modh spraoi na Féile ag an tráth seo agus is mór linn dáiríre an t-am a thugann sibh dúinn le linn am gnóthach seo na Nollag.

Tá súil againn go mbeidh saoire iontach agaibh agus táimid ag súil le bhur scéalta uilig a chluinstin san Athbhliain.

Ruth, Cathy & Francesca

Éicea-Scoileanna Nuachtlitir Dheireadh Fómhair!

Niamh Nic Cana   Tue 30 Oct 2018

Nuachtlitir Dheireadh Fómhair

Is deacair againn a chreidiúint go bhfuil an sos leath-théarma linn cheana féin! Buíochas mór leis na scoileanna uilig a chláraigh linn do na feachtais agus a chuaigh i dteagmháil linn go dtí seo i mbliana. Cúis mhór áthais dúinn fosta freastal den scoth a fheiceáil ag na cruinnithe cnuasghrúpaí. Míle buíochas leis na comhairlí a d’eagraigh na cruinnithe seo agus leis na scoileanna a d’óstáil iad chomh hiontach sin. Bíodh sos Samhna taibhseach agaibh uilig!

Ruth, Cathy & Francesca

Nuachtlitir Mheán Fómhair 2018

Niamh Nic Cana   Thu 04 Oct 2018

Nuachtlitir Mheán Fómhair

Tá súil againn go bhfuil gach rud faoi lán seoil ar scoil, is doiligh a chreidiúint go bhfuil an chéad mhí istigh cheana féin! Is iomaí smaoineamh iontach atá againn le roinnt libh féin agus le bhur gcuid Éicea-Choistí chun meabhrú orthu agus páirt a ghlacadh iontu i mbliana.

Ruth, Cathy & Francesca

Nuachtlitir Lúnasa 2018

Niamh Nic Cana   Wed 29 Aug 2018

Nuachtlitir Lúnasa

Fáilte ar ais! Tá súil againn go raibh sos iontach agaibh an samhradh seo. Táimid tógtha faoin bhliain amach romhainn agus faoi na tograí, na himeachtaí, agus na gradaim iontacha a mbeidh muid ag obair orthu i gcuideachta libh. Coinnigh súil ar an nuachtlitir, na ríomhphoist agus na meáin shóisialta do na scéalta is deireanaí ar fad.

Tá lúcháir orainn a bheith ag cur fáilte roimh bhall úr foirne, Francesca Di Palo. Cluinfidh sibh uaithi i rith na bliana faoi thionscadail ar dóigh le páirt a ghlacadh iontu.

Ruth, Cathy & Francesca

Nuachtlitir Mhí Mheithimh

Niamh Nic Cana   Tue 03 Jul 2018

Nuachtlitir Mhí Mheithimh

Is doiligh a chreidbheáil go bhfuil scoilbhliain eile thart! Maith sibh gach duine a chuir a oiread sin ama agus díograise isteach i gclár Éicea-Scoileanna i mbliana. Tá a fhios againn ach ab é bhur gcuid oibre ní bheadh an clár ann ar chor ar bith – mar sin de buíochas libh go léir!

Gabhaimid míle buíochas fosta lenár gcuid leantóirí, comhpháirtithe agus urraithe iomadúla a chuidíonn linn seó Éicea-Scoileanna a choinneáil ar an bhóthar.

Bliain chur iarrachta eile a bhí ann i dtaca le bratacha a bronnadh agus tograí a raibh rath orthu. Léigí ar aghaidh le fáil amach agus le feiceáil cad é atá bainte amach ag roinnt scoileanna i mbliana.

Tá súil againn go mbeidh samhradh iontach agaibh uilig agus muid ag dréim le bheith ag obair libh ar bhliain iontach eile an bhliain seo chugainn.

Nuachtlitir Mhí Bealtaine

Niamh Nic Cana   Mon 11 Jun 2018

Nuachtlitir

Ba ghnóthach amach is amach iad míonna Aibreáin agus Bealtaine chun tionscadail a chríochnú agus buaiteoirí a fhógairt. Is cúis mhór áthais dúinn buaiteoirí Dhúshlán Dramhaíl Bhia agus Dhúshlán Mór Wheelie Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste a fhógairt.

Gabhaimid buíochas ó chroí leis na scoileanna uilig a ghlac páirt fosta i nDúshlán Taistil Translink – Táimid ag cur na dtorthaí i dtoll a chéile agus fógróimid iad i nuachtlitir na míosa seo chugainn.

Comhghairdeas leis na scoileanna a bhí páirteach i nGlantóireacht Mhór an Earraigh- ná déan dearmad do chuid torthaí a chlárú ar shuíomh gréasáin Live Here Love Here agus ar ndóigh is fiú go mór na sonraí céanna a logáil ar son Éicea-Scoileanna fosta!

Event Special newsletter

Niamh Nic Cana   Tue 08 May 2018

Nuachtlitir

Is deacair againn anseo ag Éicea-Scoileanna a creidiúint chomh gasta a d’eitil mí Aibreáin thart linn. Tá súil againn nach fada uainn bláthanna na Bealtaine i ndiaidh cheathanna Aibreáin!

Tá Éicea-Scoileanna TÉ ar lorg Oifigeach Tionscadaíl nua ar bhonn lánaimseartha seasta. Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt le do thoil ar shuíomh idirlín Keep Northern Ireland Beautiful. Is é an 9 Bealtaine an spriocdháta.

Bhí lúcháir orainn Comhdháil na Múinteoirí a cuireadh ar athlá a óstáil ar 20 Aibreán agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch ag Campas Greenmount den Choláiste Talmhaíochta, Bia agus Fiontraíocht Tuaithe (CAFRE). Gabhaimis buíochas ó chroí leis an Roinn Talmhaíochta, Timpeallachta agus Gnóthaí Tuaithe (RTTGT/DAERA) as lá den scoth a reáchtáil dúinn.

Díríonn an nuachtlitir seo ar thorthaí an imeachta sin, orthu siúd a fuair gradaim agus buaiteoirí Éicea-Mhúinteoir na Bliana. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi thionscadail, breathnaigh siar ar nuachtlitir Lár-Aibreáin nó ar an suíomh idirlín.

Tá súil againn go mbainfidh tú sult as an nuacht uilig ón imeacht ar leith seo.

Nuachtlitir Aibreáin 2018

Niamh Nic Cana   Mon 16 Apr 2018

Nuachtlitir Aibreáin

Tá súil againn go raibh Cáisc mhaith agaibh uilig agus go bhfuil sibh réidh le tabhairt faoi théarma lánghníomhach an tsamhraidh. Mar gheall ar bhriseadh na Cásca, táimid ag seoladh na nuachtlitreach seo i lár Aibreáin agus beimid ag seoladh nuachtlitir eile i gcomhair Ócáid Speisialta ag deireadh mhí Aibreáin agus na scéalta is deireanaí ó Chomhdháil na Múinteoirí ar 20 Aibreán.

Gabhaimid buíochas ó chroí leis na múinteoirí agus leis na Comhpháirtithe Seachadta a chláraigh le Comhdháil na Múinteoirí a bhí curtha ar an mhéar fhada, mar gheall ar an sneachta, buíochas ó chroí libh as bhur gcuid foighde. Tá áthas an domhain orainn go bhfuil gach duine ábalta teacht ar an dáta nua agus táimid ag súil go mór le fáilte a chur romhaibh chuig imeacht a bheas go hiontach, de réir gach dealraimh.

Buíochas ar leith leis na múinteoirí uilig a sheol isteach iarratas ar an Bhrat Glas roimh spriocdháta an Mhárta. Beidh Cathy ar a dícheall ag obair chun bhur ndátaí measúnaithe a eagrú sna míonna amach romhainn. Agus i dtaca leo siúd nár éirigh leo an spriocdháta a bhaint amach, is féidir go fóill iarratas a sheoladh isteach ar mheasúnú na bliana seo chugainn.

Léigí libh faoi smaointe le haghaidh tionscnaimh a bhféadfadh sibh a bheith rannpháirteach iontu an téarma seo agus tuilleadh scéalta lena chois sin!

Nuachtlitir Feabhra

Niamh Nic Cana   Tue 13 Mar 2018

Nuachtlitir Feabhra

Is muid a bhí gnóthach le mí anuas anseo ag Éicea-Scoileanna agus neart scoileanna rannpháirteach i nDúshlán Dramhbhia, Tuairisceoirí Óga don Timpeallacht, agus Dúshlán Taistil Translink.

Gabhaimid buíochas leis na scoileanna uilig a sheol isteach iontrálacha d’ Éicea-Mhúinteoir na Bliana, baineadh siar asainn ó thaobh cháilíocht na n-iontrálacha, agus fuair muid os cionn 40 ainmniúchán. Níorbh fhurasta buaiteoir a roghnú. Táimid fíorbhuíoch go bhfuil oiread múinteoirí dochreidte agus spreagúla ag obair ar an chlár seo a bhfuil ardmheas ag a gcuid daltaí orthu. Gabhaimid buíochas ó chroí libh as an obair den scoth a dhéanann sibh.

Nuachtlitir Eanáir 2018

Niamh Nic Cana   Wed 31 Jan 2018

Nuachtlitir Eanáir

Ar aghaidh linn isteach sa bhliain úr le teann díograise. Tá oiread sin rudaí le bheith rannpháirteach iontu agus le bheith ag súil leo sa téarma amach romhainn, ina measc Comhdháil Múinteoirí Éicea-Scoileanna ar 2 Márta agus neart tionscadail eile den scoth.

Comhghairdeas leis na scoileanna uilig a sheol isteach iarratais ar Bhrat Glas roimh an spriocdháta 10 Eanáir. Is mór againn an olliarracht a chuireann sibh isteach ann agus is aoibhinn linn a bheith ag léamh faoin obair éachtach a bhíonn ar siúl agaibh. Tugann sibh an-spreagadh dúinn i rith an ama.

Ba mhaith linn fáilte a chur roimh an 11 Measúnóir nua don Bhrat Glas agus ár mbuíochas a ghabháil leo as freastal ar an oiliúint an mhí seo. Táimid ag súil go mór le bheith ag comhoibriú libh.

Ruth, Cathy & Chris

Nuachtlitir na Nollag 2017

Niamh Nic Cana   Tue 19 Dec 2017

Éicea-Scoileanna Nuachtlitir na Nollag

Is deacair a chreidbheáil go bhfuil an chéad téarma thart cheana féin – cár imigh an t-am? Sula n-imeoidh sibh libh ba mhaith linn roinnt smaointe a thabhairt daoibh le meabhrú orthu don chéad téarma eile.

Tá tréan ama ann go fóill le páirt a ghlacadh sa Dúshlán Dramhaíola, Tuairisceoirí Óga don Timpeallacht, Dúshlan Mór Wheelie (Béal Feirste), Dúshlán Taistil Translink agus Briseadh ar Bhalcaisí – léigí fúthu uilig thíos chomh maith le roinnt imeachtaí spreagúla ata ag teacht aníos.

Thar rud ar bith eile ba mhian linn Nollaig Mhór Mhaith a ghuí oraibh uilig agus Bliain Úr faoi Mhaise. Tá súil againn go mbaine sibh taitneamh as scíste atá tuillte go maith agus as deoch de bhur rogha féin!

Ruth, Cathy agus Chris

Éicea-Scoileanna Nuachtlitir na Samhna

Agus an lá ag giorrú agus an Nollaig ag druidim linn, bhí muid ag smaoineamh go mór faoi dhramhbhia anseo ag Éicea-Scoileanna. Tá an Dúshlán Dramhaíola á fhorbairt againn agus táimid tógtha faoi na bunscoileannna a bheith páirteach trí ghníomhaíochtaí Éicea-Scoileanna agus na hiar-bhunscoileanna trí Thuairisceoirí Óga don Timpeallacht.

Is breá linn cur in iúl gurb é 2 Márta an dáta i mbliana do Chomhdháil Éicea-Scoileanna do Mhúinteoirí a bheas ag CAFRE Greenmount.

Ba mhaith linn a chur i gcuimhne do scoileanna ar mian leo a mBrat Glas a athnuachan in 2018 gurb é 10 Eanáir 2018 an spriocdháta d’iarratais athnuachana.

Léigh ar aghaidh chun tuilleadh eolais a fháil ar na scéalta seo.

Nuachtlitir Dheireadh Fómhair 2017

---   Tue 31 Oct 2017

Nuachtlitir Dheireadh Fómhair

Ba ghnóthach an mhí í Deireadh Fómhair ag Éicea-Scoileanna agus muid ag seoladh neart tionscadail nua: tá Dúshlán Taistil Translink, Dúshlán Mór Wheelie do scoileanna Bhéal Feirste, Dúshlán na Dramhaíola do gach scoil ar fud Thuaisceart Éireann agus Tuairisceoirí Óga don Timpeallacht uilig réidh le dul.

Léigh faoi na tionscadail seo uilig thíos agus lean na naisc chun a bheith rannpháirteach. Is iomaí scéal suimiúil nuachta agus smaointe gníomhaíochta againn duit ónár bpáirtnéiri i gcóngar agus i gcéin.

Tá Feachtas ‘Gan Bhruscar’ Wrigley anois lán don bhliain. Gabhaimid buíochas leis an 30 scoil atá cláraithe chun a bheith páirteach ann.

Nuachtlitir Mheán Fómhair 2017

---   Tue 03 Oct 2017

Nuachtlitir Mheán Fómhair

Agus siúd uainn Meán Fómhair! Is muid a bhí gnóthach ag ullmhú ár gcuid tionscadal don scoilbhliain amach romhainn agus cheana féin tá cuid acu faoi lán seoil. Tá súil againn go bhfuil sibh uilig ar ais i mbun oibre agus réidh don bhliain amach romhaibh.

Ná cailligí an t-eolas tábhachtach ar na hathruithe i bpróiseas iarratais an Bhrait Ghlais agus na spriocdhátaí nua don bhliain mar a léirítear thíos.

Tá pleanálaí tionscadail Éicea-Scoileanna anois beo sa Scoilzón ar líne áit ar féidir leat clárú le haghaidh tionscnaimh spreagúla na bliana seo.

Nuachtlitir Lúnasa 2017

---   Fri 08 Sep 2017

Nuachtlitir Lúnasa

Fáilte romhaibh ar ais! Tá súil againn go raibh samhradh iontach agaibh. Bliain thar barr ar fad a bhí againn in 2016-17 i dtaca le Brait Ghlasa d’Éicea-Scoileanna. Comhghairdeas le gach scoil ar éirigh leo gradaim a bhaint amach anuraidh.

Le fanacht suas le rath an chláir tá uasdátú déanta againn ar phróiseas iarratais s’againn don Bhrat Glas mar sin de léigí go cúramach na hathruithe atá luaite thíos agus tugaigí faoi deara spriocdhátaí nua na n-iarratas in 2017/18.

Táimid féin ag mothú chugainn féin arís, muid uilig réidh le haghaidh scoilbhliain úr agus tionscadail nua spreagúla amach romhainn agus táimid ar bís le bheith ag obair libh go léir arís i mbliana.

Seo bhur sláinte agus go mba seacht bhfearr sinn bliain ó inniu!

Nuachtlitir Mhí Mheithimh 2017

---   Mon 03 Jul 2017

Nuachtlitir Mhí Mheithimh

Bliain thar barr ar fad a bhí againn arís i dtaca le measúnuithe don Bhrat Glas agus measúnú dearfach déanta ar 149 scoil i mbliana. Comhghairdeas le gach duine ar éirigh leo Brat Glas a bhaint amach sa scoilbhliain seo!!

Bhí mí an Mheithimh gnóthach agus muid ag ceiliúradh rath a dtionscadail le Translink, Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus Tuairisceoirí Óga don Timpeallacht. Léigí tuilleadh fúthu sin thíos.

Is mian linn buíochas a ghlacadh lenár gcuid scoileanna iontacha ar fad as ucht na hoibre a rinne siad i rith na bliana agus guímid samhradh den scoth oraibh uilig go léir!!

Nuachtlitir Mhí Bhealtaine

---   Wed 31 May 2017

Nuachtlitir Mhí Bhealtaine

Cuirtear deireadh an mhí seo le roinnt príomhthionscadail; Dúshlán Taistil Translink, Dúshlán Mór Wheelie, TÓT/YRE agus Feachtas Gan Bhruscar Wrigley. Comhghairdeas leis na scoileanna go léir a ghlac páirt. Táimid ag dréim leis na torthaí a roinnt libh an chéad mhí eile.

Tá súil againn go dtaitneoidh nuacht agus eolas uilig na míosa seo libh!